Eisíonn an tAire McConalogue glao ar thograí do Thionscnaimh Turasóireachta Agraibhia

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Eisíonn an tAire McConalogue glao ar thograí do Thionscnaimh Turasóireachta Agraibhia

Tá glao ar thograí do Thionscnaimh Turasóireachta Agraibhia eisithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD faoin gCiste um Nuálaíocht agus Forbairt Tuaithe 2023.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Tá comhréir nádúrtha idir an turasóireacht agus an earnáil agraibhia – cuireann siad go mór lena chéile. Ba bhliain dheacair í 2022 don tionscal agraibhia. Bhí sé dúshlánach gnó a thógáil i ndiaidh COVID-19.

“Tá an-áthas orainn a bheith in ann leanúint ar aghaidh ag soláthar tacaíochta i dtreo forbairt tionscnamh turasóireachta agraibhia a chabhróidh le gnólachtaí tuaithe a dtáirgí agus a seirbhísí a fhorbairt, ceangal leis an bpobal agus le cuairteoirí agus eispéireas na tuaithe a fheabhsú.

“Tá an cistiú a chuirtear ar fáil faoin tionscnamh seo ag teacht le go leor de na spriocanna i straitéis uaillmhianach mo Roinne don earnáil agraibhia Fís don Bhia 2030.

“Ceann de na príomhghníomhartha sa straitéis seo is ea leanúint de naisc a fhorbairt idir tairiscintí áitiúla bia agus turasóireachta, lena n-áirítear tacaíocht d'fhorbairt ghnó agus tionscnaimh mhargaíochta chun tacú le agus cur chun cinn a dhéanamh ar nithe is díol spéise do chuairteoirí bia agus dí lena n-áirítear an drioglann, an ghrúdlann agus turasóireacht. Tá earnáil agraibhia na hÉireann daingnithe i gcreat shochaí na hÉireann agus tá sí ar cheann de phríomhspreagthaí ár ngeilleagair, go háirithe i gceantair thuaithe agus chósta ."

Tá maoiniú iomlán de bheagnach €300,000 ar fáil do thionscadail a thacaíonn le tionscnaimh turasóireachta agraibhia (a bhféadfadh margaí bia tuaithe a bheith san áireamh leo). Is ionann an t-uasmhéid atá iníoctha le tionscadal ar bith agus €25,000.

Ba chóir iarratais a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais Glao ar Thograí atá ar fáil ar ár láithreán gréasáin anseo.

12.00 meán lae an 23 Feabhra an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Nótaí an Eagarthóra:

  • Is é atá i gceist le turasóireacht agraibhia ná gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí a thairiscint i gceantair thuaithe chun cuairt a thabhairt ar cheantair ina bhfuill táirgí talmhaíochta aitheanta agus chun an cócaireacht nó speisialtachtaí áitiúil nó réigiúnacha a bhlaiseadh. Cuimsíonn turasóireacht agraibhia réimse leathan gníomhaíochtaí lena mbaineann na naisc idir talmhaíocht agus an bia a tháirgtear ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach. D'fhéadfadh sé go mbeadh sé i gceist leis fanacht ar fheirm nó cuairt a thabhairt ar imeachtaí bia, a bheith rannpháirteach in iarrachtaí talmhaíochta nó táirgí a cheannach go díreach ó fheirm nó ó mhargadh. Cuimsíonn turasóireacht agraibhia scéimeanna margaidh áitiúla bia, feirmeora agus ceardaí a thacaíonn le táirgeoirí bia agus ceardaithe áitiúla agus séasúracha.
  • Cuirtear tacaíocht ar fáil do thionscadail turasóireachta agraibhia (lena n-áirítear margaí bia tuaithe freisin) faoin gCiste um Nuálaíocht agus Forbairt Tuaithe. Ba chóir iarratais a dhéanamh ar an doiciméad faoi iamh. 12.00 meán lae an 23 Feabhra 2023 an spriocdháta chun iarratais a chur isteach. Déanfar iarratais a mheas trí phróiseas iomaíoch chun tionscadail bheartaithe a chistiú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat