An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Ceapachán ar Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tar éis feachtais ar Poistphoiblí, cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly an tUasal Jennifer Carey ar Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála le héifeacht ón 5 Samhain 2024 go dtí an 4 Samhain 2027:
An tUasal Jennifer Carey
Rinneadh ball de bhord an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála de Jennifer Carey i mí na Nollag 2024. Tá Jennifer ina Bainisteoir Ginearálta ar Líonra Oinceolaíochta Radaíochta Naomh Lúcás (SLRON) i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Chuir sí tús lena gairm mar Altra Ginearálta Cláraithe agus mar Altra Leanaí agus fuair sí an-taithí i gCúram Sláinte Péidiatraiceach. Le linn a sealaíochta in Ospidéal na Leanaí in Éirinn d’oibrigh Jennifer mar Cheann na n-Oibríochtaí freisin agus bhí sí freagrach as prótacail agus spriocanna FSS maidir le cúram sceidealta agus neamhsceidealta a chur i bhfeidhm.
Tá suim ar leith ag Jennifer i rialachas agus in acmhainní daonna, ar nithe iad a bhí lárnach i gcur chun cinn mhisean SLRON maidir le cóireáil ar ailse agus seirbhísí tacaíochta ardchaighdeán a sholáthar d’othair agus dá dteaghlaigh.
Tá Jennifer Carey ina ball de bhord iontaobhaithe Children in Hospital, tá MBS aici sa Ghnó agus Straitéis Acmhainní Daonna agus tá sí ar tí tús a chur le Dioplóma sa Rialachas Corparáideach.