Ceapachán chuig Bord Ospidéal San Séamas – 17 Nollaig 2019

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig Bord Ospidéal San Séamas – 17 Nollaig 2019

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Eanáir 2020
  • An t-eolas is déanaí: 3 Eanáir 2020

Ar ainmniú Chathaoirleach an Bhoird, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, Hilary Coates Uas. a cheapadh mar chomhalta de Bhord Ospidéal San Séamas. Mairfidh an ceapachán ón 17 Nollaig 2019 go dtí an 16 Nollaig 2025.

Hilary Coates Uas.

Tá Hilary Coates ina ceannaire feidhmiúcháin an-éifeachtach, atá uaillmhianach, dírithe ar an othar agus feasach ó thaobh cúrsaí tráchtála de. Tá taithí fhairsing agus eolas domhain aici ar obair a dhéanamh in eagraíochtaí casta móra cúram sláinte in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá teist chruthaithe aici ar éachtaí a ghnóthú ar leibhéal straitéiseach agus oibriúcháin in eagraíochtaí nuathionscanta agus dinimiciúla náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá Hilary ina Ceann ar an Earnáil Sláinte le Banc na hÉireann, Plaza Bhagóid, faoi láthair. Bhí sí ina Ceann ar Rialáil Cúram Sláinte leis an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte agus ina Comhairleoir Sábháilteachta Othar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte roimhe seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat