Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú do Thionscadail chun Dramhaíl Bia a Laghdú fógartha ag an Aire Cowen

Tá na tionscadail a gheobhaidh maoiniú óna Roinn faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe i mbliana fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Barry Cowen TD, do thionscnaimh atá dírithe ar an dramhaíl bia a ghineann gnóthaí bia, miondíoltóirí agus mórdhíoltóirí bia nó soláthraithe bia i gceantair thuaithe a laghdú.

Is éard a dúirt an tAire Cowen nuair a bhí an fógra á dhéanamh aige faoi na tionscadail ar éirigh leo a bhfuil maoiniú nach mór €300,000 faighte acu:

"Tá áthas orm gur féidir linn leanúint de thacú le ceantair thuaithe agus leis an timpeallacht faoin tionscnamh seo. Cabhróidh an tionscadal dramhaíola bia seo tuilleadh leis an obair a tugadh fúithi cheana chun fadhb atá ag méadú go tréan ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud an domhain a aithint, díriú uirthi agus dul i ngleic léi. Gintear níos mó ná 1 mhilliún tonna dramhaíola in Éirinn gach bliain. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh anois leanúint de thionscnaimh a fhorbairt d'fhonn cuidiú feasacht a ardú faoin bhfadhb seo."

Cuideoidh na tionscadail chun Dramhaíl Bia a Laghdú chomh maith le dul i ngleic le cuspóir ginearálta an chiste chun geilleagar na tuaithe a neartú arís trí phoist nuálacha a chruthú agus forbairt fiontair inbhuanaithe a spreagadh.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Tá maoiniú á chur ar fáil do na tionscadail seo a leanas:

  • an tIonad Teicneolaíochta Glan, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí (CTC-CIT) - Leanadh den chlár Savour Food a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm go náisiúnta faoina gcuirtear tacaíocht shaincheaptha ar fáil chun réitigh le dul i ngleic le dramhaíl bia a chur i bhfeidhm a oireann go háirithe do riachtanais aonair gnóthaí rannpháirteacha (€98,550)
  • Food Cloud - is éard atá i gceist leis an tionscadal seo teicneolaíocht a fhorbairt a chuirfidh oibrithe deonacha ar an eolas faoi bharraíocht bia atá ar fáil agus an áit ina bhfuil agus faoin mbia is féidir le carthanachtaí áitiúla a thógáil. Áirítear ann chomh maith traenáil agus earcú daoine deonacha "laochra tarrthála bia" (€100,000)
  • Foodie Save – is chun aip le haghaidh fóin phóca a fhorbairt é seo faoina mbeidh gnóthaí san earnáil bia tráchtála ábalta an barrachas bia nach bhfuil díolta acu ag deireadh an lae oibre a dhíol agus an dramhaíl bia atá acu a laghdú dá réir. (€100,000)

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat