Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an Chúirt Achomhairc an cinneadh síneadh sealadach a chur le hárthaí iascaireachta móra a dhéanann trálaeireacht in uiscí cladaigh laistigh de 6 mhíle ón gcósta a eisiamh

I ndiaidh gur cuireadh éisteacht iomlán ar siúl sa Chúirt Achomhairc Dé Máirt, an 22 Meitheamh, rinne an Chúirt an cinneadh síneadh sealadach a chur leis an Treoir Bheartais a dhéanann árthaí móra a eisiamh ó thrálaeireacht a dhéanamh in uiscí cladaigh laistigh de 6 mhíle ón gcósta, seachas i gcás iascach srianta salán. Beidh feidhm ag an gcinneadh seo go dtí an 4 Deireadh Fómhair, ar a luaithe, (an chéad lá de théarma na féile Michíl de chuid na Cúirte Achomhairc) agus/nó go dtí go ndéanfaidh an Chúirt Achomhairc cinntiúchán maidir leis an mbac.

Dúirt an tAire McConalogue inniu,

“Táim buíoch gur cheadaigh an Chúirt Achomhairc an síneadh leis an Treoir Bheartais thábhachtach seo. A bhuíochas leis an gcinneadh seo, beidh cosc go fóill ar árthaí breis agus 18 méadar ar fad trálaeireacht a dhéanamh laistigh dár gcrios 6 mhíle sa tréimhse amach romhainn, seachas i gcás iascach srianta salán, ar gnách nach ndéanfaí é sin i rith an tSamhraidh/ go luath san Fhómhar.

Rinne an Chúirt Achomhairc an cinneadh i ndiaidh go ndearna an Chúirt chéanna cinneadh an Treoir Bheartais Aire a chur i bhfeidhm arís eile an 19 Márta, nuair a cuireadh ina luí ar an gCúirt go raibh cothromaíocht an cheartais i bhfabhar an Stáit agus ceadaíodh bac a chur ar ordú na hArd-Chúirte a fhad le héisteacht an achomhairc shubstaintigh an tseachtain seo.

Tugadh an Treoir Bheartais a dhéanann árthaí móra a eisiamh ó thrálaeireacht a dhéanamh in uiscí cladaigh laistigh de 6 mhí ón gcósta isteach i Márta 2019, i ndiaidh chinneadh an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara um an dtaca sin go raibh stop le cur ón 1 Eanáir 2020 ag an trálaeireacht go léir a bhí á déanamh ag árthaí móra atá breis agus 18 méadar ar fad iomlán in uiscí cósta laistigh de chrios 6 mhíle na hÉireann, seachas i gcás iascach salán, a raibh deireadh le cur leis de réir a chéile i rith 2020 agus 2021.

Rinne beirt iascairí iarratasóra Athbhreithniú Breithiúnach agus d’éirigh leo dúshlán a chur roimh bhailíocht na Treorach Beartais. Rinne an Ard-Chúirt ordú an 6 Deireadh Fómhair 2020 i bhfabhar an iarratasóra agus dearbhaíodh go raibh an Treoir Bheartais ar neamhní/nach raibh aon éifeacht dhlíthiúil aige. Tugadh an éisteacht shubstainteach a tugadh os comhair na Cúirte Achomhairc chun críche Dé Máirt agus tá breithiúnas faoi choimeád.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat