Fógartha ag Creed go bhfuil €13.4m le híoc le 98,000 feirmeoir in aisíocaíocht faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógartha ag Creed go bhfuil €13.4m le híoc le 98,000 feirmeoir in aisíocaíocht faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu go bhfuiltear tosaithe ag íoc ar ais €13.4 milliún le thart ar 98,000 feirmeoir. Baineadh an t-airgead sin as a gcuid íocaíochtaí faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) 2017 de réir na rialach um Smacht Airgeadais, agus táthar á íoc ar ais anois de réir rialacháin an AE.

Dúirt an tAire Creed:

"Tá mé sásta a dheimhniú go bhfuil na híocaíochtaí seo, €13.4 milliún ina n-iomlán, á n-aisíoc le feirmeoirí atá incháilithe."

Dúirt an tAire freisin go dtabharfadh na híocaíochtaí seo:

"an méid iomlán a íocfar le feirmeoirí na hÉireann faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2018 suas go €1.19 billiún."

CRÍOCH

Nótaí d'eagarthóirí:

I gcomhthéacs nós imeachta bhuiséadach bliantúil an Aontais Eorpaigh, bíonn asbhaintí airgeadais (1.4% i leith laghdú na bliana 2018) i gceist i gcás roinnt íocaíochtaí díreacha de bharr meicníocht smachta airgeadais a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun Cúlchiste a bheith ar fáil don Aontas Eorpach i gcás Géarchéim Airgeadais. Is chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil don earnáil talmhaíochta atá an cúlchiste géarchéime ann sa chás go dtarlódh géarchéim mhór a chuirfeadh isteach ar tháirgeadh nó ar dháileadh talmhaíochta. Sa chás nach ndéantar an Cúlchiste Géarchéime a chur i ngníomh i rith na bliana airgeadais, nó nach n-úsáidtear é ina iomlán, aisíoctar an t-iarmhéid leis na feirmeoirí i rith na bliana airgeadais ina dhiaidh sin agus is dá bhrí sin atá an aisíocaíocht á déanamh anois.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat