An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Fógraíonn an tAire Sláinte cistiú €10 milliún do chúram maolaitheach agus deireadh saoil
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD cistiú aonuaire €10 milliún do chúram maolaitheach agus deireadh saoil in 2020.
Tacóidh an cistiú leis an earnáil chúraim mhaolaithigh dheonach chun leanúint le seirbhísí ríthábhachtacha agus leanúnacha cúraim a chur ar fáil do dhaoine fásta agus leanaí i gcomhthéacs na ndúshlán a chruthaigh paindéim COVID-19.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Bhí paindéim COVID-19 dúshlánach ar gach duine, go háirithe iad siúd atá leochaileach, a dteaghlaigh agus iad siúd a thugann cúram dóibh. Tá ospís agus soláthraithe cúraim mhaolaithigh eile i ndiaidh a n-iarrachtaí a mhéadú chun tacú le daoine a bhfuil riachtanais chúraim mhaolaithigh agus deireadh saoil acu agus lena dteaghlaigh i rith na tréimhse an-dúshlánaí seo.
"Thacaigh siad le hospidéil ghéarmhíochaine agus le seirbhísí sláinte pobail, tithe altranais ina measc, chun freastal ar an éileamh atá ag dul i méid ar chúram maolaitheach agus deireadh saoil a bhaineann le COVID-19. Ag an am céanna, rinneadh a ngníomhaíochtaí tiomsaithe airgid a chiorrú mar gheall ar an bpaindéim, a imríonn tionchar ar a gcumas chun leanúint lena seirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil."
Dúirt an tAire Donnelly freisin:
"Cabhróidh an cistiú atá á fhógairt inniu agam leis an earnáil chúraim mhaolaithigh leanúint lena seirbhísí bunriachtanacha a sholáthar fad a leanann an phaindéim agus cabhróidh sé freisin chun roinnt de na nuálaíochtaí a dhaingniú a raibh an earnáil ag tabhairt fúthu, tacaíochtaí fíorga agus teilileigheas a sholáthar ina measc sin."
As an €10 milliún, déanfar €8.5 milliún a dháileadh ar bhaill an Ghrúpa Ospíse Deonaí. Anuas air sin, soláthrófar €350,000 do shainchúram maolaitheach san Oirdheisceart, deonófar €750,000 d’Ospís Laura Lynn, agus dáilfear €400,000 go cothrom idir Foras Ospíse na hÉireann, Institiúid Ospíse agus Cúraim Mhaolaithigh Uile-Éireann, Foras Leanaí Jack and Jill agus Cumann Ailse na hÉireann.
Déanfar fógra an lae inniu mar thoradh ar an ngealltanas a rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath TD ar lá an bhuiséid, chun an cistiú seo a sholáthar.
Is féidir an cistiú aonuaire seo a úsáid chun feabhas a chur ar áitreabh, saoráidí agus córais TFC, teileashláinte agus ardáin teilileighis, cláir oideachais agus oiliúna agus chun an t-ioncam a tiomsaíodh a cailleadh a sheach-chur mar thoradh díreach ar shrianta chun cur in aghaidh scaipeadh COVID-19.
CRÍOCH
Nótaí
Sonraí faoi na Leithdháiltí
| Seirbhís | Leithdháileadh € |
| Ospís an Iarthuaiscirt, Sligeach | 350,000 |
| Ospís na Gaillimhe | 750,000 |
| Ionad Cúraim Milford, Luimneach | 1,250,000 |
| Ospís Marymount, Corcaigh | 1,850,000 |
| 2,500,000 | |
| 1,800,000 | |
| Gluaiseacht/Cúram Baile Ospís Phort Láirge | 87,500 |
| 87,500 | |
| Ospís Loch Garman | 87,500 |
| 87,500 | |
| Ospís Laura Lynn | 750,000 |
| Foras Leanaí Jack and Jill | 100,000 |
| Foras Ospíse na hÉireann | 100,000 |
| 100,000 | |
| 100,000 | |
| IOMLÁN | 10,000,000 |