An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Foilsíonn an tAire Sláinte Taighde ar Ullmhacht do Phaindéimí agus d’Éigeandálaí
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, trí thuarascáil ón Monatóir Iompraíochta um Ullmhacht do Phaindéimí agus d’Éigeandálaí inniu. Is tionscadal taighde idirnáisiúnta é sin ina scrúdaítear an chaoi a n-ullmhaíonn daoine aonair agus pobail le haghaidh móréigeandálaí sláinte poiblí.
Cuirtear sna tuarascálacha torthaí suirbhéanna a rinneadh idir Meán Fómhair 2024 agus Deireadh Fómhair 2025 i láthair agus tugtar léargas luachmhar iontu ar dhearcthaí an phobail, ar iompraíochtaí ullmhachta agus ar eolas a bhaineann leis an tsláinte in Éirinn agus i dtrí thír Eorpacha eile.
Agus na tuarascálacha á bhfoilsiú aici, dúirt an tAire:
“Tugann an taighde seo léargas luachmhar ar an gcaoi a n-ullmhaíonn daoine le haghaidh éigeandálaí, ar na bearnaí atá fós ann agus ar an gcaoi ar féidir an athléimneacht a neartú. Tacóidh na torthaí le cur chuige na hÉireann i leith pleanála éigeandála agus cuideoidh siad lena chinntiú gur féidir lenár gcóras sláinte freagairt go héifeachtach do bhagairtí sláinte poiblí amach anseo.
“Braitheann ullmhacht éifeachtach ar infheistíocht leanúnach sa taighde, ar chomhar láidir idirnáisiúnta agus ar chinntí atá bunaithe ar fhianaise. Cuideoidh na tuarascálacha seo leis an obair sin a threorú.”
Tá an taighde mar chuid d’iarrachtaí níos leithne na Roinne Sláinte cumais ullmhachta agus freagartha na hÉireann i gcás éigeandálaí a fheabhsú, mar a leagtar amach i dTuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh Saineolaithe um Bhagairtí Sláinte atá ag Teacht Chun Cinn.
D’fhorbair Institiúid Náisiúnta na hÍsiltíre um Shláinte Phoiblí agus um an gComhshaol (RIVM) an staidéar, ina scrúdaítear iompraíochtaí ullmhachta in Éirinn, sa tSlóivéin, sa Spáinn agus san Ísiltír. Tar éis suirbhé tosaigh a rinne RIVM in 2023, thacaigh an Roinn Sláinte le trí bhabhta breise suirbhéanna chun an bonn fianaise le haghaidh pleanáil ullmhachta amach anseo a neartú.
Trí dhearcthaí agus iompraíochtaí an phobail a rianú le himeacht ama agus torthaí ó cheithre thír Eorpacha a chur i gcomparáid lena chéile, soláthraíonn an taighde fianaise thábhachtach chun tacú le forbairtí beartais amach anseo. Cuideoidh na torthaí le lucht déanta beartas dúshláin atá ag teacht chun cinn a shainaithint, éifeachtacht beart ullmhachta a mheas agus ullmhacht na hÉireann le haghaidh réimse leathan éigeandálaí sláinte poiblí a neartú.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Is uirlis suirbhé atá bunaithe ar theoiric é an Monatóir Iompraíochta um Ullmhacht do Phaindéimí agus d’Éigeandálaí, atá ceaptha chun ullmhacht iompraíochta an phobail le haghaidh géarchéimeanna agus éigeandálaí sláinte amach anseo a mheas agus a rianú.
- Ba é príomhsprioc an tionscadail ullmhacht an phobail, iompraíochtaí sláinte agus tosca síceasóisialta a mheas chun cabhrú leis na húdaráis freagairtí éifeachtacha ar éigeandálaí sláinte a cheapadh, trí mheasúnú a dhéanamh ar dhearcthaí i leith ullmhachta, ar shláinte fhéintuairiscithe agus ar iompraíochtaí cosanta sonracha.
- Soláthraíonn toradh gach babhta suirbhé sonraí ar féidir gníomhú dá réir d’institiúidí sláinte poiblí chun bonn eolais a chur faoi chumarsáid agus beartas amach anseo.
- Tá páipéar taighde a d’eascair as an obair seo, “Próifílí síceasóisialta na hullmhachta do phaindéimí agus d’éigeandálaí sláinte: anailís ar aicmí folaigh i gceithre thír Eorpacha”, faoi athbhreithniú piaraí faoi láthair lena fhoilsiú in ‘Scientific Reports’. Tá réamhphrionta ar fáil tríd an Open Science Foundation.
- Ba iad seo a leanas na comhpháirtithe a chuir leis an tionscadal:
- An Roinn Iompraíochta agus Sláinte, an Lárionad um Chosc, Stíl Mhaireachtála agus Sláinte, Sláinte Phoiblí agus Seirbhísí Sláinte, RIVM, an Ísiltír
- Institiúid Sláinte Carlos III, an Spáinn
- Lárionad Inniúlachta an Choimisiúin Eorpaigh um Léargais Iompraíochta
- An tAonad Slándála Sláinte agus an tAonad um Mheastóireacht Straitéiseach ar Thaighde, an Roinn Sláinte, Éire
- An Institiúid Náisiúnta um Shláinte Phoiblí (NIJZ), an tSlóivéin