Fógraíonn an tAire McConalogue eisiúint réamhíocaíochtaí €3.41m GLAS+ an tseachtain seo

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue eisiúint réamhíocaíochtaí €3.41m GLAS+ an tseachtain seo

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD inniu go gcuirfear tús leis an réamhíocaíocht “GLAS+” faoin Scéim Agra-Chomhshaoil Íseal-Charbóin (GLAS) an tseachtain seo.

Eiseofar na híocaíochtaí seo chuig na rannpháirtithe GLAS sin a thug faoi ghealltanais chomhshaoil eisceachtúla agus dá réir sin bronntar íocaíocht bhliantúil bhreise suas le €2,000 orthu i leith 2022, leis an ngné seo den Scéim ar a dtugtar ‘GLAS +'.

Agus eisiúint na n-íocaíochtaí á fógairt aige, dúirt an tAire:

“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil tús curtha leis na réamhíocaíochtaí GLAS+ seo, mar go gciallaíonn sé go n-íocfar €3.41 milliún le níos mó ná 2,852 rannpháirtí GLAS. Fágfaidh an íocaíocht seo de €3.41m gurb ionann iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh go dtí seo maidir le GLAS agus os cionn €1.32 billiún. Tá áthas orm a thabhairt ar aird freisin go bhfuil a réamhíocaíocht íoctha le breis agus 88.7% de rannpháirtithe GLAS anois i ndáil lena ngealltanais GLAS 2022."

Dúirt an tAire:

“Cuireann GLAS agus a scéim chomharba, ACRES, bealach ar fáil inar féidir linn feirmeoirí a spreagadh agus tacú leo chun oiriúnú do mhodhanna feirmeoireachta níos inbhuanaithe. Tá an-áthas orm a dheimhniú go raibh an-tóir ag feirmeoirí ar an scéim ACRES, rud a léiríonn tiomantas na bhfeirmeoirí ról ceannaireachta a ghlacadh maidir lenár n-uaillmhianta comhshaoil agus bithéagsúlachta a chomhlíonadh.

“Dúnadh an scéim d'iarratais ag meán oíche Dé Céadaoin an 7 Nollaig. Ar an iomlán cuireadh díreach os cionn 46,000 iarratas isteach agus beimid i dteagmháil le hiarratasóirí na scéime go luath in 2023."

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat