An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Foilsíonn an tAire Sláinte Scéim Ghinearálta Bille chun Sláinte Leanaí Éireann a chomhtháthú i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá faomhadh an Rialtais faighte ag an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, an tseachtain seo chun Scéim Ghinearálta an Bhille um Shláinte Leanaí Éireann, 2026 a fhoilsiú.
Leis an mBille, déanfar seirbhísí, foirgnimh agus fostaithe Shláinte Leanaí Éireann (CHI) a chomhtháthú i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Áireofar leis sin Ospidéal Náisiúnta nua na Leanaí.
Trí na seirbhísí a sholáthraíonn CHI a chomhtháthú i FSS, neartófar comhleanúnachas na seirbhísí sláinte péidiatraiceacha ar fud na tíre agus feabhsófar éifeachtúlacht oibríochtúil.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Tar éis faomhadh an Rialtais a fháil an tseachtain seo, oibreoidh mo Roinn le hOifig an Ard-Aighne chun an reachtaíocht phríomha is gá a fhorbairt ionas gur féidir seirbhísí Sláinte Leanaí Éireann a chomhtháthú go tráthúil i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
“Déanfar an obair seo i gcomhordú le CHI agus FSS chun aistriú rianúil isteach i struchtúir sheanbhunaithe rialachais agus maoirseachta FSS a chinntiú.
“Ba mhaith liom freisin teaghlaigh agus othair a chur ar a suaimhneas nach mbeidh aon tionchar ag an athchóiriú seo ar sholáthar laethúil seirbhísí, ar choimisiúnú an ospidéil ná ar aon athbhreithnithe atá ar bun.
“Táim ag tnúth leis an bpróiseas seo a thabhairt chun críche. Forbairt thábhachtach a bheidh ann, mar aon le críochnú Ospidéal Náisiúnta nua na Leanaí, a chuirfidh cúram agus saoráidí den chaighdeán is airde ar fáil do dhaoine óga.”
“Oibreoidh an Roinn go dlúth le hOifig an Ard-Aighne chun an reachtaíocht a dhréachtú d’fhonn tús a chur leis an bpróiseas reachtaíochta san Oireachtas a luaithe is féidir.”
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí:
Bunaíodh CHI mar chomhlacht reachtúil an 1 Eanáir 2019 nuair a achtaíodh an tAcht um Shláinte Leanaí, 2018.
Leis sin, tugadh Ospidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid an Teampaill, Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn, agus an tseirbhís phéidiatraiceach in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta le chéile in aon eintiteas reachtúil nua amháin. Tá CHI freagrach freisin as an Ionad Péidiatraiceach Othar Seachtrach agus Cúraim Phráinne ag Ospidéal Uí Chonghaile, a osclaíodh in 2019, agus as an Aonad Othar Seachtrach agus Cúraim Éigeandála atá suite ar champas Ospidéal Ollscoile Thamhlachta, a osclaíodh i mí na Samhna 2021.
Tá Scéim Ghinearálta an Bhille um Shláinte Leanaí Éireann, 2026 le fáil anseo.