Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an Roinn go bhfuil an córas iarratais do Scéim Tacaíochta Farae ar fiú €56 milliún í nuashonraithe

De bhun an fhógra Dé Luain an 20 Meitheamh 2022 maidir leis an gcóras iarratais ar líne don Scéim Tacaíochta Farae ar fiú €56 milliún í, is mian leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a chur in iúl d'fheirmeoirí go bhfuil an córas iarratais nuashonraithe agus go bhfuil sé ar oscailt anois d'fheirmeoirí a bhfuil talamh Chatagóir 1 ANC acu.

Léiríodh roimhe seo go raibh an talamh seo neamh-incháilithe don scéim ach beidh sé incháilithe anois chun iarratas a dhéanamh air sa chás go ngeallann an t-iarratasóir sadhlas agus/nó féar a ghearradh agus a chaomhnú ar an talamh seo roimh an 5 Meán Fómhair. Rachaidh an Roinn i dteagmháil le haon fheirmeoir a chuir iarratas isteach roimhe seo a bhféadfadh an t-athrú seo dul i bhfeidhm air/uirthi in am trátha.

Is féidir le feirmeoirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an Scéim Tacaíochta Farae é sin a dhéanamh iad féin nó trína gcomhairleoir suas go dtí an 2 Lúnasa 2022 trí logáil isteach ar an gCóras Cúnaimh Eisceachtúil ar www.agfood.ie.

Nuashonraíodh Téarmaí & Coinníollacha na Scéime agus tá siad ar fáil anois ar láithreán gréasáin na Roinne agus is féidir iad a fheiceáil ar gov.ie - Fodder Support Scheme

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat