Fógraíonn an tAire Donnelly Ceadú an Rialtais chun an An Bille Sláinte (Díolúintí ó Thaillí ar Sheirbhísí Géarmhíochaine d'Othair Chónaithe) 2022 a Fhoilsiú

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Donnelly Ceadú an Rialtais chun an An Bille Sláinte (Díolúintí ó Thaillí ar Sheirbhísí Géarmhíochaine d'Othair Chónaithe) 2022 a Fhoilsiú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Meitheamh 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu gur cheadaigh an Rialtas foilsiú an Bhille Sláinte (Díolúintí ó Tháillí ar Sheirbhísí Géarmhíochaine d'Othair Chónaithe) 2022, rud a réitíonn an bealach chun deireadh a chur le táillí othar cónaitheach thar oíche agus cásanna lae poiblí do leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois i ngach ospidéal poiblí.

Ag fógairt chinneadh na Comh-Aireachta foilsiú na reachtaíochta seo a cheadú, dúirt an tAire Donnelly: >“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuair mé cead ón Rialtas inniu an Bille tábhachtach seo a fhoilsiú. Laghdóidh anreachtaíocht seo, nuair a achtófar í, ualach airgeadais na dtuismitheoirí/na gcaomhnóirí agus a leanbh á thabhairt chuig an ospidéal le haghaidh cúram othar cónaitheach."

Fuair an tAire Sláinte ceadú ón Rialtas freisin inniu chun leasú ag Céim an Choiste a thabhairt ar an mBille Sláinte (Díolúintí ó Tháillí do Sheirbhísí Géarmhíochaine d'Othair Chónaithe) 2022 a chuirfidh isteach forálacha chun foráil a dhéanamh don scéim frithghiniúna saor in aisce do mhná 17-25 bliana d'aois.

Dúirt an tAire:

“Tá áthas orm freisin a bheith in ann feabhsuithe ar rochtain ar fhrithghiniúint a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm ag an leasú frithghiniúna beartaithe deireadh a chur le bacainní costais ar fhrithghiniúint do mhná 17-25 bliana d'aois, rud a bheidh go háirithe suntasach dóibh siúd atá díreach os cionn na dteorainneacha maidir le tástáil acmhainne do chártaí leighis agus do chártaí cuairte LG, nó a d'fhéadfadh a bheith fós in oideachas lánaimseartha agus ag brath ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí ó thaobh airgid de."

Foilseofar an Bille Sláinte (Díolúintí ó Tháillí ar Sheirbhísí Géarmhíochaine d'Othair Chónaithe) 2022 sna laethanta amach romhainn agus táthar ag súil go gcuirfear tús leis sa Dáil go luath ina dhiaidh sin.

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Táillí d'Othair Chónaithe: Faoi láthair tá othair phoiblí (lena n-áirítear leanaí) faoi réir táille reachtúil €80 in aghaidh na hoíche, suas le 10 n-oíche (€800) ar a mhéad i dtréimhse 12 mhí. Tá díolúine ó na táillí seo ag sealbhóirí cárta leighis agus ag aicmí áirithe daoine eile. Beidh gá le reachtaíocht phríomhúil chun na leasuithe reachtacha a theastaíonn ar an Acht Sláinte 1970 a leagan amach chun deireadh a chur leis an táille phoiblí d'othair chónaithe do leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois. Tá téacs an Bhille á fhoilsiú ag an Aire Sláinte agus tá sé ar intinn aige an reachtaíocht a thabhairt chun cinn trí Thithe an Oireachtais mar thosaíocht d'fhonn é a achtú gan mhoill.

Frithghiniúint: Tá rochtain ag daoine a bhfuil láncháilíocht acu ar chárta GMS (cárta leighis) ar fhormhór na gcineálacha frithghiniúna cheana féin ar chostas íosta (faoi réir an mhuirir ar oideas amháin; €1.50 an mhír, suas le huasmhéid €15 in aghaidh na míosa), tríd an scéim GMS (cárta leighis), agus tacaítear go pointe áirithe leo siúd a bhfuil cárta cuairte LG acu, toisc go bhfuil na comhairliúcháin riachtanacha saor in aisce. Faigheann othair a bhfuil Cárta Cuairte LG acu comhairliúcháin, feistis agus seiceálacha saor in aisce. Ina theannta sin, clúdaíonn an Scéim Íocaíochta Drugaí (DPS), a bhfuil duine ar bith a bhfuil gnáthchónaí air in Éirinn incháilithe, costas earraí oideas, lena n-áirítear LARCanna, os cionn teorainn €80 in aghaidh na míosa.

Aithníodh, áfach, go bhféadfadh an costas a bhaineann le rochtain a fháil ar fhrithghiniúint, go háirithe dóibh siúd a d'fhéadfadh a bheith fós ag brath ar thuismitheoirí nó ar chaomhnóirí, nó a d'fhéadfadh a bheith díreach os cionn na dtairseach tástála acmhainne do na cártaí GMS agus do Chártaí Cuairte LG, bac suntasach a chur ar rochtain; dá bhrí sin is féidir costais don Phiolla agus do fhrithghiniúint oidis chomhchosúla a mheas ag €65-100 gach sé mhí, agus is iondúil go mbíonn na costais tosaigh a bhaineann le frithghiniúint inchúlaithe idir €250-€ 320. Má tá costais a bainte san áireamh chomh maith, ardaíonn na costais go €340-€470.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat