Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Butler roimh laghdú breise ar líon na ndaoine a thagann chuig Rannóga Éigeandála tar éis féindochar a dhéanamh dóibh féin

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

D’fháiltigh an tAire Meabhairshláinte, Mary Butler TD, inniu roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2025 Chlárlann Náisiúnta Féindochair na hÉireann, ina léirítear laghdú breise ar líon na ndaoine a tháinig chuig ospidéil na hÉireann tar éis féindochar a dhéanamh dóibh féin.

Mheas Clárlann Náisiúnta Féindochair na hÉireann go raibh 12,340 cás féindochair ann in 2025, a bhain le 9,329 duine. Ba é 176 in aghaidh gach 100,000 den daonra an ráta aoischaighdeánaithe measta maidir le daoine a tháinig chuig ospidéal tar éis féindochar a dhéanamh dóibh féin. Bhí sé sin 3% níos ísle ná an ráta a taifeadadh in 2024 agus 21% níos ísle ná an buaicráta a thaifead an Chlárlann in 2010. Fuarthas amach sa tuarascáil freisin go raibh na rátaí i measc fir agus mná a tháinig chuig ospidéal tar éis féindochar a dhéanamh dóibh féin ar na rátaí ab ísle a taifeadadh ó bhain an Chlárlann cumhdach beagnach náisiúnta amach.

Agus í ag machnamh ar thorthaí na tuarascála, dúirt an tAire Butler:

“Táim thar a bheith sásta fáilte a chur roimh an laghdú leanúnach ar an ráta féindochair a mbíonn freastal ar ospidéal mar thoradh air in Éirinn. Léirítear sna torthaí is déanaí ó Chlárlann Náisiúnta Féindochair na hÉireann laghdú breise in 2025, rud a chuireann leis an dul chun cinn suntasach a rinneadh le deich mbliana anuas.

“Is ábhar mór misnigh go háirithe é gurb iad na rátaí i measc fir agus mná a tháinig chuig ospidéal tar éis féindochar a dhéanamh dóibh féin na rátaí is ísle atá taifeadta ag an gClárlann anois. Is fíordhul chun cinn é sin, ach meabhraíonn sé dúinn go bhfuil duine atá in anacair thromchúiseach agus a bhfuil tacaíocht de dhíth air nó uirthi i gceist le gach cás.

"Tá an tuarascáil seo á foilsiú ag tráth tábhachtach agus muid ag tosú ar Straitéis na hÉireann chun Féinmharú agus Féindíobháil a Laghdú: Connecting for Life 2026–2035 a chur chun feidhme. Leagtar béim shonrach agus níos láidre inár straitéis náisiúnta nua ar fhéindochar a laghdú agus ar thorthaí a fheabhsú do dhaoine a dhéanann féindochar dóibh féin, agus aithnítear inti an tionchar suntasach a bhíonn ag féindochar ar dhaoine aonair agus ar theaghlaigh, mar aon lena thábhachtaí atá sé mar thoisc riosca d’iompar féinmharaithe amach anseo.

“Tá Clárlann Náisiúnta Féindochair na hÉireann lárnach san obair sin. Cuireann na sonraí ardchaighdeáin a sholáthraíonn an Chlárlann ar ár gcumas patrúin agus treochtaí féindochair a thuiscint níos fearr, rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus a chinntiú go mbíonn seirbhísí agus tacaíochtaí bunaithe ar fhianaise.”

D’aithin an tAire freisin an rannchuidiú a rinne an Fhondúireacht Náisiúnta um Thaighde ar Fhéinmharú, Oifig Náisiúnta FSS um Fhéinmharú a Chosc agus Clár Cliniciúil Náisiúnta FSS um Fhéindochar agus Idéú a bhaineann le Féinmharú lena chinntiú go leanann iarrachtaí chun féinmharú agus féindochar a chosc de bheith bunaithe ar fhianaise stóinsithe agus ar shonraí ardchaighdeáin.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair den scoth a dhéanann an Fhondúireacht Náisiúnta um Thaighde ar Fhéinmharú – ar thug mé cuairt uirthi le déanaí – maidir le Clárlann Náisiúnta Féindochair na hÉireann a reáchtáil, córas faireachais a aithnítear go hidirnáisiúnta mar cheann de na córais is fearr ar domhan. Cuireann an Chlárlann faisnéis fhíorluachmhar ar fáil a chabhraíonn linn patrúin agus treochtaí féindochair a thuiscint agus a thacaíonn le freagairtí éifeachtacha a fhorbairt.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin don obair leanúnach atá ar bun ag Oifig Náisiúnta FSS um Fhéinmharú a Chosc agus ag Clár Cliniciúil Náisiúnta FSS um Fhéindochar agus Idéú a bhaineann le Féinmharú lena chinntiú go bhfaigheann daoine a thagann chuig ár seirbhísí sláinte agus iad in anacair cúram atruach, tráthúil agus fianaisebhunaithe.

“Tá sé ríthábhachtach go gcaitear go tuisceanach agus go measúil le gach duine a thagann chuig Rannóg Éigeandála tar éis féindochar a dhéanamh dó féin nó di féin agus go dtugtar tacaíocht chuí dó nó di. Beidh sé fós ina thosaíocht thábhachtach leanúint den Chlár Cliniciúil Náisiúnta um Fhéindochar agus Idéú a bhaineann le Féinmharú a chur chun feidhme, chun a chinntiú go ndéantar measúnú, idirghabháil agus cúram leantach go tráthúil ar dhaoine atá in anacair.”

Ag féachaint chun cinn, dúirt an tAire Butler go gcuideodh na torthaí le bonn eolais a chur faoi chur chun feidhme straitéis nua na hÉireann chun féinmharú agus féindochar a laghdú.

“Cé gur údar misnigh iad na treochtaí foriomlána, leagtar béim sa tuarascáil ar an tionchar leanúnach a bhíonn ag féindochar ar aoisghrúpaí níos óige, go háirithe ar chailíní ógánacha. Cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar na rátaí i measc mná óga le blianta beaga anuas, is príomhthosaíocht i gcónaí é tacú le meabhairshláinte agus folláine leanaí agus daoine óga.

"Aithnítear i Straitéis na hÉireann chun Féinmharú agus Féindíobháil a Laghdú: Connecting for Life 2026–2035 an rannchuidiú tábhachtach is féidir a dhéanamh trí ghníomhú i leith chinntithigh shóisialta na sláinte chun féinmharú agus féindochar a laghdú. Tríd an straitéis a chur chun feidhme, leanfaimid den obair ar fud an Rialtais agus le príomhpháirtithe leasmhara chun tacú leo siúd is mó atá i mbaol.

“Cé gur údar fáilte é an laghdú leanúnach ar líon na gcásanna féindochair, tuigimid nach féidir linn a bheith réchúiseach. Trí leanúint den infheistíocht i gcosc, in idirghabháil luath agus i dtacaíocht thráthúil, is féidir linn cur leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus laghdú breise a dhéanamh ar líon na ndaoine atá ag déileáil le féindochar agus le hanacair féinmharaithe.

"Leanfaidh mé den obair leis an bhFondúireacht Náisiúnta um Thaighde ar Fhéinmharú, le hOifig Náisiúnta FSS um Fhéinmharú a Chosc, le daoine a bhfuil taithí phearsanta acu agus le comhpháirtithe ar fud an Rialtais agus na sochaí chun na gealltanais sin a chur chun feidhme agus torthaí a fheabhsú do dhaoine ar fud na hÉireann.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat