An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Eisíonn an Príomhoifigeach Altranais comhairle do dhaoine scothaosta agus goilliúnacha agus spreagann sí gach duine chun súil a choinneáil ar bhaill teaghlaigh agus ar chomharsana scothaosta le linn thréimhse na Nollag.
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá an Príomhoifigeach Altranais (CNO) Rachel Kenna tar éis impí ar dhaoine scothaosta nó atá ag maireachtáil le breoiteacht aire ar leith a thabhairt dá sláinte le linn na Nollag seo.
Tá sí ag meabhrú dúinn go léir a bhfuil baill teaghlaigh nó comharsana scothaosta againn a thábhachtaí atá sé an t-am a ghlacadh súil a choinneáil orthu. Bíonn go leor againn ag tnúth leis an gceiliúradh, ach bíonn deacrachtaí ag daoine eile an t-am seo den bhliain agus mar sin sé tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuimhneoimid ar theagmháil a choinneáil le daoine a d’fhéadfadh a bheith ag cailliúint amach ar a ngnáthchaidrimh shóisialta.
Cé gur féidir leis an ngeimhreadh a bheith dian ar ár sláinte agus folláine, leag an Príomhoifigeach Altranais béim ar go leor bealaí chun sinn féin a chosaint ó na rioscaí breise, agus spreagann sí daoine chun an t-eolas agus na nuashonruithe atá ar fáil ag www.winterready.ie a fhiosrú.
Dúirt Rachel Kenna:
“Is féidir le haimsir an gheimhridh cur leis an mbaol maidir le titim agus tinnis áirithe. Mar sin féin, is féidir réamhchúraimí a ghlacadh chun na rioscaí seo a laghdú. Bí cinnte go bhfuil tú féin agus do theaghlach ar an eolas faoi vacsaíní COVID-19 agus fliú. Tá sé tábhachtach coinneáil te, dea-chothaithe agus hiodráitithe, chomh maith le cleachtadh coirp rialta a fháil.”
Chomh maith le www.winterready.ie, tá eolas agus comhairle úsáideach eile ar fáil ar an láithreán gréasáin www.hse.ie. Tá FSS Beo ar fáil ag Saorghlao 1800 700700 le haghaidh ceisteanna ginearálta.
Guíonn an Príomhoifigeach Altranais tréimhse Nollag shábháilte agus shíochánta ar gach duine.