Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an Tánaiste agus an tAire Stáit do Dhaoine Scothaosta fógra faoi mhéadú €2 mhilliún i maoiniú don tSeirbhís Béilí ar Rothaí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

Ag tabhairt cuairte ar an tSeirbhís Béilí ar Rothaí in Ionad Pobail Naomh Munchin i gCathair Luimnigh inniu, d’fhógair an Tánaiste, Simon Harris, agus an tAire Stáit do Dhaoine Scothaosta, Kieran O’Donnell, méadú €2 mhilliún i leithdháileadh maoinithe an FSS do 2026 d’eagraíochtaí Béilí ar Rothaí ar fud na tíre.

Tabharfaidh an maoiniú breise seo, arb ionann é agus méadú breis agus 30% ar an mbliain seo caite, an leithdháileadh iomlán maoinithe don tSeirbhís Béilí ar Rothaí go €8.25 milliún, chun breis agus 3.3 milliún béile a sholáthar mar atá geallta i bPlean Seirbhíse Náisiúnta an FSS do 2026.

Tá méadú suntasach tagtha ar mhaoiniú na Seirbhíse Béilí ar Rothaí le blianta beaga anuas, ó bhreis agus €3 mhilliún in 2022, agus tá sé cruthaithe gur comhpháirt thábhachtach í de sheirbhísí pobail do dhaoine scothaosta, go háirithe i gceantair thuaithe.

Tá 319 eagraíocht Béilí ar Rothaí ag feidhmiú ar fud na tíre faoi láthair, ag soláthar béilí do bhreis agus 18,000 duine gach mí ar an meán.

Dúirt an Tánaiste:

“Is tosaíocht don Rialtas é feabhsú agus leathnú na Seirbhíse Béilí ar Rothaí, agus tá an-áthas orm fáilte a chur roimh an €2 mhilliún breise a daingníodh i mBuiséad na bliana seo.

“Tá sé cruthaithe ag an tSeirbhís Béilí ar Rothaí gur acmhainn ríthábhachtach í i go leor pobal tuaithe agus uirbeach, agus tá tábhacht na seirbhíse agus na tairbhí sóisialta don duine a bhaineann leas as an tseirbhís agus don phobal níos leithne soiléir. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas seirbhísí atá ann cheana féin agus seirbhísí nua níos mó béilí ná riamh a sholáthar.

“Ní bhaineann an tSeirbhís Béilí ar Rothaí le cothú amháin; baineann sí freisin le dul i ngleic leis an aonrú agus leis an uaigneas trí naisc a chothú idir daoine agus a bpobail.

“Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don díograis agus don tiomantas atá léirithe ag na hoibrithe deonacha atá i gcroílár go leor de na seirbhísí seo, chomh maith leis an obair dhícheallach atá déanta ag an FSS agus ag eagraíochtaí pobail agus deonacha i soláthar na Seirbhíse Béilí ar Rothaí."

Dúirt an tAire O’Donnell:

“Tá an-áthas orm gur daingníodh €2 mhilliún breise i maoiniú i mBuiséad 2026 dár Líonra Náisiúnta Béilí ar Rothaí. Mar is eol dúinn, tá i bhfad níos mó i gceist leis an tseirbhís ná béile te, cothaitheach, agus is nasc é leis an bpobal agus le duine cairdiúil agus comhbhách gach lá.”

“Ó bunaíodh í, is acmhainn fhíorluachmhar í an tSeirbhís Béilí ar Rothaí chun cabhrú le daoine scothaosta a sláinte agus a neamhspleáchas a chothabháil trí bhéilí folláine a sholáthar.

“Baineann tairbhe as an tseirbhís seo ní hamháin na húsáideoirí seirbhíse féin ach a dteaghlaigh freisin, trí shuaimhneas intinne a chur ar fáil go mbíonn cuairt rialta chairdiúil á fáil ag a ngaolta.”

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair luachmhar atá déanta ag Irish Rural Link agus ag an Líonra Náisiúnta Béilí ar Rothaí i dtacaíocht do sholáthraithe.

“Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le gach soláthraí Béilí ar Rothaí ar fud na tíre, as a gcuid ama, tiomantais agus obair dhícheallach i soláthar na seirbhíse riachtanaí seo. Spreagaim aon duine a cheapann go bhféadfadh siad féin, ball teaghlaigh nó comharsa leas a bhaint as an tseirbhís seo teagmháil a dhéanamh lena n-eagraíocht áitiúil Béilí ar Rothaí.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Bunaíodh an Líonra Náisiúnta Béilí ar Rothaí in 2015 faoi scáth Irish Rural Link, agus seoladh a shuíomh gréasáin agus léarscáil idirghníomhach de sholáthraithe Béilí ar Rothaí i Meán Fómhair 2021, rud a fhágann go bhfuil sé éasca seirbhís áitiúil Béilí ar Rothaí a aimsiú go háitiúil.

Tacaíonn an Líonra leis na soláthraithe seo trí chomhroinnt phraiticiúil faisnéise, oiliúna agus líonraithe, agus níos tábhachtaí fós, cuireann sé deis ar fáil dóibh go gcloisfear a nguthanna chun tacú lena gcuid oibre leanúnaí samhail náisiúnta a dhearadh a thacaíonn le húsáideoirí seirbhíse maireachtáil go neamhspleách ina dtithe féin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat