Ceapann an tAire Sláinte na comhaltaí den Choiste um Dhearbhú Toilithe Taighde Sláinte

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapann an tAire Sláinte na comhaltaí den Choiste um Dhearbhú Toilithe Taighde Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Márta 2019
  • An t-eolas is déanaí: 6 Meitheamh 2019

Cheap Simon Harris TD, an tAire Sláinte, 15 dhuine mar chomhaltaí den Choiste um Dhearbhú Toilithe Taighde Sláinte.

Foráiltear don Choiste um Dhearbhú Toilithe sna Rialacháin um Thaighde Sláinte a ndearnadh an tAire iad faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

Foráiltear leis na Rialacháin do choimircí atá bainteach leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí d’ábhair shonraí nuair atá a sonraí pearsanta á bpróiseáil chun críocha taighde sláinte.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris:

“Rud lena mbaineann tábhacht ollmhór dár gcóras sláinte is ea taighde sláinte. Is é cuspóir na Rialachán um Thaighde Sláinte, dá bhrí sin, ná tacú le taighde sláinte trí mhuinín riachtanach an phobail as an taighde sin a chur chun cinn.

“Agus iad comhsheasmhach lenár gcóras dlí, leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta i dtaighde sláinte agus le cumhachtú othar, foráiltear leis na Rialacháin gurb é an staid réamhshocraithe le haghaidh sonraí pearsanta a phróiseáil ar son taighde sláinte ná go dteastaíonn toiliú sainráite an ábhair sonraí”.

Dúirt an tAire freisin:

“Faoi mar atá amhlaidh i dtíortha eile, aithnítear go dtarlaíonn sé i roinnt bheag cúinsí nach féidir toiliú a fháil le haghaidh tionscadail taighde sláinte lena ngabhann an-fhiúntas. Chuige sin, foráiltear leis na Rialacháin do Choiste oscailte neamhspleách ilchineálach a fhéadfaidh dearbhuithe toilithe a thabhairt, rud a chuirfeadh ar chumas taighdeoirí sonraí pearsanta a bhailiú agus a úsáid gan toiliú sainráite an ábhair sonraí i gcúinsí an-sonrach.

“Chun an duine aonair a chosaint, ní fhéadfaidh an Coiste dearbhuithe toilithe a thabhairt ach amháin i gcás nach féidir toiliú a fháil agus i gcás gur mó go mór leas an phobail sa taighde lena mbaineann a dhéanamh ná an gá le toiliú. Ní hé amháin go rachaidh an próiseas sin chun tairbhe do thaighdeoirí, ach cinnteoidh sé freisin go dtuigeann an pobal na cúiseanna a dtugtar dearbhuithe toilithe.”

Tá a shuíomh Gréasáin féin ag an gCoiste ag www.hrcdc.ie

Ar shuíomh Gréasáin an Choiste, iarradh léirithe spéise ó aon duine ar mhaith leis nó léi fónamh ar an gCoiste agus is ag teacht sna sála ar na léirithe spéise sin a ceapadh an-chuid de na comhaltaí. Chuathas i dteagmháil le daoine eile go díreach ar an mbonn go bhfuil cáilíochtaí foirmiúla ábhartha nó taithí ghairmiúil ábhartha acu a d’fhéadfadh cabhrú leis an gCoiste gnéithe ar leith d’iarratais a thuiscint.

Mar thoradh air sin, tá an Coiste comhdhéanta de mheascán éagsúil daoine ó chúlraí difriúla, lena n-áirítear daoine den phobal, othair agus cúramóirí. Is í Brigid McManus, iarArd-Rúnaí ar an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Cathaoirleach.

Ag labhairt dó faoi na comhaltaí den Choiste, dúirt an tAire:

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhaltaí den Choiste as a thoilteanaí atá siad fónamh ar an gCoiste agus guím gach rath orthu ina gcuid oibre. Ba mhaith liom an deis seo a thapú buíochas a ghabháil le gach duine a léirigh spéis i bhfónamh ar an gCoiste.”

Foráiltear leis na Rialacháin um Thaighde Sláinte do cheapadh 21 chomhalta ar a mhéad. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAire tuilleadh comhaltaí a cheapadh sna míonna atá le teacht, bunaithe ar chineál agus raon feidhme na n-iarratas arna bhfáil ag an gCoiste.

Tá ceapadh an Choiste ina chéim thábhachtach i dtreo feabhas a chur ar rialachas i dtaighde sláinte in Éirinn ó thaobh na trédhearcachta agus na hoscailteachta de, ar nithe iad atá ina gcuid dhílis de mhuinín an phobail agus de rath fadtéarmach an taighde sláinte.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Tá faisnéis faoi chomhaltaí an Choiste um Dhearbhú Toilithe Taighde Sláinte agus beathaisnéisí comhaltaí ar fáil anseo

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat