Ceapachán chuig Comhairle na nDochtúirí Leighis
- Foilsithe: 10 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ar ainmniú Chumann na nOspidéal Príobháideach, cheap An tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., an duine seo a leanas mar bhall de Chomhairle na nDochtúirí Leighis le héifeacht ón 08 Nollaig 2021 go 31 Bealtaine 2023:
An tUasal Bill Maher
Is ceannaire rathúil é An tUasal Maher a bhfuil cuntas teiste aige maidir le straitéis a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun fás agus cúram ardchaighdeáin d’othair a sholáthar, feidhmíocht a fheabhsú agus athrú ó bhonn a threorú. Tá taithí shuntasach aige ar leibhéal an Bhoird agus na bainistíochta sinsearaí sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn san Earnáil Phríobháideach agus Phoiblí. Tá sé fostaithe faoi láthair mar Phríomhfheidhmeannach Grúpa ar Chóras Sláinte Bon Secours, an Soláthraí Ospidéil Phríobháidigh is mó in Éirinn. Tá MSc aige i TF agus MBA chomh maith le BA (Onóracha) sa Dlí agus BA (Onór.) sa Chuntasaíocht.