Foilsíonn na hAirí O'Brien & McConalogue Dréachtchlár Gníomhaíochta Níotráití agus seolann siad comhairliúchán poiblí ar Ráiteas Tionchair Natura agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta
- Foilsithe: 13 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2021
D’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu an Cúigiú Dréachtchlár Gníomhaíochta Níotráití (NAP) agus d’fhógair sé go n-osclófar comhairliúchán poiblí ar Dhréacht-Ráiteas Tionchair Natura NAP (NIS) agus ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA).
Tugann NAP na hÉireann éifeacht do cheanglais na Treorach maidir le Níotráití in Éirinn agus is píosa criticiúil reachtaíochta é a chuireann feirmeoirí i bhfeidhm ar a bhfeirmeacha. Rinneadh athbhreithniú cuimsitheach ar an gCeathrú NAP 2017-2021 ó Mheán Fómhair 2020. Bhí dhá thréimhse comhairliúcháin phoiblí i gceist leis seo agus thart ar 700 aighneacht.
Rinne Grúpa Saineolaithe faoi chomhchathaoirleacht (DHLGH agus DAFM) breithniú ar gach aighneacht a fuarthas le linn comhairliúcháin phoiblí agus rinne siad moltaí maidir le hathruithe ar an gClár ar ghlac an dá Aire leo.
Foilsíodh an Tuarascáil ar láithreáin ghréasáin an dá Roinn mar aon le Ráiteas Tionchair Natura (NIS) agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) a chuireann tús le próiseas comhairliúcháin 6 seachtaine ar an dá dhoiciméad seo.
“Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an nGrúpa Saineolaithe agus leis an beagnach 700 duine agus comhlacht a rinne aighneacht, agus fáiltímid roimh gach aighneacht sna seachtainí amach romhainn ar an NIS agus an SEA chun cabhrú leis an gCúigiú NAP a thabhairt chun críche,” a dúirt an tAire O' Brien.
“Is é mo uaillmhian ár gcáilíocht uisce agus ár mbithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú agus a chinntiú go leanaimid orainn ag táirgeadh bia den scoth. Is príomhthosaíocht é an Maolú a dhaingniú agus go gcomhlíonfaimid na huaillmhianta iomadúla sin. Nuair a bheidh an NAP tugtha chun críche, cuideoidh an pacáiste foriomlán le hearnáil agraibhia na hÉireann oibriú i dtreo a spriocanna faoi Fís don Bhia 2030, ar bhealach inbhuanaithe” a dúirt an tAire McConalogue.
Dúirt sé chomh maith
“Réiteoidh an pacáiste seo an bealach do vóta foirmiúil ar mhaolú na hÉireann sna míonna amach romhainn”.
Réiteoidh an NAP, atá le críochnú go luath i mí an Mhárta, agus idirbheartaíochtaí leanúnacha leis an gCoimisiún maidir leis an bpacáiste beart seo, an bealach do vóta foirmiúil ó Choiste Bainistíochta Níotráití an AE ar iarraidh na hÉireann an maolú a athnuachan faoin Treoir maidir le Níotráití.
Tá an vóta seo beartaithe i mí an Mhárta 2022. Ligeann an maolú seo d’fheirmeoirí níos déine oibriú ag ráta stocála níos airde faoi réir rialacha níos déine a chomhlíonadh. Chomh luath agus a fhaightear vóta rathúil, ionchorprófar an maolú sa Chlár Gníomhaíochta.
CRÍOCH