Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Éiríonn leis na hAirí Sláinte an Bille um Ghaltoitíní Aonúsáide a thabhairt tríd an dá Theach den Oireachtas

Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, Teachta Dála, agus an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor, Teachta Dála, tar éis an Bille Sláinte Poiblí (Galtoitíní Aonúsáide), 2025 a thabhairt tríd an dá Theach den Oireachtas inniu. Cuirfear an reachtaíocht seo faoi bhráid Uachtarán na hÉireann anois lena breithniú.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Tá sé i gceist agam tús feidhme a thabhairt don reachtaíocht seo a luaithe is féidir agus táim fíorbhuíoch de mo chomhghleacaí, an tAire Jennifer Murnane O’Connor, as an obair a rinne sí chun an Bille seo a thabhairt tríd an Oireachtas. Beidh sé mhí ag an tionscal agus ag miondíoltóirí ón tosach feidhme chun stoc neamhchomhlíontach a ghlanadh. Mar is amhlaidh i gcás gach reachtaíochta maidir le táirgí tobac agus táirgí gaolmhara, rachaidh Seirbhís Náisiúnta Sláinte Comhshaoil FSS i dteagmháil le gnólachtaí lena chinntiú go dtuigeann siad a n-oibleagáidí.

“Baineann an Bille seo le cosc. Trí thoirmeasc a chur ar ghaltoitíní aonúsáide, táimid ag cuidiú le handúil i nicitín a chosc sula dtosaíonn sí agus le timpeallacht níos glaine a chruthú do gach duine.”

Ghabh an tAire Murnane O’Connor buíochas le Teachtaí Dála agus Seanadóirí as a dtacaíocht don reachtaíocht agus dúirt sí:

“Tá áthas orm gur éirigh liom an reachtaíocht thábhachtach seo a thabhairt tríd an dá Theach den Oireachtas agus gabhaim buíochas leis an Aire Carroll MacNeill agus le mo chomhghleacaithe sa Roinn Sláinte as a dtacaíocht agus as a saothar dícheallach. Mar atá ráite agam le linn na ndíospóireachtaí ar fad, baineann an reachtaíocht seo le sláinte ár leanaí a chosaint agus fáil réidh leis na galtoitíní is mealltaí, is saoire agus is fusa le húsáid ar an margadh. Is maith don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol é cosc a chur ar na táirgí diomailteacha seo.

“Tá sé mar chuid de shraith beart atá beartaithe ag an Rialtas seo a ghlacadh chun tarraingt galtoitíní agus táirgí nicitín ar dhaoine óga, agus rochtain daoine óga orthu, a laghdú tuilleadh. Rialálfaidh an Bille Sláinte Poiblí (Táirgí Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín) (Leasú) blasanna agus cuma na ngaltoitíní, socróidh sé aois íosta díola 18 mbliana do gach táirge nicitín, agus cuirfidh sé srian lena dtaispeáint mhiondíola agus lena bhfógraíocht.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat