Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Heydon i gcuimhne do ghnólachtaí agraibhia go mbeidh tuilleadh athruithe sna socruithe trádála leis an Ríocht Aontaithe ag teacht isteach ó 1 Deireadh Fómhair 2021

Inniu thug an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D., moladh láidir d’oibritheoirí gnólachtaí bia, bheith ullmhaithe do na srianta impórtála ar tháirgí bia agus talmhaíochta áirithe a bheidh á dtabhairt isteach ag an Ríocht Aontaithe ar 1 Deireadh Fómhair.

Ag labhairt dó ag an 23ú cruinniú den Choiste Comhairleach de Pháirtithe Leasmhara um Bhreatimeacht, inar tugadh do pháirtithe leasmhara an t-eolas is deireanaí maidir leis na riachtanais nua, d’admhaigh an tAire go bhfuil deacrachtaí móra romhainn. Dúirt sé:

“Tá athrú ollmhór tar éis tarlú cheana féin sa chaoi a mbímid ag trádáil leis an Ríocht Aontaithe, agus tá tuilleadh athruithe le teacht. Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe seiceálaithe nua isteach ar tháirgí bia agus talmhaíochta áirithe ó 1 Deireadh Fómhair. Tá athruithe i ndán do ghnólachtaí a bhíonn ag easpórtáil na dtáirgí seo go dtí an Ríocht Aontaithe, seachas Tuaisceart Éireann, lena n-áirítear réamhfhógra agus teastas sláinte nua. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh lántuiscint ag easpórtálaithe ar na riachtanais nua seo agus go gcinnteoidh siad go dtuigeann gach duine sa slabhra soláthair, óna gcustaiméirí sa Ríocht Aontaithe go dtí a soláthróirí lóistíochta, a ról agus na freagrachtaí atá acu, agus go mbeidh siad ábalta iad a chomhlíonadh.”

Ag labhairt dó faoin athléimneacht atá san earnáil agraibhia, dúirt an tAire Heydon: Agus é ag tagairt don teacht aniar atá san earnáil agraibhia, dúirt an tAire McConalogue freisin,

“Nuair a chuirtear san aireamh méid agus luach na trádála i ngach treo agus nádúr comhtháite na slabhraí soláthair bhia, is léir go raibh tionchar suntasach ar an timpeallacht trádála ag cinneadh na Ríochta Aontaithe an Margadh Aonair agus an tAontas Cutam a fhágáil, agus dá bharr tá tromualaí dosheachanta nua ann ar ghnólachtaí tríd na riachtanais bhreise, an tseiceáil agus na srianta atá i bhfeidhm anois. Tá os cionn ocht mhí caite ó cuireadh deireadh leis an tréimhse aistrithe agus tá fianaise ann go bhfuil gnólachtaí ag dul in oiriúint ar an buanathruithe atá anois ann toisc gur fhág an Ríocht Aontaithe an AE. Tá an Rialtas tiomanta leanúint le tacaíocht a thabhairt don earnáil agus í ag dul in oiriúint ar na socruithe trádála nua seo, agus í ag ullmhú d’athruithe breise agus don chur isteach a bheidh ann níos déanaí i mbliana agus in 2022”.

Dúirt an tAire Heydon freisin:

“Tá an-ullmhúchán ag dul ar aghaidh sa Rialtas agus sna hearnálacha agraibhia i gcoitinne. Tá caidreamh leanúnach againn le páirtithe leasmhara agus le gnólachtaí agus beidh sna laethanta roimh 1 Deireadh Fómhair mar chuid dár gclár cuimsitheach um chaidreamh le trádálaithe. Chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt do ghnólachtaí dul in oiriúint ar an timpeallacht trádála iar-Bhreatimeachta, beidh seimineár eolais á reáchtáil ag mo Roinn le DEFRA ón Ríocht Aontaithe an Déardaoin seo chugainn (09 Meán Fómhair 2021), ina dtabharfar tuilleadh eolais do thrádálaithe agraibhia agus dóibh siúd a bhíonn ag bogadh táirgí Sláintíochta agus Fíteashláintíochta ó Éire go dtí an Bhreatain Mhór.”

Thug an Roinn Gnóthaí Eachtracha nuashonrú freisin don Choiste maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhoibrithe, agus cur i bhfeidhm an Phrótacail ar Éire/Thuaisceart Éireann. Ní bhaineann aon nósanna imeachta nua, áfach, le táirgí atá ag bogadh idir Éire agus Tuaisceart Éireann de bharr Phrótacal na hÉireann/Thuaisceart Éireann.

Nótaí d’Eagarthóirí

Is féidir le gnólachtaí teagmháil a dhéanamh tríd an seoladh tiomnaithe atá ag an Roinn brexitcall@agricuture.gov.ie, nó ar an teileafón ag (01) 607 2830, má tá aon cheist acu a bhaineann le Breatimeacht. Tá comhairle agus acmhainní ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin Rialtais na hÉireann ag: www.Gov.ie/Brexit

Tá cur chuige céimnithe á chur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe maidir leis na riachtanais impórtála a thabhairt isteach, lena n-áirítear srianta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta. Thug an Ríocht Aontaithe an chéad chéim isteach ar 1 Eanáir 2021. Ar 11 Márta, d’fhógair Rialtas na Ríochta Aontaithe go mbeadh moill ann maidir le srianta breise impórtála a thabhairt isteach a bhí le tarlú ar 1 Aibreán agus ar 1 Iúil. Tiocfaidh na riachtanais seo i bhfeidhm anois ar 1 Deireadh Fómhair, 1 Eanáir 2022, agus 1 Márta 2022.

Beidh tionchar ag na srianta impórtála nua eo de chuid na Ríochta Aontaithe ar easpórtálaithe de tháirgí de bhunús ainmhithe, lena n-áirítear gach saghas feoil, déirí, iasc agus táirgí ilchodacha ina bhfuil táirgí de bhunús ainmhithe, fo-tháirgí ainmhithe áirithe, bia ardriosca nach de bhunús ainmhithe é chomh maith le plandaí agus táirgí plandaí rialaithe.

Ba chóir do gach duine atá ag bogadh táirgí ó, go dtí agus tríd an Ríocht Aontaithe (seachas Tuaisceart Éireann) clárú leis an Roinn mar impórtálaí/easpórtálaí agus clárú ar TRACES a eagrú mar is cuí, trí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn ag brexitregistration@agriculture.gov.ie. Ba chóir go ghnólachtaí dul i dtaithí ar na srianta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta atá i bhfeidhm anois agus a thiocaidh i bhfeidhm.

DEIREADH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat