An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Comórann an tAire Butler Lá Domhanda um Fhéinmharú a Chosc 2026
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Rinne Mary Butler TD, an tAire Meabhairshláinte, Lá Domhanda um Fhéinmharú a Chosc 2026 a chomóradh inniu, agus d’athdhearbhaigh sí tiomantas an Rialtais féinmharú agus féindochar a laghdú trí chur i bhfeidhm Straitéis na hÉireann chun Féinmharú agus Féindochar a Laghdú: Ceangail ar Feadh an tSaoil 2026-2035.
Is é an Cumann Idirnáisiúnta um Fhéinmharú a Chosc a chomhordaíonn an Lá Domhanda um Fhéinmharú a Chosc, a reáchtáiltear gach bliain an 10 Meán Fómhair, i gcomhpháirtíocht leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Is é an téama domhanda do 2026, an bhliain deiridh den fheachtas trí bliana, ná “An Insint ar Fhéinmharú a Athrú”, leis an nglao chun gnímh “Cuir Tús leis an gComhrá”.
Spreagann an téama daoine, pobail, eagraíochtaí agus rialtais chun dúshlán a thabhairt don stiogma, comhráite oscailte atruacha a chothú faoi fhéinmharú agus timpeallachtaí a chruthú ina mothaíonn daoine go bhfuil tacaíocht acu chun cabhair a lorg nuair a bhíonn sí de dhíth orthu.
I mí na Bealtaine i mbliana, sheol an Rialtas Ceangail ar Feadh an tSaoil 2026-2035, straitéis nua deich mbliana uile-rialtais na hÉireann chun féinmharú agus féindochar a laghdú. Leagtar amach sa straitéis fís uaillmhianach d'Éirinn ina gcailltear níos lú daoine mar gheall ar fhéinmharú agus ina bhfuil rochtain thráthúil ag daoine ar na tacaíochtaí a theastaíonn uathu. Áirítear inti sprioc chun an ráta náisiúnta féinmharaithe a laghdú go 7 in aghaidh gach 100,000 den daonra nó níos lú faoi 2035, agus leagtar béim láidir ar chosc, ar luath-idirghabháil, ar fhreagairt do ghéarchéimeanna, ar an stiogma a laghdú agus ar thacaíocht do dhaoine atá faoi mhéala de bharr féinmharaithe.
Ar Lá Domhanda um Fhéinmharú a Chosc 2026, labhróidh an tAire Butler agus an tOllamh Philip Dodd, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte, ag comhdháil arna hóstáil ag na Samáraigh Phort Láirge chun caoga bliain ó bunaíodh an brainse a chomóradh agus chun aitheantas a thabhairt don mhéid atá déanta aige le fada an lá chun féinmharú a chosc san Oirdheisceart.
Ag labhairt ar Lá Domhanda um Fhéinmharú a Chosc, dúirt an tAire Butler:
“Is deis thábhachtach é an Lá Domhanda um Fhéinmharú a Chosc chun a mheabhrú do dhaoine go bhfuil cabhair ar fáil agus nach gá d’aon duine againn aghaidh a thabhairt ar thréimhsí deacra inár n-aonar.”
“Tá tionchar tubaisteach ag féinmharú ar theaghlaigh, ar chairde agus ar phobail. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le féinmharú a laghdú, tá a fhios againn gur fir iad ceathrar as gach cúigear a fhaigheann bás trí fhéinmharú, agus go mbíonn sé deacair ar go leor acu fós tacaíocht a lorg. Sin é an fáth ar sheol mé seirbhís comhairleoireachta saor in aisce d’fhir, trínar cuireadh níos mó ná 30,000 uair an chloig de chomhairleoireacht ar fáil le linn na bliana seo caite agus na bliana seo.”
“Tá an-áthas orm go bhfuil níos mó ná 6,000 fear tar éis tacaíocht a lorg go dtí seo. Ba mhaith liom aon fhear atá ag dul trí thréimhse dheacair a spreagadh chun labhairt lena dhochtúir teaghlaigh nó cuairt a thabhairt ar yourmentalhealth.ie/men chun tuilleadh eolais a fháil faoi na tacaíochtaí saor in aisce seo.”
“I mí na Bealtaine, sheol mé ár straitéis nua chun féinmharú agus féindochar a laghdú Ceangail ar Feadh an tSaoil 2026-2035. Tá laghdú aon trian tagtha ar rátaí féinmharaithe ó thús an chéid, ach ba mhaith linn dul níos faide agus iad a laghdú go 7 in aghaidh gach 100,000 duine nó níos ísle faoi 2035. Ní féidir an dul chun cinn sin a bhaint amach ach trí chur chuige láidir tras-Rialtais, trí cheannaireacht na hOifige Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc agus trí thiomantas agus tacaíocht ár gcomhpháirtithe neamhrialtasacha.”
“Má tá tú ag streachailt inniu nó lá ar bith, cuimhnigh go bhfuil sé ceart go leor gan a bheith ceart go leor agus go bhfuil tacaíocht tuillte agat. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh, tabhair cuairt ar yourmentalhealth.ie, glaoigh ar na Samáraigh ar 116 123, nó téacsáil HELLO chuig 50808 chun an chéad chéim sin a ghlacadh i dtreo mothú níos fearr.”
“Is cúram do gach duine é féinmharú a chosc agus, ar Lá Domhanda um Fhéinmharú a Chosc, molaim do dhaoine ar fud na hÉireann tús a chur leis an gcomhrá, fiafraí de dhaoine mórthimpeall orthu conas atá siad, agus a mheabhrú d’aon duine a d’fhéadfadh a bheith ag streachailt go bhfuil cabhair ar fáil agus nach bhfuil siad ina n-aonar.”
Thug an tAire aitheantas freisin do phobail, d’eagraíochtaí deonacha, do ghairmithe cúraim sláinte, do thaighdeoirí, do dhaoine a bhfuil taithí saoil acu agus do sheirbhísí túslíne ar fud na tíre as an obair a dhéanann siad gach lá chun cuidiú le hiarrachtaí féinmharú a chosc.
Tá an Roinn Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus eagraíochtaí comhpháirtíochta ag forbairt an chéad phlean cur chun feidhme maidir le Ceangail ar Feadh an tSaoil 2026-2035. Agus an tréimhse 2026–2028 á cumhdach aige, leagfar amach sa phlean gníomhartha sonracha ar fud an Rialtais, ar fud FSS agus sna heagraíochtaí comhpháirtíochta chun dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le féinmharú agus féindochar a laghdú.
Críoch
Nótaí d'Eagarthóirí
- Bíonn an Lá Domhanda um Fhéinmharú a Chosc ar siúl gach bliain an 10 Meán Fómhair.
- Is é téama 2026 “An Insint ar Fhéinmharú a Athrú”, leis an nglao chun gnímh “Cuir Tús leis an gComhrá”.
- Níos luaithe i mbliana, sheol an Rialtas Straitéis na hÉireann chun Féinmharú agus Féindochar a Laghdú: Ceangail ar Feadh an tSaoil 2026-2035.
- Leagtar síos sa straitéis sprioc chun an ráta féinmharaithe a laghdú go 7 in aghaidh gach 100,000 duine nó faoina bhun faoi 2035.
- Bhí comhairliúchán poiblí, ina bhfuarthas beagnach 1,900 aighneacht ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí ar fud na hÉireann, mar bhonn eolais don straitéis.
- Tá an chéad phlean cur chun feidhme do 2026–2028 á fhorbairt faoi láthair agus tacóidh sé le tosaíochtaí na straitéise a bhaint amach ar fud an Rialtais, ar fud FSS agus sna heagraíochtaí comhpháirtíochta.
Bíonn tacaíocht ar fáil i gcónaí
Má tá tacaíocht de dhíth ortsa nó ar dhuine a bhfuil aithne agat air, tabhair cuairt ar www.yourmentalhealth.ie chun eolas a fháil faoi aire a thabhairt do do mheabhairshláinte, faoi thacaíocht a thabhairt do dhaoine eile nó faoi sheirbhís tacaíochta a aimsiú i do cheantar.
Is féidir leat cabhair a fháil trí:
- téacsáil HELLO chuig 50808 ag am ar bith, de lá nó d’oíche (24/7), chun comhrá téacs a dhéanamh le hoibrí deonach oilte a éistfidh leat
- do dhochtúir teaghlaigh
- Rannóg Éigeandála
- Seirbhísí Meabhairshláinte FSS
- yourmentalhealth.ie nó an líne eolais teileafóin ar 1800 111 888 – ag am ar bith, de lá nó d’oíche, chun eolas a fháil faoi sheirbhísí meabhairshláinte i do cheantar. Tacaíochtaí agus seirbhísí meabhairshláinte - HSE.ie
- Na Samáraigh ar 116 123
- Glaoigh ar Pieta House ar 1800 247 247 nó seol téacs HELP chuig 51444
Tuairisciú sna meáin
Agus ábhar an fhéinmharaithe á chlúdach, molann FSS go gcloífeadh na meáin le Treoirlínte na Samárach in Éirinn do na Meáin maidir le Féinmharú a Thuairisciú. Léiríonn fianaise taighde gur féidir le cineálacha áirithe léirithe sna meáin, amhail modh a lua go sainráite agus tuairisciú gáifeach nó iomarcach, iompar féinmharaithe aithriseach a spreagadh i measc daoine leochaileacha.
Ba cheart ábhar an fhéinmharaithe a phlé le cúram agus le comhbhá i gcónaí. Tá sé tábhachtach teanga íogair nach ndéanann stiogmatú ar dhaoine a úsáid agus duine i mbun comhrá, ag caint nó ag scríobh faoi fhéinmharú. Léigh tuilleadh ó Oifig Náisiúnta FSS um Fhéinmharú a Chosc.
Oiliúint maidir le féinmharú a chosc saor in aisce ó FSS
Chun tuilleadh eolais a fháil ar chláir oiliúna um chosc féinmharaithe atá ar fáil ó FSS, tabhair cuairt ar www.nosp.ie/training.
Faigh rochtain ar ‘Let’s Talk About Suicide’ – clár oiliúna ar líne saor in aisce maidir le féinmharú a chosc ó Oifig Náisiúnta FSS um Fhéinmharú a Chosc.