An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Cuireadh tugtha ag an DAFM do Thréidlianna Príobháideacha deiseanna cigireachta tréidliachta leis an DAFM a bhreithniú mar chuid den phleanáil theagmhasach i leith an Bhreatimeachta
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá cuireadh tugtha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do Thréidlianna Príobháideacha smaoineamh ar chlárú do phróiseas trína bhféadfaí dul i mbun conartha le tréidlianna cuícháilithe le dul ar dualgas ag Pointí Cigireachta Teorann (BIP) mar chuid de phleanáil theagmhasach na Roinne i leith an Bhreatimeachta.
Is cuid de thionscnamh níos leithne ón Roinn é seo chun go mbeidh acmhainní ar fáil do na teagmhais a d'fhéadfadh teacht chun cinn de bharr an Bhreatimeachta sa ghearrthréimhse agus san fhadtréimhse. Áirítear leis sin chomh maith daoine a earcú go seachtrach trínár gcomhpháirtithe sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus baill foirne laistigh den Roinn a athlonnú.
Bheadh sé i gceist tréidlianna a rachaidh i mbun an phróisis seo agus a n-éireoidh leo a lonnú ag Calafoirt Bhaile Átha Cliath agus Ros Láir má bhíonn gá leis. Ag brath ar phátrúin allmhairithe agus onnmhairithe, d'fhéadfadh go mbeadh poist ag tuilleadh Pointí Cigireachta Teorann amach anseo, sa tSionainn mar shampla, nó in áiteanna eile.
Ní mór do thréidlianna ar mian leo iad a fhostú chun Seirbhísí Cigireachta Tréidliachta ar conradh a chur ar fáil próiseas dhá chéime a chur i gcrích. Déantar an dá chéim a chur i gcrích trí Láithreán Gréasáin um Sholáthar de chuid an Stáit www.etenders.gov.ie, ar a bhfuil an tairiscint seo fógartha.
Níl aon duine sa Rialtas ná lasmuigh de ag iarraidh go mbeadh gá úsáid a bhaint as pleananna ná teagmhais i leith Breatimeacht 'gan mhargadh'. Ach mar sin féin is ceart réitigh a chur i bhfeidhm ionas go mbeifear in ann dul i ngleic le gach teagmhas ionchasach. Chuige sin, tabharfaidh socruithe den chineál seo solúbthacht agus saoirse don Roinn chun dul i ngleic le cúrsaí de réir mar a thiteann siad amach - an cás mar atá sé san am i láthair agus luach ar airgead araon a thabhairt san áireamh.
CRÍOCH
Nótaí d'eagarthóirí:
Faisnéis Ghinearálta
Is córas leictreonach é DPS a mbaintear úsáid as chun seirbhísí a cheannach, agus a dhéanann eTenders a óstáil.
Baineann an chéad chéim le hiarratas a dhéanamh ar e-tenders, chuig an gCóras Dinimiciúil Ceannaigh (DPS) maidir le Seirbhísí Cigireachta Tréidliachta a chur ar fáil ag Pointí Cigireachta Teorann (Seirbhísí Cigireachta Tréidliachta BIP). I ndiaidh ceadú ar an DPS, baineann an chéad chéim eile le mionchomórtais chun na seirbhísí atá ag teastáil a chur ar fáil. Cuirfear iarratasóirí a n-éireoidh leo agus a bheadh ag iarraidh tairiscint a dhéanamh ar chomórtais dá leithéid ar an eolas.
Féadfaidh iarratasóirí cead isteach ar an DPS a lorg. Ina dhiaidh sin, cuirfear iarratasóirí a n-éireoidh leo ar an eolas faoi mhion-chomórtais maidir leis na seirbhísí atá ag teastáil a chur ar fáil (Seirbhísí Cigireachta Tréidliachta BIP sa chás seo) agus féadfaidh siad tairiscint a chur isteach don chomórtas faoi leith má thograíonn siad é. Is tairiscint í a bheidh ag teacht le riachtanais an pháirtí chonarthaigh ag aon am faoi leith.
An próiseas faoi láthair
Tá Córas Dinimiciúil Ceannaigh (DPS) maidir le Seirbhísí Cigireachta Tréidliachta a chur ar fáil ag Pointí Cigireachta Teorann (Seirbhísí Cigireachta Tréidliachta BIP) bunaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Tá an Roinn ag cur fáilte roimh fhreagraí ó chleachtóirí tréidliachta/tréidlianna lena gcáiliú faoin gCóras Dinimiciúil Ceannaigh (DPS) le gur féidir leo a bheith rannpháirteach i mion-chomórtais ina dhiaidh seo maidir le Seirbhísí Cigireachta Tréidliachta a chur ar fáil ag Pointí Cigireachta Teorann (BIPanna) nó ag suíomhanna eile in Éirinn atá bainteach le BIPanna.
Chun tuilleadh eolais a fháil, lena n-áirítear treoracha maidir leis an bpróiseas, féach Current Tenders ag www.agriculture.gov.ie/tenders agus ag www.etenders.gov.ie áit ar féidir na doiciméid tairisceana a íoslódáil.
Is RFT 146778 an tagairt don Iarraidh ar Thairiscint (RFT).
Maidir leis na riachtanais a bhaineann le céimeanna tosaigh an DPS chun Seirbhísí Cigireachta Tréidliachta BIP) a chur ar fáil, ní mór d'iarratasóirí cáilíocht tréidliachta a bheith acu (MVB/ MRCVS), nó cáilíocht a bheidh inghlactha mar cháilíocht chomhionann, agus ní mór dóibh a bheith cláraithe nó incháilithe ar chlárú le Comhairle Tréidliachta na hÉireann (agus clárú sula ndéanfar aon tairiscint a bhronnfar a shíniú).
Le linn téarma aon chonartha a bhronnfar mar chuid den DPS seo, beidh an conraitheoir mar chuid d'fhoireann a bheidh rannpháirteach i sláinte an phobail, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe a chosaint i gceann ar bith de na pointí cigireachta teorann in Éirinn atá ceadaithe nó aon suíomh a mbeidh baint aige le hoibriú na BIPanna ceadaithe in Éirinn lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, Calafort Bhaile Átha Cliath, Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort na Sionainne agus Calafort Ros Láir.
Beidh ar chonraitheoirí freastal ar bhonn sealaíochta lena n-áireofar obair taobh amuigh de na gnáthuaireanta oibre agus obair ag an deireadh seachtaine. Athróidh na téarmaí conartha de réir gach conradh ar leith.
Tá an próiseas seo oscailte do thréidlianna atá cáilithe go cuí lena n-áirítear cleachtóirí príobháideacha, a bheidh rannpháirteach ar bhonn conartha de réir pátrún sealaíochta 4 nó 8 n-uaire suas le 40 uair in aghaidh na seachtaine ar a mhéad ar feadh tréimhse réamhshocraithe. Is €42.99 in aghaidh na huaire an ráta tuarastail do na seirbhísí conartha seo, atá ag teacht le ráta arna íoc cheana ag an DAFM le cigirí tréidliachta Locum Tenens (LT), a fhaightear ar conradh chun leanúnachas gnó a chinntiú i gcásanna nó cúinsí ina dtiocfaidh srianta acmhainne nach rabhthas ag súil leo chun cinn.
Ba chóir do dhaoine atá cáilithe clárú ar eTenders agus féachaint ar DPS (iarraidh ar thairiscint RFT 146778) chun sonraí iomlána an DPS a fháil, lena n-áirítear conradh seirbhíse samplach.