Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tionólann an Chomhairle Chomhairleach um Thrialacha Cliniciúla (CTAC) a céad chruinniú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, roimh bhunú na Comhairle Comhairlí nua um Thrialacha Cliniciúla (CTAC) agus roimh a céad chruinniú, rud atá ina gharsprioc thábhachtach eile sa chlaochlú atá á dhéanamh ar thírdhreach trialacha cliniciúla na hÉireann.

Tugann an Chomhairle Chomhairleach um Thrialacha Cliniciúla réimse leathan saineolais agus dearcthaí éagsúla ó éiceachóras taighde chliniciúil na hÉireann ar fad le chéile, lena n-áirítear ionadaithe othar, soláthraithe cúraim sláinte, an saol acadúil, an tionscal, chomh maith le Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais.

Léiríonn comhdhéanamh leathan na Comhairle an cur chuige comhoibríoch atá de dhíth chun timpeallacht trialacha cliniciúla na hÉireann a neartú agus chun an fhís atá leagtha amach i dtuarascáil deiridh an Ghrúpa Náisiúnta Maoirseachta um Thrialacha Cliniciúla (NCTOG) a fhíorú. Tá an tuarascáil ar fáil anseo: Transforming Ireland’s Clinical Trials Landscape: A Blueprint for Implementation

Faoi chathaoirleacht an Ollaimh Donal Brennan, cuideoidh an Chomhairle nua le hathchóirithe a chur chun cinn i réimsí tosaíochta, lena n-áirítear córais lúfar agus fhreagrúla a chruthú, rannpháirtíocht an phobail agus na n-othar a fheabhsú, luach a chur chun cinn agus gníomhaíocht a dhreasú, tacú le forbairt straitéiseach an lucht saothair, agus úsáid teicneolaíochtaí nuálacha i dtrialacha cliniciúla a chur chun cinn.

Tionóladh cruinniú tionscnaimh na Comhairle Comhairlí um Thrialacha Cliniciúla an 27 Lúnasa 2026.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Is tosaíocht don Rialtas é tírdhreach na dtrialacha cliniciúla in Éirinn a chlaochlú.

“Táim buíoch den Ollamh Donal Brennan ina cháil mar Chathaoirleach agus de na comhaltaí as a dtoilteanas tabhairt faoin gcéad chéim ríthábhachtach eile seo agus tiomantas a thabhairt di. Deiseanna d’othair rochtain a fháil ar chóireálacha nuálacha a mhéadú, bonneagar taighde sláinte na hÉireann a neartú, agus tacú le torthaí sláinte níos fearr do dhaoine ar fud na tíre agus muid ag leanúint den obair chun tírdhreach na dtrialacha cliniciúla in Éirinn a chlaochlú.

“Eascraíonn neart na Comhairle óna ballraíocht leathan agus chothrom, a thugann le chéile dearcthaí ó othair, ó ghairmithe cúraim sláinte, ó thaighdeoirí, ó rialálaithe, ón tionscal agus ó Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais. Beidh an cur chuige comhoibríoch seo ríthábhachtach agus muid ag obair chun moltaí an Ghrúpa Náisiúnta Maoirseachta um Thrialacha Cliniciúla a chur chun feidhme.”

Dúirt an tOllamh Donal Brennan, Cathaoirleach na Comhairle Comhairlí um Thrialacha Cliniciúla:

“Is mór an onóir dom a bheith in ann leanúint leis an obair ríthábhachtach seo agus táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le comhaltaí na Comhairle nua agus muid ag cur dlús le cur chun feidhme na moltaí atá sa Treoirphlean maidir le Cur Chun Feidhme agus ag féachaint le feabhsuithe fiúntacha a bhaint amach d’othair, do thaighdeoirí agus don chóras sláinte i gcoitinne.”

Tá bunú na Comhairle Comhairlí um Thrialacha Cliniciúla mar chuid de ghealltanas an Rialtais éiceachóras trialacha cliniciúla na hÉireann a neartú, rochtain othar ar chóireálacha agus teiripí nuálacha a fheabhsú, agus tacú le seasamh na hÉireann mar cheann de na príomhionaid le haghaidh taighde chliniciúil agus infheistíochta sna heolaíochtaí beatha.

Tá liosta de chomhaltaí na Comhairle ar fáil anseo.

Nótaí

Tagann bunú CTAC sna sála ar obair rathúil an Ghrúpa Náisiúnta Maoirseachta um Thrialacha Cliniciúla (NCTOG), agus d’fhoilsigh an tAire Sláinte tuarascáil deiridh an Ghrúpa, Transforming Ireland’s Clinical Trials Landscape: A Blueprint for Implementation, i mí na Samhna 2025.

Is é ról na Comhairle comhairle agus maoirseacht straitéiseach a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme mholtaí NCTOG, agus béim á leagan ar na nithe seo a leanas:

  • Comhlacht Náisiúnta um Thrialacha Cliniciúla a bhunú agus a fhorbairt.
  • Córais lúfar agus fhreagrúla a chruthú.
  • Rannpháirtíocht an phobail agus na n-othar a fheabhsú.
  • Luach a chur chun cinn agus gníomhaíocht a dhreasú.
  • Tacú le forbairt straitéiseach an lucht saothair; agus
  • Úsáid teicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn.

Léirítear i mballraíocht na Comhairle an réimse leathan páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le trialacha cliniciúla a reáchtáil in Éirinn, lena n-áirítear ionadaithe othar, an saol acadúil, soláthraithe cúraim sláinte, rialálaithe, an tionscal agus Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat