Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Sláinte maidir le ceadú an FSS d’aisíocaíocht Skyclarys d’othair a bhfuil Friedreich's Ataxia orthu.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

Is lá tábhachtach é an lá inniu dóibh siúd a bhfuil Friedreich's Ataxia orthu agus dá dteaghlaigh, agus tá cuid acu sin buailte agam. Is lá tábhachtach é i ndomhan ina gcothaíonn a ngalar an iomarca éiginnteachta.

Cé go bhfuil a fhios agam go bhfuil an próiseas reachtúil trína ndéantar na cinntí seo casta, tá sé tábhachtach go gceadódh an pholaitíocht agus na polaiteoirí spás don eolaíocht chun an cinneadh a dhéanamh.

Agus an iomarca éiginnteachta sa domhan faoi láthair, leanfaidh Éire de bheith ag cloí leis an eolaíocht agus le smacht reachta. Go simplí, ní mór do na próisis seo a bheith neamhspleách agus faoi stiúir saineolaithe.

Táim buíoch d’eolaithe Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus dár bhfoireann tráchtála a bhí páirteach sna caibidlíochtaí as an rannpháirtíocht leanúnach agus ghníomhach a léirigh siad chun teacht ar chinneadh an lae inniu, agus gabhaim buíochas leis an monaróir as an rannpháirtíocht dhian a bhí acu, go háirithe le cúpla lá anuas.

Táim buíoch de na hothair a chuir síos chomh cúramach sin ar a gcuid eispéiris phearsanta. Táim buíoch freisin de na cliniceoirí iomadúla a chuir a saineolas agus a gcomhairle ar fáil d’Fhoireann Shinsearach Bainistíochta an FSS chun an cinneadh a dhéanamh inniu.

Déanfaidh an FSS teagmháil leis an gcomhlacht anois chun an próiseas a chur i bhfeidhm trína bhféadfaidh othair rochtain a fháil ar an druga. D'iarr mé go dtosófaí ar an obair seo láithreach.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat