Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bunaíonn an tAire Sláinte agus an tAire Meabhairshláinte Grúpa Beartais agus Maoirseachta um Chúram Sláinte Inscne

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, TD, agus an tAire Meabhairshláinte, Mary Butler, TD, tar éis Grúpa Beartais agus Maoirseachta um Chúram Sláinte Inscne a bhunú sa Roinn Sláinte.

Is é cuspóir an Ghrúpa Beartais agus Maoirseachta maoirseacht straitéiseach a dhéanamh ar thiomantas Chlár an Rialtais “a chinntiú go mbeidh seirbhís cúraim sláinte inscne bunaithe ar fhianaise chliniciúil, meas, ionchuimsitheacht agus comhbhá."

Beidh an Grúpa faoi chomhchathaoirleacht an bheirt Airí agus beidh an Príomhoifigeach Leighis, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Príomhoifigeach Altranais agus oifigigh ábhartha eile ón Roinn Sláinte ina gcomhaltaí de.

Tar éis an chéad chruinnithe fhoirmiúil den Ghrúpa, thug an tAire Carroll MacNeill agus an tAire Butler cuairt ar Outhouse, lárionad LADTA+ ar Shráid Chéipil i mBaile Átha Cliath, mar chuid de chlár Sheachtain an Bhróid de chuid an ionaid, chun faisnéis a fháil ó fhoirne maidir leis na saincheisteanna roimh an phobail LADTA+, lena n-áirítear bochtaineacht, easpa dídine agus mí-úsáid alcóil agus drugaí eile.

Ag labhairt di tar éis na gcruinnithe, dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Is tosaíocht don Aire Butler agus domsa gealltanas Chlár an Rialtais a chur i gcrích maidir le seirbhís um chúram sláinte inscne a bhunú atá bunaithe ar fhianaise chliniciúil, meas, ionchuimsitheacht agus comhbhá.

“Táim buíoch den Phríomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), an Dr Colm Henry, agus lena fhoireann as an nGrúpa Beartais agus Maoirseachta a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le Samhail Cúraim nua do sheirbhísí cúraim sláinte inscne a fhorbairt.

“Ós rud é gur Seachtain an Bhróid atá ann, ba mhór agam cuairt eile a thabhairt ar Outhouse in éineacht leis an Aire Butler, chun cloisteáil go díreach ón bpobal LADTA+ faoi na saincheisteanna a bhíonn roimh dhaoine. “Chuaigh ár gcomhrá go mór i bhfeidhm orm agus an tábhacht a bhaineann le spás ina mbraitheann daoine sábháilte, sofheicthe agus ceiliúrtha – croílár an Bhróid féin."

Dúirt an tAire Butler:

“Bhí cruinniú táirgiúil againn den Ghrúpa Beartais agus Maoirseachta, áit ar roinn mé cuid den dea-chleachtas idirnáisiúnta a chonaic mé le linn mo chuairteanna le déanaí chun foghlaim faoi sheirbhísí um chúram sláinte inscne san Íoslainn, i Málta agus sa Spáinn.”

“Ba léir ó na cuairteanna sin gur féidir cúram dearbhaithe inscne a sholáthar ar bhealach atá comhbhách, díniteach agus measúil i leith féiniúlacht inscne an duine, agus cúram den scoth bunaithe ar fhianaise á chur ar fáil ag an am céanna faoi stiúir fhoireann ildisciplíneach cliniceoirí a bhfuil taithí acu.”

“Ní mian le formhór na ndaoine ach seirbhís a thabharfaidh tacaíocht dóibh, go háirithe maidir le rochtain ar chomhairleoireacht agus síciteiripe, agus chonaiceamar samplaí fíor-rathúla de seo san Íoslainn, i Málta agus sa Spáinn, áit ar chuir gairmithe altranais agus oibre sóisialta tacaíochtaí cuimsitheacha ar fáil do dhaoine ar feadh a n-aistear.”

“Ó 2015 i leith, aithníonn dlí na hÉireann ceart an duine aonair a bhféiniúlacht inscne féin a chinneadh, agus tá deimhniú aitheantais inscne faighte ag thart ar 2,500 duine le deich mbliana anuas. “Tá sé thar am go gcuirfimis cúram sláinte leordhóthanach ar fáil don ghrúpa beag seo daoine, a bhíonn leochaileach go minic, a dhearbhaíonn a bhféiniúlacht inscne atá aitheanta de réir dlí.”

“Leanfaidh mé orm de bheith ag obair go dlúth leis an Aire Sláinte, ár n-oifigigh, an FSS agus comhpháirtithe pobail chun seirbhís a chur ar fáil atá bunaithe ar an bhfianaise chliniciúil is fearr agus a thacaíonn le daoine, le comhbhá agus le meas, chun an saol is fearr is féidir a chaitheamh.”

CRÍOCH

Nótaí do na hEagarthóirí

Tá an Clár Náisiúnta Cliniciúil um Chúram Sláinte Inscne de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag forbairt Samhail Chúraim nua do chúram sláinte inscne chun cúram sláinte atá sábháilte agus éifeachtach a chur ar fáil do dhuine ar bith atá ag lorg seirbhísí cúraim sláinte inscne in Éirinn.

Tá an Grúpa Beartais agus Maoirseachta um Chúram Sláinte Inscne na Roinne Sláinte ag dul i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara agus ag soláthar maoirseacht straitéiseach maidir leis an ngealltanas i gClár an Rialtais seirbhís cúraim sláinte inscne a chinntiú atá bunaithe ar fhianaise chliniciúil, meas, ionchuimsitheacht agus comhbhá.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat