Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Figiúirí míosúla na liostaí feithimh – Lúnasa 2026

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

Foilsíodh na figiúirí is déanaí maidir le liostaí feithimh ospidéil inniu ag an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF).

Tá cur chuige ilbhliantúil an Phlean Gníomhaíochta, ar cuireadh tús leis i Meán Fómhair 2021, dírithe ar amanna feithimh d’othair a fheabhsú, agus léirítear i bPlean Gníomhaíochta um Amanna Feithimh (WTAP) 2026 tiomantas an Rialtais d’amanna feithimh d’othair a laghdú agus, ar an gcaoi sin, rochtain ar chúram ospidéil a fheabhsú.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an tseirbhís sláinte maidir le tréimhsí feithimh othar a laghdú faoi chur chuige ilbhliantúil an Phlean Gníomhaíochta, lena n-áirítear go raibh circa 48%, nó c. 135,400, níos lú othar ag feitheamh le breis agus 12 mhí ó Mheán Fómhair 2021. Sa tréimhse chéanna, tháinig feabhas c. 43%, nó 5.2 mí, ar an Meán-Am Feithimh Ualaithe (WAWT) d’othair ar fud na liostaí.

D’ainneoin na bhfeabhsuithe fadtéarmacha sin, bhí tionchar le déanaí ar liostaí feithimh ag an treocht leanúnach maidir le héileamh níos airde agus méadú ar atreoruithe, rud a rinne fritháireamh ar na leibhéil ghníomhaíochta atá méadaithe go suntasach agus atá á mbaint amach in ospidéil ghéarmhíochaine.

Tá méadú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar an éileamh ar chúram sceidealaithe, nó pleanáilte, agus tá an t-éileamh sin níos airde ná mar a bhí roimh an bpaindéim agus ná mar a bhíothas ag súil leis ó thaobh na déimeagrafaíochta de. Cé go bhfuil sé mar aidhm ag an tseirbhís sláinte cosc a chur ar fhás na liostaí feithimh, d’fhéadfadh leibhéil níos airde atreoruithe a bheith ina léiriú freisin ar rochtain níos fearr ar chúram riachtanach, ar fheasacht mhéadaithe ar na seirbhísí atá ar fáil agus ar sholáthar seirbhísí níos fairsinge. D’fhéadfadh an méadú ar leibhéil na gníomhaíochta diagnóisí atá á mbaint amach cur leis an éileamh méadaithe sin freisin.

Leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta um Amanna Feithimh 2026 36 ghníomh faoi thrí théama a mbeidh tionchar suntasach acu ar liostaí feithimh agus a rachaidh chun tairbhe d’othair go mór. Táthar ag cur atreoruithe láraithe agus liostaí feithimh curtha i dtoll a chéile i bhfeidhm faoin téama “Cúram Pleanáilte a Athchóiriú”. Tá roinnt teicneolaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochtaí cumasúcháin á gcur chun cinn faoin téama “Cúram Pleanáilte a Chumasú”, lena n-áirítear rannpháirtíocht othar ar bhonn fíorúil a leathnú go leanúnach agus tuilleadh gnéithe a rolladh amach in Aip Sláinte FSS. Tá an acmhainneacht do chúram pleanáilte á huasmhéadú faoin téama “Barrfheabhsú Acmhainneachta”, lena n-áirítear an ghníomhaíocht bhreise atá á soláthar trí na moil nua mháinliachta.

Oibreoidh na gníomhaíochtaí WTAP sin i gcomhar le hacmhainneacht mhéadaithe a sholáthar agus le nuálaíochtaí cliniciúla agus teicniúla atá ag teacht chun cinn mar chuid de chur chuige níos comhtháite maidir le cúram pleanáilte a sholáthar, lena n-áirítear:

  • Nuálaíocht spriocdhírithe i gcuir chuige cliniciúla nua amhail ionscópacht thrasnasach.
  • Na Cláir Náisiúnta um Chúram Cliniciúil chun scileanna Dochtúirí Ginearálta a fheabhsú agus tuilleadh seirbhísí a sholáthar i gcúram príomhúil, m.sh. ardoiliúint maidir le haicne (Deirmeolaíocht) agus Scileanna Mionmháinliachta (ENT).

Léirítear sna figiúirí a foilsíodh inniu roinnt comharthaí dearfacha, lena n-áirítear laghdú ó dheireadh mhí Iúil ar líon na n-othar ar liosta na nOthar Cónaitheach / na gCásanna Lae (IPDC). Leanfaidh an Roinn de bheith ag obair le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus leis an NTPF chun feidhmíocht na liostaí feithimh a fheabhsú, lena chinntiú go gcuirfear gníomhaíochtaí WTAP chun feidhme ina n-iomláine agus go mbainfear an leas is fearr is féidir as cuir chuige nuálacha maidir le cúram a sholáthar. Áireofar leis sin rannpháirtíocht tríd an Tascfhórsa um Amanna Feithimh, atá freagrach as rialachas agus maoirseacht ar chur chun feidhme WTAP 2026.

Tá tús á chur leis an rannpháirtíocht i bhforbairt WTAP 2027, a bhfuil sé beartaithe go leanfaidh sé de bheith dírithe ar amanna feithimh a laghdú trí athchóirithe seirbhíse, feabhsuithe ar tháirgiúlacht agus ar éifeachtúlacht, agus acmhainneacht fheabhsaithe.

CRÍOCH

Nótaí do na hEagarthóirí:

Cuireadh tús le cur chuige ilbhliantúil an Phlean Gníomhaíochta i mí Mheán Fómhair 2021 chun liostaí feithimh agus amanna feithimh ospidéil a laghdú agus a athchóiriú ar bhealach inbhuanaithe.

Tá an Rialtas tiomanta d’amanna feithimh a laghdú tuilleadh, agus é mar sprioc go bhfeicfear gach othar laistigh de sprioc Sláintecare de 10 seachtaine i gcás OPD (Rannóg na nOthar Seachtrach) agus 12 sheachtain i gcás IPDC (Othar Cónaitheach / Cásanna Lae) agus Ionscópacht Ghastraistéigeach (Scóip GI).

Tá béim curtha ag comhlachtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), ar an bhfíric gur tomhas níos tábhachtaí é an t-am feithimh ná líon iomlán na n-othar ar liostaí feithimh agus feidhmíocht seirbhíse sláinte á meas. Tá roinnt buntáistí ag baint le hamanna feithimh a laghdú ó thaobh an othair de, lena n-áirítear maolú a dhéanamh ar an mbaol go rachadh riochtaí in olcas agus go mbeadh torthaí sláinte níos measa mar thoradh air sin, agus feabhas a chur ar shástacht othar le soláthar cúraim.

D’oibrigh an Roinn Sláinte, FSS agus an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) go dlúth le chéile chun na gníomhaíochtaí agus na spriocanna sonracha a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta na bliana seo a fhorbairt.

Cé go ndíríonn an Plean Gníomhaíochta um Amanna Feithimh 2026 ar na hamanna feithimh a fheabhsú, is tomhas tábhachtach fós ar fheidhmíocht fhoriomlán na liostaí feithimh iad na hathruithe ar líon na ndaoine ar na liostaí sin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat