Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chuig an mBord Árachais Sláinte Shaorálaigh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tar éis feachtas sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus le cead ó Bhanc Ceannais na hÉireann, cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, na daoine seo a leanas mar bhaill den Bhord Árachais Sláinte Shaorálaigh. Tá na ceapacháin seo ón 28 Eanáir 2021 go 27 Eanáir 2026

Iníon Karen Furlong

Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin taithíoch í Karen Furlong a bhfuil taithí de bhreis ar 25 bliain aici in airgeadas, teicneolaíocht, árachas, claochlú digiteach, forbairt straitéise, claochlú gnó, dearadh eagraíochta agus bainistíocht athruithe. Ball d’Institiúid na Stiúrthóirí í Iníon Furlong agus ceapadh í le déanaí leis an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta. Tá róil Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin aici faoi láthair i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.

An tUasal Peter Cross

Cuntasóir cairte agus Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin (SNF) é Peter Cross atá ag oibriú faoi láthair mar SNF le Ervia (áit a ndéanann sé cathaoirleacht freisin ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca) agus le Cubic Telecom. Bhí róil shinsearacha feidhmiúcháin aige in eagraíochtaí móra agus coimpléascacha, mar shampla, mar Phríomhoifigeach Airgeadais Eircom agus BT Openreach, agus mar Stiúrthóir Airgeadais Chorparáidigh Grúpa ag BT i Londain. Is Stiúrthóir Bainistíochta Trasna Corporate Finance é an tUasal Cross freisin agus tá sé ag oibriú sa phost seo ón mbliain 2011 ar aghaidh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat