Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire McConalogue chun freagairt an Choimisiúin ar ghéarchéim na hÚcráine a aithint agus béim a leagan ar an ngá atá le hullmhacht leanúnach d'earnálacha na Talmhaíochta agus an Iascaigh

Tabharfaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, aird ar fhreagra an Choimisiúin Eorpaigh go dtí seo ar an tionchar atá ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar an earnáil agraibhia. Leagfaidh an tAire béim freisin ar a thábhachtaí atá sé a bheith réidh chun freagra breise a thabhairt le linn tréimhse a bheidh éiginnte agus luaineach amach romhainn. Beidh an tAire ag iarraidh ar an gCoimisiún freisin scrúdú agus faomhadh práinneach a dhéanamh ar na bearta a theastaíonn ó na Ballstáit chun an cás a mhaolú do thionscal na hiascaireachta.

Ag labhairt dó roimh Chomhairle Airí Iascaigh & Talmhaíochta na Bruiséile inniu, ar a dtabharfaidh Aire Talmhaíochta na hÚcráine, Roman Leshchenko, aitheasc, dúirt an tAire:

"Chomh maith leis an ngéarchéim dhaonnúil láithreach, beidh orainn déileáil leis na himpleachtaí móra fairsinge a bheidh le brath ar fud an gheilleagair Eorpaigh, agus ar fud an domhain i gcoitinne. I dtaca leis an tionchar ar na margaí talmhaíochta, ní mór dúinn leanúint le dlúthmhonatóireacht a dhéanamh ar an scéal atá ag athrú, le comhroinnt chuimsitheach agus thrédhearcach na faisnéise is déanaí a chinntiú. Ní mór dúinn a bheith réidh le freagairt ar bhealach cuimsitheach agus solúbtha, ag baint úsáide as na huirlisí go léir atá ar fáil dúinn. Táim ag tnúth le cur i gcrích tapa ar chomhairliúcháin an Choimisiúin ar an gCreat Géarchéime Sealadach atá beartaithe do Chúnamh Stáit."

Dúirt an tAire:

"Cuirfidh mé béim arís eile ar an ngá atá le slabhraí soláthair feidhmiúla a choinneáil, agus lena chinntiú nach mbeidh aon tionchar diúltach ag ár bhfreagraí ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair."

Gheobhaidh an Chomhairle nuashonrú achomair freisin ón gCoimisiún maidir le Pleananna Straitéiseacha CAP na mBallstát. I ndáil leis seo dúirt an tAire: "Iarrfaidh mé ar an gCoimisiún na pleananna a cheadú go tráthúil, d'fhonn na comharthaí soiléire a theastaíonn uathu a thabhairt dár dteaghlaigh feirme ionas go mbeidh siad réidh chun an Comhbheartas Talmhaíochta nua a chur i bhfeidhm ó 2023 ar aghaidh."

Maidir leis an iascach, chuir an tAire McConalogue tús le díospóireacht Aireachta ar an tionchar atá ag méadú ar chostais bhreosla do thionscal na hiascaireachta. Tá na costais mhéadaithe bhreosla seo sa bhreis ar na deacrachtaí a chruthaigh COVID -19 agus tionchar na laghduithe cuótaí faoi Chomhaontú Trádála & Comhoibrithe an Bhreatimeachta, a chuaigh i bhfeidhm go mór ar inmharthanacht chabhlach na hÉireann. Dúirt an tAire McDonalogue

"Táim ag iarraidh ar an gCoimisiún freisin scrúdú agus faomhadh práinneach a dhéanamh ar na bearta a theastaíonn ó na Ballstáit chun an cás a mhaolú do thionscal na hiascaireachta".

I measc na nithe eile atá le plé ag an gComhairle inniu tá feabhsú phoitéinseal na bpróitéiní planda-bhunaithe san Eoraip, úsáid leasachán bithbhunaithe, úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus an tionchar atá ag costais mhéadaithe bhreosla san earnáil iascaigh.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat