An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ceapacháin chuig Bord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh:
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh/a athcheapadh mar chomhaltaí de Bhord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh.
Dawn Russell
Is í Dawn Russell Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Ana Liffey, seirbhís um chuimsiú sóisialta a bhíonn ag obair le daoine atá thíos le díobhálacha sóisialta, lena n-áirítear andúil, easpa dídine agus foréigean baile.Bhain sí céim BA (Onóracha) sa Chúram Sóisialta amach ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath in 2007 agus chuir sí tús lena gairm bheatha ar an túslíne mar oibrí cásanna le Ana Liffey.Ó shin i leith, tá céim mháistreachta i dTéarnamh ó Andúil bainte amach ag Dawn i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus tá sí i mbun PhD faoi láthair i réimse an chaipitil téarnaimh.Mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Ana Liffey, stiúrann sí foirne ina bhfuil oibrithe cúraim shóisialaigh, teiripeoirí saothair, síceolaithe, comhairleoirí agus altraí chun cúram atá an-inrochtana agus curtha in oiriúint do riachtanais gach duine aonair a chur ar fáil do dhaoine leochaileacha ar fud Bhaile Átha Cliath, Luimnigh, an Chláir, Thiobraid Árann agus Lú.