Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Molann an tAire O’Donnell do sholáthraithe tithe altranais éilimh a chur isteach sula dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse iarratais ar an Scéim Feabhsaithe Timpeallachta do Chónaitheoirí Tithe Altranais (REE) an 20 Samhain 2026

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:
  • Tá an Scéim Feabhsaithe Timpeallachta do Chónaitheoirí Tithe Altranais (REE), ar fiú €10 milliún í, ag cabhrú le tithe altranais a n-áitribh a fheabhsú agus a uasghrádú agus na rialacháin a chomhlíonadh.
  • Tá suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais cáilitheach le haghaidh oibreacha incháilithe faoin scéim.
  • Is féidir éilimh a dhéanamh ar oibreacha incháilithe a rinneadh idir an 1 Eanáir 2025 agus an 20 Samhain 2026.

Cuireann an tAire Stáit do Dhaoine Scothaosta agus do Thithíocht, Kieran O’Donnell T.D., i gcuimhne do sholáthraithe tithe altranais go nglacfar le hiarratais faoin Scéim Feabhsaithe Timpeallachta do Chónaitheoirí Tithe Altranais (REE) go dtí an 20 Samhain 2026.

D’fhonn feabhas a chur ar eispéireas laethúil chónaitheoirí tithe altranais, tá suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais cáilitheach le haghaidh oibreacha struchtúracha/oibreacha eile a dhéantar go sonrach chun feabhas a chur ar thimpeallacht na gcónaitheoirí, ar shábháilteacht agus ar shaoráidí i dtithe altranais i gcomhréir le Rialachán 17 (Áitribh) de I.R. Uimh. 415/2013 - Na Rialacháin fán Acht Sláinte 2007 (Cúram agus Leas Cónaitheoirí in Ionaid Ainmnithe do Dhaoine Scothaosta), 2013 (arna leasú), mar atá feidhm aige maidir le spásanna comhchoiteanna inmheánacha agus seachtracha do chónaitheoirí, lena seomraí codlata/seomraí folctha, agus le trealamh, troscán agus feistis lena n-úsáid ag cónaitheoirí.

Féadfaidh tithe altranais incháilithe éilimh a dhéanamh ar oibreacha a rinneadh i mbliana idir an 1 Eanáir agus an 20 Samhain 2026 agus ar oibreacha a rinneadh roimhe sin le linn 2025, idir an 1 Eanáir 2025 agus an 31 Nollaig 2025, a chomhlíonann critéir na scéime. Go dtí seo, tá €3.88 milliún íoctha cheana féin le 159 teach altranais faoin Scéim REE.

Dúirt an tAire O’Donnell:

“Baineann an Scéim Feabhsaithe Timpeallachta do Chónaitheoirí Tithe Altranais (REE), ar fiú €10 milliún í, le feabhas a chur ar eispéireas laethúil na gcónaitheoirí agus mholfainn do gach teach altranais incháilithe iarratas a dhéanamh.

“Faoin Scéim REE, tá feabhsuithe ar sheomraí codlata agus seomraí folctha na gcónaitheoirí, ar spásanna pearsanta agus ar limistéir chomhchoiteanna ceaptha chun tacú le dínit, sábháilteacht, neamhspleáchas, príobháideachas, rannpháirtíocht shóisialta agus folláine fhoriomlán na gcónaitheoirí.

“Is eol dom go bhféadfadh sé a bheith costasach do thithe altranais oibreacha a dhéanamh chun na ceanglais a chomhlíonadh, go háirithe do thithe altranais níos lú, do thithe altranais deonacha agus do thithe altranais níos sine. Tá sé mar aidhm ag an scéim cuid de na brúnna airgeadais sin a mhaolú, agus tá suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais cáilitheach le haghaidh oibreacha incháilithe.

“Molaim d’aon teach altranais nach bhfuil iarratas déanta aige fós a iarratas a chur isteach. Ina theannta sin, mura bhfuil teach altranais tar éis leas a bhaint as an €25,000 iomlán atá ar fáil agus má tá oibreacha incháilithe déanta aige cheana féin faoin scéim seo, molaim dó éileamh eile a chur isteach. Ní mór gach éileamh ar íocaíocht a chur isteach faoin 20 Samhain 2026.

“Bím ag díriú i gcónaí ar shábháilteacht agus ar fholláine chónaitheoirí tithe altranais. Tá sé tábhachtach go gcuirfí daoine scothaosta agus a dteaghlaigh ar a suaimhneas go gcomhlíonann ár saoráidí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh na caighdeáin is airde is féidir.”

Tá sonraí na scéime, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, ar fáil ar shuíomhanna gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF).

CRÍOCH


NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

  • Déanann an Roinn Sláinte maoirseacht ar an scéim agus tuairiscíonn sí don Aire O’Donnell maidir le feidhmiú na scéime.
  • Riarann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an scéim agus riarann an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) an próiseas iarratais agus cuireann sé tacaíocht agus comhairle ar fáil do FSS.
  • Déantar íocaíochtaí ar bhonn ráithiúil.
  • Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta deiridh, an 20 Samhain 2026.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat