Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Sláinte agus an tAire um Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta roimh fhormheas an Rialtais maidir le reachtaíocht a dhréachtú chun seirbhísí tacaíochta baile a rialáil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Thug an Rialtas cead don Aire Sláinte Scéim Ghinearálta agus Ceannteidil Bille a dhréachtú chun creat ceadúnaithe a bhunú do sholáthraithe tacaíochta baile neamhbhrabúis agus brabúis arna maoiniú go poiblí.

Tá dréachtú na Scéime Ginearálta mar chuid amháin den chreat rialála do sheirbhísí tacaíochta baile atá á fhorbairt faoi láthair ag an Roinn Sláinte. Meastar go n-áireofar sa chreat seo íoscheanglais (rialacháin) freisin a bheidh mar chritéir a chinnfidh an rialtóir incháilitheacht soláthraithe chun ceadúnas chun oibriú chomh maith le caighdeáin náisiúnta atá á bhforbairt faoi láthair ag HIQA.

Ag labhairt dó tar éis chruinniú an Rialtais, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:

“Chuir an phaindéim COVID-19 béim ar a thábhachtaí atá sé tacú lenár ndaoine is leochailí sa tsochaí cúram a fháil ina dtithe féin chomh fada agus is féidir. Táim den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach go soláthraítear leibhéal cúraim comhsheasmhach ar ardchaighdeán do gach úsáideoir tacaíochta baile, atá sábháilte, éifeachtach agus dírithe ar an duine.

Creidim gurb é an bealach is fearr agus is iomchuí chun an caighdeán seachadta seirbhíse seo a chinntiú ná trí chreat rialála cuimsitheach a thabhairt isteach. Tá áthas orm a fhógairt gur thug an Rialtas a chead chun reachtaíocht a dhréachtú chun seirbhísí tacaíochta baile a rialáil trí sholáthraithe poiblí agus príobháideacha a cheadúnú.”

Agus ag cur fáilte roimh fhormheas an Rialtais, dúirt an tAire Stáit um Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD:

“Is tosaíocht domsa mar Aire Stáit a bhfuil freagracht i leith orm as Daoine Scothaosta scéim reachtúil a fhorbairt chun seirbhísí tacaíochta baile a rialáil agus a mhaoiniú. Is céim thábhachtach í inniu chun tiomantas an Rialtais seo a chomhlíonadh chun scéim reachtúil a thabhairt isteach chun tacú le daoine maireachtáil ina dtithe féin, agus rochtain chothrom a sholáthar ar chúram baile rialáilte ar ardchaighdeán.

”Is é aidhm chóras ceadúnaithe do sholáthraithe tacaíochta baile ná sábháilteacht úsáideoirí seirbhíse agus cáilíocht an chúraim a fheabhsú trína chinntiú go gcomhlíonann gach soláthraí aonair na híoschaighdeáin. Creidim go láidir gur chóir go mbeadh rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara mar chuid intreach den phróiseas seo agus beidh an Roinn ag dul i gcomhairle go forleathan le linn fhorbairt an chreata rialála.”

CRÍOCH

NÓTAÍ DO NA hEAGARTHÓIRÍ

Cuirfidh an Roinn Sláinte an Scéim Ghinearálta agus Ceannteidil an Bhille chun cinn mar thosaíocht d’fhonn í a thabhairt trí Thithe an Oireachtais a luaithe is féidir.

Meastar go gclúdófaí sa Scéim Ghinearálta na saincheisteanna seo a leanas:

  • Nós imeachta chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas.
  • Cláir soláthraithe ceadúnaithe a bhunú.
  • Nósanna imeachta chun ceadúnas a chúlghairm, coinníollacha éagsúla a athrú nó coinníollacha nua a fhorchur.
  • Nósanna imeachta chun smachtbhannaí a fhorchur lena n-áirítear pleananna feabhsúcháin, fógraí feabhsúcháin agus fógraí toirmisc.
  • Íocaíocht na dTáillí.
  • Socruithe idirthréimhseacha do sholáthraithe atá i bhfeidhm cheana féin nuair a thiocfaidh an reachtaíocht i bhfeidhm.
  • Toirmisc maidir le gníomhaíochtaí neamhcheadúnaithe.

Leis an reachtaíocht seo, tabharfar cumhacht don Aire rialacháin a dhéanamh freisin maidir le híoscheanglais a bheidh mar chritéir ar a gcinnfear incháilitheacht soláthraí ceadúnas a oibriú. Clúdófar sna rialacháin seo téamaí ar nós rialachais chorparáidigh, maoirseachta cliniciúla, cáilíochtaí oibrithe tacaíochta baile, agus caighdeáin seachadta seirbhíse.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat