Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsiú na Tríú Tuarascála Bliantúla ar Dhul Chun Cinn ón Tascfhórsa Ardleibhéil um Meabhairshláinte agus Andúil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Jim O’Callaghan TD, an tAire Stáit um Meabhairshláinte, Mary Butler TD, agus an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor TD, Tríú Tuarascáil Bhliantúil Choiste Stiúrtha an Tascfhórsa Ardleibhéil um Meabhairshláinte agus Andúil. Leagtar amach sa Tuarascáil an dul chun cinn atá déanta maidir le réimse gníomhaíochtaí atá á ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mheabhairshláinte agus andúile daoine atá sa phríosún.

Is í seo an tríú tuarascáil ón gCoiste Stiúrtha, a bhunaigh an Roinn Sláinte agus an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí i dtuarascáil an Tascfhórsa Ardleibhéil, a foilsíodh in 2022. Tá an chéad agus an dara tuarascáil ón gcoiste ar fáil anseo.

I measc na bpríomhréimsí ina ndearnadh dul chun cinn le linn na tréimhse ó Mheán Fómhair 2024 go Meán Fómhair 2025 a chumhdaítear sa tuarascáil, tá seoladh threoirthionscadal na Foirne Tacaíochta um Rochtain Pobail (CAST) i Luimneach; €2.1 milliún a sholáthar chun na 18 leaba eile san Ospidéal Náisiúnta Meabhair-Shláinte a oscailt; €2 mhilliún a sholáthar le haghaidh teiripí nua cainte agus tacaíochtaí comhairleoireachta d’fhir go sonrach; Ceannasaí Meabhairshláinte agus Andúile Sheirbhís Phríosúin na hÉireann (IPS) a cheapadh; foilsiú “Pobal nó Coimeád? Athbhreithniú ar Fhianaise agus ar Dhearcthaí Breithiúna a Ghearrann Pianbhreitheanna maidir le hOrduithe Seirbhíse Pobail agus Pianbhreitheanna Gearrthéarmacha Príosúnachta”; agus seoladh an chéad Phlean um Chur Chun Cinn na Meabhairshláinte in Éirinn – ‘Conairí i dTreo na Folláine’.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Fáiltím roimh fhoilsiú na Tríú Tuarascála Bliantúla ar Dhul Chun Cinn ón Tascfhórsa Ardleibhéil um Meabhairshláinte agus Andúil, a fhéachann le tacaíocht níos fearr a thabhairt do dhaoine sa chóras ceartais choiriúil a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte agus/nó andúile acu.

“Tríd an ngealltanas seo ón Rialtas a chomhlíonadh, cinntítear go bhfreastalaítear ar bhealach níos fearr ar riachtanais ríthábhachtacha mheabhairshláinte daoine atá sa phríosún, go gcuirtear cóireálacha andúile ar fáil agus go mbíonn tacaíochtaí cuí cúraim phríomhúil ar fáil dóibh nuair a scaoiltear saor iad.

“Tuigimid go bhfuil riachtanais chasta ag na daoine a bhíonn i dteagmháil leis an gcóras ceartais choiriúil agus, ós rud é gur minic a bhíonn tionchar ag dúshláin mheabhairshláinte agus andúile orthu, tá cur chuige comhoibríoch ríthábhachtach i gcónaí chun an dul chun cinn a chothú ar son cuid de na daoine is leochailí, agus go deimhin is mó a ndéantar dearmad orthu, inár sochaí.

“Is údar misnigh ar leith é gur choinnigh na gníomhaireachtaí uile leis an tiomantas láidir do chur chun cinn Thuarascáil an HLTF agus táim ag súil go mór go leanfar leis an dlúthchomhar seo i rith 2026 chun torthaí sláinte an ghrúpa seo a fheabhsú agus chun difear fiúntach a dhéanamh don chaoi a gcaitear leo.”

Dúirt an tAire O’Callaghan:

“Fáiltím roimh an Tríú Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn ón Tascfhórsa Ardleibhéil um Meabhairshláinte agus Andúil. Léiríonn an dul chun cinn atá déanta maidir le moltaí an tascfhórsa an fiúntas a bhaineann le comhar tras-rannach chun a chinntiú go mbíonn na seirbhísí agus na cóireálacha cearta ar fáil chun tacú le daoine atá faoi choimeád agus iad i mbun athshlánúcháin agus ag tréigean saol na coiriúlachta.

“Go háirithe, ó ceapadh Ceannasaí Meabhairshláinte agus Andúile Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, tá feabhas mór tagtha ar an nascacht idir seirbhísí chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do dhaoine sa chóras ceartais choiriúil a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte agus/nó andúile acu. Tacóidh an comhordú feabhsaithe seo le leanúnachas cúraim do na príosúnaigh is leochailí atá againn nuair a scaoilfear saor isteach sa phobal iad.

“Mar thoradh ar Fhoireann Tacaíochta um Rochtain Pobail (CAST) a bhunú, mar a mhol an tascfhórsa, rinneadh roinnt daoine a raibh tráma de dheasca a gcúinsí nó géarchéim mheabhairshláinte á bhfulaingt acu a atreorú ón gcóras ceartais choiriúil chuig an gcóras cúraim sláinte.

“Táim ag súil le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le moltaí an tascfhórsa chun cuidiú le córas ceartais choiriúil a neartú, córas a éascaíonn na torthaí is fearr is féidir dóibh siúd a bhíonn i dteagmháil leis agus a chuidíonn le sábháilteacht a mhéadú inár bpobail.”

Dúirt an tAire Butler:

“Léirítear sa tuarascáil seo go bhfuil fíordhul chun cinn déanta maidir le daoine atá i ngéarchéim mheabhairshláinte a atreorú ó ospidéil agus ó shuíomhanna coinneála, agus a chinntiú ag an am céanna go bhfaigheann daoine cúram comhtháite, duinelárnach a fhreastalaíonn ar a riachtanais aonair.

“Táim thar a bheith sásta le treoirthionscadal rathúil na Foirne Tacaíochta um Rochtain Pobail (CAST), lenar léiríodh a éifeachtaí is féidir le luathmheasúnú, luath-idirghabháil agus atreorú a bheith i gcás daoine leochaileacha a bhíonn i dteagmháil leis na Gardaí.

“Lean mé de bheith ag infheistiú i seirbhísí dédhiagnóise agus á leathnú, rud a chuidíonn le daoine a bhfuil dúshláin mheabhairshláinte agus andúil araon á bhfulaingt acu rochtain a fháil ar thacaíocht atá níos comhordaithe agus níos éifeachtaí.

“Tá dul chun cinn suntasach déanta freisin maidir le roinnt samhlacha cúraim a bhaineann le hobair an Tascfhórsa a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear foirne breise Luath-Idirghabhála i leith Síocóise, foireann thiomnaithe NHEA d’Aosaigh do Sheirbhís Síceolaíochta na bPríosún, agus tuilleadh infheistíochta i leathnú Foirne Réitigh Géarchéime pobalbhunaithe agus caiféanna géarchéime ‘Solace’. Tacóidh na hinfheistíochtaí sin le go leor de chuspóirí an Tascfhórsa maidir le freagairtí luath-idirghabhála faoi stiúir na seirbhísí sláinte a chur ar fáil inár bpobail.

“Táim tiomanta i gcónaí d’athchóiriú a bhrú chun cinn ar fud na seirbhísí meabhairshláinte lena chinntiú gur féidir le gach duine a dteastaíonn tacaíocht uaidh rochtain a fháil ar chúram ardchaighdeáin chomh gar dá bhaile agus is féidir, cóireáil a fháil le dínit agus le meas, agus tairbhe a bhaint as tacaíocht a bhaineann go sonrach lena riachtanais aonair.”

Dúirt an tAire Murnane O’Connor:

“Fáiltím roimh fhoilsiú na Tríú Tuarascála Bliantúla ar Dhul Chun Cinn ón Tascfhórsa Ardleibhéil um Meabhairshláinte agus Andúil inniu.

“Aithníonn an Tascfhórsa Ardleibhéil an tábhacht a bhaineann le cur chuige atruach, lena gcuimsítear an duine ina iomláine, a ghlacadh chun tacú le daoine a bhfuil dúshláin mheabhairshláinte agus andúile acu agus a bhíonn i dteagmháil leis an gcóras ceartais choiriúil.

“Tá sé ráite agam i gcónaí go dteastaíonn freagairt iomlánaíoch uainn a thacaíonn le duine aonair chun aghaidh a thabhairt ar na dochair a bhaineann leis na substaintí uile agus chun tacaíochtaí comhtháite cuimsitheacha, atá curtha in oiriúint dá riachtanais aonair, a chur ar fáil. Is coincheap é seo a léirítear go láidir in aidhmeanna, cuspóirí agus obair an Tascfhórsa Ardleibhéil.”

D’ullmhaigh Comhchoiste Stiúrtha an HLTF an tríú tuarascáil bhliantúil seo ar dhul chun cinn, agus ionchur ó chomhlachtaí ábhartha amhail Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Seirbhís Phríosúin na hÉireann, an tSeirbhís Phromhaidh agus An Garda Síochána curtha san áireamh inti.

Nótaí

Bunaíodh an Tascfhórsa Ardleibhéil (HLTF) in 2021 chun gealltanas an Rialtais a chomhlíonadh maidir lena chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais ríthábhachtacha mheabhairshláinte daoine atá sa phríosún, go gcuirtear cóireálacha andúile ar fáil agus go mbíonn tacaíochtaí cuí cúraim phríomhúil ar fáil nuair a scaoiltear saor iad, d’fhonn torthaí níos fearr a chinntiú do na daoine lena mbaineann agus don tsochaí ina hiomláine. Bhí 61 moladh sa tuarascáil deiridh ón HLTF, a foilsíodh i Meán Fómhair 2022, lenar léiríodh obair trí fhoghrúpa.

I measc na bpríomhábhar ar tugadh aghaidh orthu sa Tríú Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn i rith na tréimhse ó Mheán Fómhair 2024 go Meán Fómhair 2025, tá:

  • Seoladh threoirthionscadal na Foirne Tacaíochta um Rochtain Pobail (CAST) i Luimneach an 7 Deireadh Fómhair 2024. Cuireadh tús le feidhmiú an tionscadail Dé Luain, an 13 Eanáir 2025. Is treoirthionscadal é CAST atá á thriail faoi láthair i Rannán an Gharda Síochána i Luimneach. Is treoirthionscadal comhpháirtíochta é idir An Garda Síochána agus Seirbhísí Meabhairshláinte Chúram Sláinte Pobail FSS an Mheániarthair. Trí fhreagairt don phobal i gcomhar le chéile ar bhonn riachtanais an duine aonair, príomhghné de CAST is ea daoine den phobal a threorú chuig an duine ceart, ag an am ceart agus san áit cheart.
  • Soláthraíodh €2.1 milliún chun na 18 leaba eile san Ospidéal Náisiúnta Meabhair-Shláinte a oscailt. Leis na leapacha sin, beifear in ann othair a aistriú ar bhealach níos éifeachtúla trí na leibhéil éagsúla tacaíochta a chuirtear ar fáil trí chonair chúraim an ospidéil, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann tuilleadh othar a ghlacadh isteach. Cuirfidh sé sin príomh-mholtaí an HLTF chun cinn agus cuideoidh sé leis an mbrú a bhaineann le hatreoruithe ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann a mhaolú.
  • Soláthraíodh €2 mhilliún le haghaidh teiripí nua cainte agus tacaíochtaí comhairleoireachta d’fhir go sonrach. Cuireadh tús le rochtain ar na seirbhísí i Meán Fómhair 2025. Tá an tionscnamh seo mar chuid lárnach de chur chuige na hÉireann maidir le cur chun feidhme an bheartais mheabhairshláinte. Tá an maoiniú athfhillteach seo leithdháilte ó Bhuiséad 2025 mar chuid de shraith chomhtháite tionscnamh faoi stiúir an Aire chun a chinntiú gur féidir le daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu rochtain a fháil ar an raon cuí tacaíochtaí, ó chur chun cinn na meabhairshláinte agus cosc, go seirbhísí speisialaithe agus cláir chliniciúla.
  • Ceapadh Ceannasaí Meabhairshláinte agus Andúile Sheirbhís Phríosúin na hÉireann (IPS) chun tacú le hobair an HLTF. Cheap IPS Ceannasaí Cliniciúil Náisiúnta um Meabhairshláinte agus Andúil in 2024. Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag an gCeannasaí Cliniciúil Náisiúnta chun feabhas a chur ar an gcúram a chuirtear ar fáil dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte agus/nó fadhbanna andúile acu ar fud chóras na bpríosún.
  • Leanadh de na Samhlacha Cúraim seo a leanas a chur i bhfeidhm: Dédhiagnóis, Síciatracht Idirchaidrimh agus Chomhairliúcháin, Luath-Idirghabháil i leith Síocóise, NHEA agus Seirbhísí Réitigh Géarchéime.
  • Tá Nósanna Imeachta Caighdeánacha Oibriúcháin (SOPanna) á bhforbairt chun rochtain éasca ar sheirbhísí bainistíochta cásanna a chruthú lena chinntiú gur féidir deacrachtaí meabhairshláinte a chóireáil i suíomhanna cuimsithe shóisialta/cúraim phríomhúil agus príosúin. Síníodh Meabhrán Tuisceana (MoU) idir Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus an tOspidéal Náisiúnta Meabhair-Shláinte go luath in 2024 chun cur chuige comhpháirtíochta a chur ar fáil lena gcruthaítear rochtain éasca ar sheirbhísí bainistíochta cásanna, d’fhonn a chinntiú gur féidir deacrachtaí meabhairshláinte a chóireáil i suíomhanna cuimsithe shóisialta/cúraim phríomhúil agus príosúin. Bunaíodh grúpa maoirseachta ag an am agus tá an Comhaontú um Chomhroinnt Sonraí curtha i gcrích agus sínithe. Tá tús curtha le forbairt na SOPanna a sainaithníodh sa MoU.
  • Ritheadh an Bille Meabhair-Shláinte trí Chéim an Choiste sa Dáil i mí an Mheithimh 2025, trí Chéim na Tuarascála i mí Iúil 2025 agus tríd an Dara Céim sa Seanad i mí Mheán Fómhair 2025. Is píosa ceannródaíoch reachtaíochta é seo lena ndéanfar ár ndlíthe meabhairshláinte a nuashonrú. Is é an Bille an t-athchóiriú is mó ar an reachtaíocht mheabhairshláinte ó tugadh isteach an tAcht Meabhair-Shláinte 2001. Fágfaidh sé go mbeidh ár reachtaíocht níos duinelárnaí agus go mbeidh sí ailínithe níos dlúithe le hoibleagáidí idirnáisiúnta na hÉireann maidir le cearta an duine, amhail na hoibleagáidí faoi UNCRPD. Tugtar gealltanas sa Chlár Rialtais an reachtaíocht seo a achtú chun seirbhísí meabhairshláinte a nuachóiriú dóibh siúd a dteastaíonn siad uathu agus na coimircí riachtanacha a chur i bhfeidhm lena chinntiú go gcosnófar cearta daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu sna blianta amach romhainn.
  • Foilsiú “Pobal nó Coimeád? Athbhreithniú ar Fhianaise agus ar Dhearcthaí Breithiúna a Ghearrann Pianbhreitheanna maidir le hOrduithe Seirbhíse Pobail agus Pianbhreitheanna Gearrthéarmacha Príosúnachta”. Scrúdaítear sa tuarascáil tionchar an Achta um Cheartas Coiriúil (Seirbhís Pobail) (Leasú) 2011, arbh é an rún sainráite a bhí leis úsáid níos forleithne a bhaint as orduithe seirbhíse pobail (CSOanna) i gcás daoine a ciontaíodh i mionchionta a meastar pianbhreith príosúnachta a bheith cuí ina leith.
  • Seimineár Éire Shláintiúil dar teideal “Creat um Príosúin Shláintiúla a Fhorbairt d’Éirinn – Sláinte agus folláine na ndaoine a oibríonn agus a chónaíonn i bpríosúin a fheabhsú”. Bhí ionadaíocht ann ó eagraíochtaí amhail an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Seirbhís Phríosúin na hÉireann, Cumann na nOifigeach Príosúin, FSS, an Institiúid Sláinte Poiblí, an Bord Taighde Sláinte agus gníomhaireachtaí agus grúpaí abhcóideachta éagsúla. Ba é aidhm an tseimineáir ardán a chur ar fáil chun an fhianaise a mheas agus na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le sláinte agus folláine a chur chun cinn i bpríosúin na hÉireann a shainaithint.
  • Forbairt na chéad Straitéise eile um Fhéinmharú agus Féindochar a Laghdú, agus í bunaithe ar mheastóireacht ar Ceangail ar Feadh an tSaoil 2015–2024 agus ar phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Leagtar amach cur chuige an Rialtais maidir le féinmharú a laghdú, idirghabháil agus iarchosc (tacaíocht tar éis tragóid tarlú) sa bheartas Ceangail ar Feadh an tSaoil. I rith 2025, bhí an Roinn Sláinte ag forbairt na chéad straitéise eile um fhéinmharú agus féindochar a laghdú. Bhí an obair seo bunaithe ar mheastóireacht ar Ceangail ar Feadh an tSaoil, straitéis náisiúnta na hÉireann um fhéinmharú a laghdú 2015-2024.
  • Seoladh an chéad Phlean um Chur Chun Cinn na Meabhairshláinte in Éirinn – ‘Conairí i dTreo na Folláine’. Leis an bPlean, cuirtear freagairt uile-Rialtais ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais uilíocha ar fud an daonra agus ar thacaíochtaí spriocdhírithe lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na ndaoine is mó atá i mbaol deacrachtaí meabhairshláinte a bheith acu. Faoi Sprioc 3 den Phlean — Muintearas agus Nascacht Pobail a Neartú — féachtar le príomhchuspóir amháin feabhas a chur ar rochtain ar thacaíochtaí saincheaptha um chur chun cinn na meabhairshláinte do dhaonra na bpríosún, agus aitheantas á thabhairt do leochaileacht mhéadaithe an ghrúpa seo agus don ghá atá acu le hidirghabháil spriocdhírithe.
  • Tá togra á chur chun cinn chun Cúram Fíorúil a chur ar fáil do phríosúnaigh, lena leabaítear conair struchtúrtha faoi stiúir speisialtóirí chun galair ainsealacha a mbaineann ualach mór leo a bhainistiú. D’fhorbair FSS, i gcomhar le IPS, togra chun Cúram Fíorúil a chur ar fáil do phríosúnaigh, lena leabaítear conair struchtúrtha faoi stiúir speisialtóirí chun galair ainsealacha a mbaineann ualach mór leo a bhainistiú.

Foilsíodh Tuarascáil Deiridh an Tascfhórsa Ardleibhéil um dhúshláin mheabhairshláinte agus andúile na ndaoine a bhíonn i dteagmháil le hearnáil an cheartais choiriúil a mheas i Meán Fómhair 2022. Léiríonn an Tuarascáil Deiridh obair na dtrí fhoghrúpa den Tascfhórsa.

Foghrúpa 1: Atreorú. Comhalta den Gharda Síochána ina chathaoirleach air. Scrúdaigh an foghrúpa seo na chéad teagmhálacha a tharlaíonn agus d’fhéach sé le daoine aonair a atreorú ionas nach rachaidís níos faide isteach sa chóras ceartais choiriúil. Chuige sin, chuir An Garda Síochána beartas atreoraithe i bhfeidhm lena úsáid i gcásanna oiriúnacha nuair a thagann comhaltaí i dteagmháil le haosaigh a bhfuil meabhairghalar orthu agus a bhféadfadh mionchion a bheith déanta acu.

Foghrúpa 2: Acmhainn Sheirbhís na bPríosún / an Ospidéil Náisiúnta Meabhair-Shláinte. Stiúrthóir de chuid Sheirbhís Phríosúin na hÉireann a bhí ina chathaoirleach air. Rinne an foghrúpa seo scrúdú ar riachtanais reatha agus riachtanais amach anseo daoine aonair laistigh den chóras ceartais choiriúil. Ba é cuspóir obair Fhoghrúpa 2 a chinntiú go bhfuil soláthar leordhóthanach seirbhísí ann chun freastal ar riachtanais mheabhairshláinte agus dédhiagnóise na ndaoine atá i bpríosúin. Díríonn moltaí an fhoghrúpa seo ar an gcaoi ar féidir feabhas a chur ar na socruithe cúraim atá ann faoi láthair.

Foghrúpa 3: Saincheisteanna pobail agus cúram leanúnach ón gcoimeád. Stiúrthóir na Seirbhíse Promhaidh a bhí ina chathaoirleach air. Dhírigh obair Fhoghrúpa 3 ar scrúdú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí sa phobal agus ar na próisis ghaolmhara a bhaineann leis an gcúram leanúnach a thugtar do phríosúnach agus é ag aistriú ón gcoimeád chuig an bpobal. Is é cuspóir Fhoghrúpa 3 a chinntiú go bhfuil coimircí leordhóthanacha i bhfeidhm agus soláthar leordhóthanach seirbhísí ann chun cosc a chur ar dhaoine aonair athiompú in iompraíochtaí díobhálacha a bhainfeadh an bonn de na hiarrachtaí athshlánúcháin a rinne an duine aonair agus an Stát.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat