An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Déanann na hAirí Sláinte agus an Príomhoifigeach Altranais comóradh ar Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar 2026
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Rinne an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD; an tAire Meabhair-Shláinte, Mary Butler TD; an tAire do Dhaoine Scothaosta, Kieran O’Donnell TD; agus an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor TD, comóradh inniu ar Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar agus chuir siad fáilte roimh Éirinn a bheith ina hóstach ar chomhdháil dhomhanda um shábháilteacht othar níos déanaí an mhí seo.
Ag labhairt ar Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar, dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Cuireann Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar ár dtiomantas comhroinnte i gcuimhne dúinn maidir le hothair a chur i gcroílár an chúraim. Cuireann sé i gcuimhne dúinn leanúint de cháilíocht, sábháilteacht agus trédhearcacht a neartú ar fud ár seirbhíse sláinte.
“D’fhéadfadh an tráth a théann othar isteach san ospidéal a bheith ar cheann de na tréimhsí is leochailí i saol an othair. Cé go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh i gcónaí, is údar misnigh dom an dúthracht atá á léiriú ag baill foirne, othair agus abhcóidí ar fud ár seirbhíse sláinte maidir le feabhsuithe leanúnacha ar shábháilteacht othar a chur chun cinn.
“Níos luaithe an tseachtain seo, sheol mé an chéad Straitéis Seipsise in Éirinn in éineacht le FSS agus abhcóidí othar. Léiríonn an straitéis seo an méid is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn othair, abhcóidí agus gairmithe cúraim sláinte le chéile chun cúram a dhéanamh níos sábháilte agus torthaí a fheabhsú ar fud na seirbhíse sláinte.”
Dúirt an tAire Butler:
“I seirbhísí meabhair-shláinte, cuirtear tús leis an tsábháilteacht trí éisteacht le daoine agus freagairt dá riachtanais ag an am ceart. Is féidir le cosc, idirghabháil luath agus rochtain thráthúil ar sheirbhísí pobalbhunaithe difear buan a dhéanamh. Treisíonn Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar an tábhacht a bhaineann le taithí daoine a bhfuil taithí saoil agus taithí reatha acu a úsáid chun cúram atruach a mhúnlú ar feadh aistear téarnaimh gach duine.”
Déanann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar a chomóradh gach bliain an 17 Meán Fómhair 2026. Is é téama na bliana seo ná ‘Cúram sábháilte do ghalair neamhtheagmhálacha’.
Is riochtaí fadtéarmacha iad galair neamhtheagmhálacha (NCDanna), amhail galair chardashoithíocha, ailsí, diaibéiteas agus galair ainsealacha riospráide, ar féidir leo dul i bhfeidhm ar dhaoine de gach aois agus a mbíonn cúram leanúnach de dhíth ina leith go minic ar feadh an tsaoil.
Dúirt an tAire Murnane O’Connor:
“Is minic a dhéanann daoine a bhfuil galair neamhtheagmhálacha orthu cinntí tábhachtacha maidir lena gcúram gach lá. Is féidir le faisnéis shoiléir sláinte, rannpháirtíocht fhiúntach agus cinnteoireacht chomhroinnte cabhrú leo páirt a ghlacadh go muiníneach. Trí sheirbhísí a dhearadh bunaithe ar thaithí saoil na n-othar, is féidir linn riosca a laghdú, cáilíocht a fheabhsú agus tacú le sláinte agus folláine níos fearr.”
Dúirt an tAire O'Donnell:
“I gcás go leor daoine scothaosta, ciallaíonn maireachtáil le galar neamhtheagmhálach cúram agus tacaíocht a bhainistiú thar thréimhse fhada. Dá bhrí sin, ní mór sábháilteacht othar a leathnú níos faide ná coinní aonair agus tacú le leanúnachas cúraim ar fud seirbhísí.
“Is é mo thosaíocht samhail cúraim sláinte agus shóisialta a chur chun cinn a chuireann ar chumas daoine scothaosta saol iomlán neamhspleách a chaitheamh ina bpobail féin chomh fada agus is féidir. Chun é sin a bhaint amach, tá gá le seirbhísí comhordaithe agus leis na tacaíochtaí cuimsitheacha cearta chun freastal ar riachtanais athraitheacha daoine.”
Dúirt an Príomhoifigeach Altranais, Rachel Kenna:
“I mbliana, tá fócas EDS maidir le sábháilteacht othar ar chúram sábháilte do ghalair neamhtheagmhálacha. Ceann dá príomhtheachtaireachtaí is ea go bhféadfadh daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu a bheith i mbaol níos mó díobhála neamhbheartaithe toisc gur minice a bhíonn teagmháil acu le seirbhísí sláinte. Tá córais láidre sábháilteachta othar ríthábhachtach chun an riosca sin a laghdú ar fud seirbhísí cúraim sláinte agus chun tacú le timpeallachtaí sábháilte oibre d’fhoireann cúraim sláinte.
“Áirítear leis na córais sin treoirlínte agus caighdeáin shoiléire maidir le cúram cliniciúil, éisteacht le taithí othar, sonraí a úsáid chun tacú le foghlaim agus feabhsú, agus cur chuige oscailte atruach a ghlacadh nuair a tharlaíonn teagmhais.”
“Tá ár gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta tábhachtach chun foghlaim agus feabhsú leanúnach a chur chun cinn, agus dá bhrí sin tá áthas orainn a bheith mar óstach ar chomhdháil dhomhanda ISQua na bliana seo maidir le sábháilteacht othar. Tá téama chomhdháil ISQua na bliana seo — ‘Ag Bláthú trí Atruacht agus Pobal: Scéalta a Chomhroinnt ar mhaithe le Todhchaí na gCóras Sláinte’ - thar a bheith tráthúil i bhfianaise na ndúshlán iomadúil atá roimh sheirbhísí sláinte ar fud an domhain, agus leagann sé béim ar an ngá atá ann do lucht déanta beartas, d’fhoireann cúraim sláinte agus d’othair oibriú le chéile chun nuálaíochtaí agus réitigh a chur chun cinn chun cúram a dhéanamh chomh sábháilte agus is féidir."
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Lá Domhanda EDS um Shábháilteacht Othar
Tá Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar mar chuid d’fheachtas domhanda de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) chun feasacht a ardú agus chun a chinntiú go mbunaítear sábháilteacht othar mar thosaíocht sláinte dhomhanda. Bunaíodh é in 2019 chun tuiscint dhomhanda ar shábháilteacht othar a fheabhsú, rannpháirtíocht an phobail i sábháilteacht cúraim sláinte a mhéadú agus gníomhaíochtaí domhanda a chur chun cinn chun sábháilteacht othar a fheabhsú agus díobháil d’othair a laghdú.
Is é téama Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar 2026 ná ‘Cúram Sábháilte do ghalair neamhtheagmhálacha’, agus is é an mana ‘Cúram Sábháilte ar Feadh an tSaoil!’ Éilíonn sé gníomhaíocht ó earnálacha agus ó pháirtithe leasmhara éagsúla chun a chinntiú nach ndéanfar díobháil d’aon duine agus cúram á fháil aige nó aici do NCDanna.
Is tosaíocht dhomhanda é aghaidh a thabhairt ar ghalair neamhtheagmhálacha, mar a léirítear i ndearbhú polaitiúil na Náisiún Aontaithe maidir le galair neamhtheagmhálacha agus meabhairshláinte, ina n-iarrtar cosc agus bainistiú fadtéarmach galair neamhtheagmhálacha a neartú. Chun na gealltanais sin a bhaint amach, tá gá le rochtain ar chúram sábháilte ar ardchaighdeán.
Ar fud an domhain, déantar díobháil d’othar amháin as gach 10 le linn cúraim sláinte, agus meastar go bhféadfaí thart ar leath den díobháil sin a chosc. Tá daoine a bhfuil galair neamhtheagmhálacha orthu thar a bheith leochaileach ó thaobh díobhála de mar gheall ar nádúr fadtéarmach a riochtaí, a riachtanais leanúnacha cóireála agus a n-idirghníomhaíochtaí minice le córais sláinte. Méadaíonn an nochtadh athfhillteach seo an dóchúlacht go ndéanfar díobháil le himeacht ama. Tá ilriochtaí ainsealacha ar go leor daoine freisin, rud a mhéadaíonn an baol díobhála tuilleadh.
Ceann de na príomhdhoiciméid bheartais atá mar bhonn le héiteas Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar is ea Plean Gníomhaíochta Domhanda EDS um Shábháilteacht Othar 2019-2030. Leagtar amach sa chreat gníomhaíochta seo an treo straitéiseach i dtreo deireadh a chur le díobháil inseachanta i gcúram sláinte thar na 10 mbliana atá romhainn. Cuireann Éire le suirbhé leanúnach EDS ar dhul chun cinn tíortha maidir leis an bplean a chur chun feidhme ina gcomhthéacsanna áitiúla féin.
ISQua 2026
Ón 27 go dtí an 30 Meán Fómhair 2026, cuirfidh Éire fáilte roimh ghairmithe cúraim sláinte agus saineolaithe ó gach cearn den domhan chuig Comhdháil Idirnáisiúnta ISQua 2026. Táthar ag súil go dtabharfaidh an chomhdháil breis agus 1,400 duine ó níos mó ná 80 tír le chéile. Cuireann Comhdháil ISQua deis thábhachtach ar fáil saineolaithe ó gach cearn den domhan a thabhairt le chéile chun a gcuid foghlama a roinnt agus ár dtiomantas do cháilíocht, sábháilteacht agus cúram duinelárnach a neartú.
Is é téama chomhdháil na bliana seo ná “Ag Bláthú trí Atruacht agus Pobal: Scéalta a Chomhroinnt ar mhaithe le Todhchaí na gCóras Sláinte.”
Díreoidh an chomhdháil ar cháilíocht cúraim sláinte agus ar shábháilteacht othar agus cuirfidh sí deis ar fáil do dhaoine atá ag obair ar fud na hearnála sláinte a dtaithí, a gcuid smaointe agus a gcuid foghlama a roinnt.
Tá an ócáid á hóstáil i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Sláinte agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Féach an nasc chuig an gcomhdháil
Féach an nasc chuig suíomh gréasáin ISQua
Tuarascáil Global State of Patient Safety 2025
D’ardaigh Éire a rangú ón seachtú háit go dtí an ceathrú háit ar domhan i dtuarascáil Imperial College London, Global State of Patient Safety 2025, a foilsíodh níos luaithe i mbliana.