Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuilleadh Eolais

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

Treoracha chuig foinsí tacaíochta inrochtana iontaofa:

Tá Samaritans ar fáil 24 uair an chloig gach lá le haghaidh tacaíochta rúnda neamhbhreithiúnaí.

Cuireann Pieta réimse seirbhísí um chosc ar fhéinmharú agus ar fhéindíobháil agus seirbhísí méala ar fáil.

  • Saorghlao 1800 247247 am ar bith de lá nó d’oíche.
  • Cuir an téacs HELP chuig 51444 (beidh gnáthrátaí teachtaireachtaí i bhfeidhm).
  • Tabhair cuairt ar www.pieta.ie.

Is seirbhís tacaíochta teachtaireachtaí saor in aisce gan ainm é Text About It.

  • Cuir an téacs HELLO chuig 50808 am ar bith de lá nó d’oíche.
  • Tabhair cuairt ar www.textaboutit.ie, áit a bhfuil rogha WhatsApp ar fáil freisin.

Tabhair cuairt ar www.yourmentalhealth.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas aire a thabhairt do do mheabhairshláinte, tacaíocht a thabhairt do dhaoine eile agus seirbhís tacaíochta a aimsiú i do cheantar. Is seirbhís teileafóin í líne faisnéise Your Mental Health FSS ar féidir leat glaoch uirthi chun faisnéis a fháil faoi thacaíochtaí agus seirbhísí meabhairshláinte agus faoin gcaoi le rochtain a fháil orthu. Saorghlao 1800 111 888 am ar bith de lá nó d’oíche.

Is féidir le fir cuairt a thabhairt freisin ar www.yourmentalhealth.ie/men chun faisnéis a fháil faoi thacaíocht chomhairleoireachta atá saor in aisce agus inrochtana. Mar shampla, is féidir le fir anois sé sheisiún chomhairleoireachta saor in aisce a fháil le MyMind, trí dhochtúir teaghlaigh. Tá tacaíocht teileafóin saor in aisce rúnda d’fhir ar fáil anois freisin ó Connect Counselling, seacht lá na seachtaine idir 5.00pm agus 9.00pm – ar 1800 577 577.

Nótaí do na Meáin:

Más iriseoir nó gairmí meán thú atá ag tuairisciú ar ábhar a bhaineann le féinmharú, lean Treoirlínte Meán Samaritans Ireland maidir le Tuairisciú ar Fhéinmharú agus Féinmharú a Chosc, acmhainn do ghairmithe meán de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte, mar gheall ar na hiarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh teacht as tuairisciú mífhreagrach.

Mar shampla, tá an-acmhainneacht díobhála ag baint le cur síos ar mhodh nó ar bhealach féinmharaithe nó féindíobhála (go háirithe do dhaoine atá faoi bhrón nó atá ag mothú leochaileach) agus d’fhéadfadh sé iompar foghlamtha nó aithriseach a chruthú (go háirithe i measc daoine a d’fhéadfadh a bheith i mbaol).

Molann na treoirlínte go láidir comharthaíocht chuig foinsí tacaíochta inrochtana iontaofa a chur san áireamh do dhuine ar bith a mbíonn tionchar ag na téamaí in aon chlúdach orthu.

Tuilleadh faisnéise do chógaiseoirí agus d’fhoirne cógaslainne

  • Tá ábhar cumarsáide agus acmhainní FSS ar fáil anseo.
  • Tá Treoirlínte Chumann Cógaiseoirí na hÉireann maidir le Táirgí Íocshláinte a Dhiúscairt i nGnólacht Cógaisíochta Miondíola ar fáil anseo.

Tá faisnéis faoi conas cineálacha eile dramhaíola a bhainistiú ar fáil ar na suíomhanna seo a leanas

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat