An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Foilsíonn an tAire Murnane O’Connor Tuarascáil ar an gComhairliúchán Poiblí maidir le Leapacha Gréine
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhoilsigh an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor TD, inniu Tuarascáil ar an gComhairliúchán Poiblí maidir le Leapacha Gréine. Leagtar amach sa Tuarascáil na tuairimí a fuarthas ó bhaill den phobal, ó oibrithe sláinte, ón tionscal, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus ó pháirtithe leasmhara eile maidir le cosc atá beartaithe ar úsáid tráchtála leapacha gréine.
Seoladh an comhairliúchán poiblí an 25 Iúil 2025 agus bhí sé ar oscailt go dtí an 3 Deireadh Fómhair 2025. Rinneadh é mar chuid d’obair an Rialtais chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngealltanas i gClár an Rialtais go bhfiosrófaí bealaí chun cosc a chur ar úsáid tráchtála leapacha gréine in Éirinn.
Fuarthas 9,320 freagra ar an suirbhé ó chónaitheoirí in Éirinn mar chuid den chomhairliúchán poiblí. D’aithin formhór na bhfreagróirí iad féin mar bhaill den phobal, agus fuarthas freagraí freisin ó oibrithe sláinte, ó ionadaithe ón tionscal, ó ENRanna agus ó dhaoine eile. Fuarthas aon aighneacht scríofa déag ó eagraíochtaí freisin tríd an mbosca ríomhphoist tiomnaithe don chomhairliúchán.
Tugtar léargas tábhachtach sa Tuarascáil ar na tuairimí agus na dearcthaí maidir le cosc atá beartaithe ar úsáid tráchtála leapacha gréine.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Murnane O’Connor:
“Cuirim fáilte roimh fhoilsiú na Tuarascála ar an gComhairliúchán Poiblí maidir le Leapacha Gréine, ina dtugtar léargas luachmhar ar thuairimí daoine agus eagraíochtaí maidir le húsáid tráchtála leapacha gréine in Éirinn. Léirítear sa chomhairliúchán gur saincheist chasta bheartais í seo agus go bhfuil tuairimí láidre ag an bpobal, ag earnáil na sláinte, ag an tionscal agus ag grúpaí páirtithe leasmhara ina leith.
Tá an Rialtas tiomanta don obair seo a chur chun cinn ar bhealach atá bunaithe ar fhianaise agus atá comhréireach. Beidh an Tuarascáil seo, mar aon le breithnithe dlíthiúla agus eacnamaíocha agus breithnithe a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus leis an tsláinte phoiblí, mar bhonn eolais don chéad chéim eile den fhorbairt beartais.”
Sainaithníodh sa Chomhairliúchán Poiblí maidir le Leapacha Gréine difríochtaí sna dearcthaí maidir le cosc féideartha ar úsáid tráchtála leapacha gréine. Níor thacaigh go leor freagróirí le cosc ar úsáid tráchtála leapacha gréine, agus luaigh siad rogha phearsanta, féinmhuinín, cuma, meabhairshláinte, tairbhí a measadh a bheith ann do riochtaí craicinn, agus imní go bhféadfadh cosc a bheith ina chúis le húsáid leapacha gréine i suíomhanna neamhrialáilte.
Ag an am céanna, sainaithníodh sa Chomhairliúchán Poiblí maidir le Leapacha Gréine tacaíocht ó pháirtithe leasmhara i réimsí na sláinte poiblí, na habhcóideachta othar agus na sláinte comhshaoil, agus ó ENRanna, do bhearta sláinte poiblí feabhsaithe, lena n-áirítear cosc, ar mhaithe le hailse a chosc, leanaí a chosaint agus nochtadh do charcanaigin atá aitheanta a laghdú.
Dúirt an tAire Murnane O’Connor freisin:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chuir am ar leataobh chun freagra a thabhairt ar an gComhairliúchán Poiblí maidir le Leapacha Gréine, lena n-áirítear baill den phobal, gairmithe sláinte, eagraíochtaí abhcóideachta, ionadaithe pobail agus páirtithe leasmhara ón tionscal. Cabhróidh a gcuid rannchuidithe lena chinntiú go ndéanfar cinntí beartais amach anseo ar bhealach trédhearcach agus ar bhonn eolais.
Tar éis tuilleadh anailíse beartais agus rannpháirtíochta leis an AE a thabhairt chun críche, cuirfear roghanna beartais faoi bhráid an Rialtais chun cinneadh a dhéanamh ina leith.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Seoladh an Comhairliúchán Poiblí maidir le Cosc Féideartha ar Úsáid Tráchtála Leapacha Gréine in Éirinn an 25 Iúil 2025 agus dúnadh é an 3 Deireadh Fómhair 2025.
- Fuarthas 9,320 freagra ar an suirbhé ó chónaitheoirí in Éirinn agus 11 aighneacht scríofa ó eagraíochtaí mar chuid den chomhairliúchán.
- Áirítear i gClár an Rialtais gealltanas chun bealaí a fhiosrú le cosc a chur ar úsáid tráchtála leapacha gréine in Éirinn.
- Beidh breithnithe dlíthiúla agus eacnamaíocha agus breithnithe a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus leis an tsláinte phoiblí san áireamh sa chéad chéim eile d’obair na Roinne, sula gcuirfear roghanna beartais faoi bhráid an Rialtais chun cinneadh a dhéanamh ina leith.