Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Éascaíonn MOS Hackett an 8ú cruinniú den Ghrúpa um Beartas Foraoiseachta

Bhí an tAire Stáit um Fhoraoiseacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, ina cathaoirleach inniu ar an ochtú cruinniú den Ghrúpa um Beartas Foraoiseachta.

Fuair an cruinniú tuairiscí ar dhul chun cinn ó Bhord an Tionscadail agus ó Cheithre Ghrúpa Oibre, agus chualathas go háirithe faoi thorthaí an tSuirbhé Iompraíochta agus Dearcadh a rinneadh le déanaí agus na pleananna do rannpháirtíocht phoiblí atá le teacht ar an Straitéis agus Clár Foraoiseachta nua.

Ina dhiaidh sin, chuir an tAire na comhaltaí ar an eolas faoina pleananna le haghaidh feabhsúcháin ar cheadúnú foraoiseachta, rud a dúirt sí a mbeadh fócas méadaithe acu ar cheadúnais foraoisithe.

Ag labhairt di ar na pleananna sin, dúirt an tAire:

“Is é an aidhm atá againn don bhliain seo ná líon na gceadúnas foraoisithe a eisímid a mhéadú go mór. Tá tús maith déanta againn. An tseachtain seo chugainn beidh mé ag foilsiú plean ina mbeidh réamh-mheastacháin a bhfuilim tiomanta a chomhlíonadh. Idir an dá linn ceapaim go bhfuil sé fíorthábhachtach aitheantas a thabhairt don dul chun cinn atá déanta. Tháinig méadú beagnach 60% ar aschur foriomlán na gceadúnas in 2021. Cobhsaíodh soláthairtí adhmaid don earnáil phróiseála. Déileáladh le riaráiste na n-achomharc ar cheadúnas foraoiseachta, a bhí ina ualach suntasach riaracháin agus ina fhachtóir moille i go leor iarratas ar cheadúnais. Ina theannta sin, tá athbhreithniú neamhspleách rialaitheach ar an gcóras ceadúnaithe foraoiseachta coimisiúnaithe, tá córas nua a éascaíonn caidreamh réamhiarratais idir an foraoiseoir agus an Roinn á thriail agus tá socruithe á ndéanamh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar d’iarratasóirí i dtreo chostas tuarascálacha comhshaoil.”

Thug an tAire suntas freisin don dul chun cinn maidir le Straitéis Foraoise nua a fhorbairt agus dúirt sí:

“Fáiltím go mór roimh an gcur i láthair inniu ar thorthaí suirbhé ar dhearcadh an phobail ar fhoraoiseacht a rinneadh ar 1,000 duine os cionn 16 bliana d’aois. Cuirfidh an t-eolas luachmhar seo le forbairt na Straitéise Foraoise agus an chláir Foraoiseachta. Ó thorthaí tosaigh tá sé soiléir go bhfuil daoine oscailte do níos mó foraoiseachta in Éirinn ach ní bhraitheann siad go bhfuil teachtaireachtaí ar an bhforaoiseacht curtha in iúl go maith nó go deimhin go bhfuil próifíl ard acu sna meáin. Tá sé beartaithe againn aghaidh a thabhairt ar an méid seo agus leibhéal suntasach rannpháirtíochta poiblí in 2022.”

Dúradh leis an nGrúpa um Beartas Foraoiseachta go bhfuil Rannpháirtíocht Óige san áireamh sna pleananna don Rannpháirtíocht Phoiblí sin a tharlóidh an tseachtain seo chugainn, agus go mbeidh próiseas Idirphlé Breithiúnach le 99 ball den phobal ar siúl an mhí seo chugainn. Ina dhiaidh sin beidh Comhairliúchán Poiblí Oscailte Ar Líne.

Ghabh an tAire buíochas le gach duine a bhí i láthair as a dtiomantas leanúnach do Thionscadal na gCoillearnach, agus dúirt sí:

“Tá Tionscadal na gCoillearnach dúshlánach agus casta, agus tá iliomad snáitheanna gníomhaíochta ag déileáil le hathchóiriú suntasach riaracháin, rialála agus eagraíochtúil agus ag an am céanna ag déileáil leis an mbrú a bhaineann le riaráiste mór ceadúnaithe. Tuigim go hiomlán go bhfuil réitigh níos tapúla á lorg ag páirtithe leasmhara. Tá dul chun cinn á dhéanamh, áfach, a bhuíochas leis an obair chomhoibríoch a éascaíodh tríd an tionscadal seo, agus le chéile táimid ag cur creata straitéiseach i bhfeidhm a fhreastalóidh go maith ar shaoránaigh agus ar an earnáil foraoiseachta, agus a sheasfaidh teist na mblianta.

Tá an duais ollmhór agus creidim go dtiocfaidh go leor le chéile i mbliana le torthaí ábhartha agus dearfacha. Mar sin ba mhaith liom aitheantas a thabhairt arís don t-am agus don iarracht a chur baill an FPG isteach sna Grúpaí Oibre. Trínár ngníomhartha agus trí chur chuige comhoibríoch, tá deis againn fíordhifríocht a dhéanamh dár dtorthaí aeráide agus bithéagsúlachta, agus riachtanais eacnamaíocha agus áineasa á seachadadh againn ag an am céanna. Is deis uathúil agus pribhléid é tionchar buan a bheith againn ar na glúnta atá le teacht, agus tá súil agam, agus muid ag bogadh chuig an gComhairliúchán Poiblí, go nglacfaidh gach duine a bhfuil suim acu i dtodhchaí na foraoiseachta in Éirinn páirt ann agus go dtabharfaidh siad a dtuairimí.”

CRÍOCH

Nóta d'Eagarthóirí:

Is tionscnamh de chuid an Aire é Tionscadal na gCoillearnach chun an córas ceadúnaithe foraoiseachta a fheabhsú agus chun beartas foraoiseachta in Éirinn a athchóiriú.

Tá 4 Ghrúpa Oibre i dTionscadal na gCoillearnach atá comhdhéanta de bhaill an Ghrúpa Beartais Foraoiseachta agus cathaoirleach neamhspleách i ngach ceann díobh. Tá sé á mhaoirsiú ag Bord Tionscadail, faoi chathaoirleacht Ard-Rúnaí na Roinne, Brendan Gleeson. Thug Cathaoirleach Bhord an Tionscadail nuashonrú freisin ar chruinniú an lae inniu ar dhul chun cinn i gcur i bhfeidhm an Tionscadail go dtí seo.

Seo a leanas ballraíocht an Ghrúpa Beartais Foraoiseachta:

Ainmní na hEagraíochta

FII Mark McAuley

FII Brian Murphy

FII Imelda Connolly

FII Marina Conway

IFA Vincent Nally

Coillte Mark Carlin

AIFC Dermot Houlihan

ACA Andy Dunne

Teagasc Nuala Ní Fhlatharta

ITGA Donal Whelan

Pro Silva Paddy Purser

NPWS Jenni Roche

EPA Bernard Hyde

None So Hardy Teige Ryan

Environmental Pillar Andrew St Ledger

An Taisce Elaine McGoff

SWAN Mark Boyden

Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann Pádraic Fogarty

Cairde Éanlaith Éireann Oonagh Duggan

Coillearnacha Éireannacha Joe Gowran

Nasc Tuaithe na hÉireann Seamus Boland

COFORD Eugene Hendrick

FCI Michael Moroney

FOCS/LTWO Kathryn O'Donoghue

IFO Nicholas Sweetman

Irish Green Building Council Pat Barry

Is féidir gach doiciméad don Ghrúpa Beartais Foraoise a fháil ag gov.ie - Grúpa Beartais Foraoiseachta faoi chathaoirleacht MoS Hackett (www.gov.ie).

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat