Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donnelly roimh fheabhsúchán atá maoinithe ag Sláinteare in amanna feithimh do Mheasúnuithe Seanliachta do dhaoine aosta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD roimh nuacht go bhfuil ag éirí le tioscadal nua, arna mhaoiniú ag Sláintecare, a sholáthraíonn measúnuithe seanliachta do dhaoine aosta sa phobal, amanna feithimh a laghdú ó 6 mhí go 6 seachtaine.

Tá Ospidéal Ginearálta Loch Garman agus CHO 5 Cúram Sláinte Pobail an Oirdheiscirt ag comhtháthú géarsheirbhísí agus seirbhísí pobail do dhaoine aosta. Soláthraíonn an tseirbhís Measúnuithe Cuimsitheacha Seanliachta do dhaoine aosta, le foireann lena n-áirítear Ardchleachtóir Altranais, Diaitéiteach Sinsearach, Oibrí Sóisialta Leighis, Teiripeoir Saothair Sinsearach agus Fisiteiripeoir Sinsearach. Is féidir le hothair a chuireann an t-ospidéal géarmhíochaine ar aghaidh chuig an tseirbhís agus trí sheirbhísí sláinte pobail rochtain a fháil ar raon seirbhísí in aon chuairt amháin.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Ciallaíonn measúnuithe seanliachta go bhféadfaidh daoine aosta i Loch Garman rochtain a fháil ar raon seirbhísí in aon chuairt amháin ina bpobal - rud a fhágann go mbeidh torthaí níos fearr ann d’othair agus d’oibrithe cúram sláinte agus go bhfeabhsaítear cáilíocht na beatha. Trí thógáil ar sheirbhísí atá ann cheana, tá an tsamhail nua seo a chomhtháthaíonn seirbhísí ag feabhsú rátaí tinrimh agus ag laghdú amanna feithimh do sheirbhísí aonair."

Taispeánann torthaí na seirbhíse:

  • Go raibh sprioc ag an bhfoireann go dtabharfadh 1,200 othar cuairt ar an gclinic, agus bhain siad 2,389 amach
  • Gur laghdaíodh an ráta neamhfhreastail ar choinní ó 10% go 3%
  • Go bhfuil laghdú 12% ar iarratais ar chúram fadtéarmach ón suíomh géarmhíochaine, agus go bhféadfaí €440,000 a shábháil
  • Gur tháinig laghdú 14% ar scaoileadh amach moillithe ón ospidéal

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá ríméad orm go raibh aiseolas na n-othar faoin tseirbhís seo an-dearfach - ag sábháil ama agus airgid dóibh trí fanacht ar sheirbhísí aonair agus roinnt turas chun an ospidéil a sheachaint. Is sampla iontach é seo de Sláintecare ag seachadadh torthaí agus eispéiris níos fearr ar ár seirbhís sláinte do dhaoine aosta."

Nótaí don Eagarthóir

Cúlra

Díríodh i dTuarascáil Sláintecare agus an cur chuige beartaithe, atá corpraithe ag an mantra “Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart” ar níos mó cúraim a aistriú isteach sna pobail, níos gaire do thithe na n-othar.

D’éirigh le tionscadal na Foirne Cúraim Seanaoise (ARC) maoiniú fadtéarmach a fháil tríd an gciste Cúraim Pobail Feabhsaithe, rud a chiallaíonn go mbeidh othair in ann rochtain a fháil ar na seirbhísí cuimsitheacha seo ar bhonn fadtéarmach. Is í aidhm na foirne a gcuid seirbhísí a leathnú go ceithre shuíomh eile i Loch Garman, Ros Mhic Thriúin, Inis Córthaidh agus Guaire ionas gur féidir le hothair a gcoinní a bheith acu go háitiúil agus a bheith in ann cuairteanna baile a sholáthar.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat