Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig Bord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Iúil 2017
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an duine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Simon Harris TD, mar bhall agus mar Chathaoirleach ar Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála. Mairfidh an ceapachán seo ón 3 Meitheamh 2017 go dtí an 2 Meitheamh 2020.

An tUasal John Horan

Athcheapadh John Horan mar Chathaoirleach an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) an 3 Meitheamh 2017.Ceapadh é roimhe seo mar Chathaoirleach ar an NTPF in 2010, tar éis dó a bheith ina Stiúrthóir agus ina Chathaoirleach ar an gCoiste Airgeadais agus Iniúchóireachta. D’fhóin sé roimhe seo i róil éagsúla i nGrúpa Aer Lingus ar feadh breis agus 23 bliain agus bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Chónaidhm Óstáin na hÉireann ar feadh seacht mbliana agus ar Veterinary Ireland ar feadh deich mbliana. Tá sé anois ina Chomhalta Oinigh Saoil den eagraíocht náisiúnta do ghairm na Tréidliachta. Ar feadh blianta fada rinne sé ionadaíocht ar na hearnálacha seo ag leibhéil na Comhairle agus an Bhoird i raon eagraíochtaí Náisiúnta agus Eorpacha. Tá sé ina Chomhalta ainmnithe IBEC den Bhinse Achomhairc Fostaíochta agus bhain sé amach Máistreacht san Eolaíochta i gCleachtas Bainistíochta - MSc (Mgmt) - ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Nuashonrú: Tá a théarma sínte go dtí an 2 Meitheamh 2021.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat