Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Molann an tAire Collins d’fheirmeoirí leas a bhaint as an mBeart Náisiúnta um Shábháilteacht Feirme

Mheabhraigh an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Niall Collins TD, d’fheirmeoirí iarratas a dhéanamh ar an mBeart Náisiúnta um Shábháilteacht Feirme 2026. Cuireann an Beart cúnamh deontais 60% ar fáil, faoi réir uaschostas incháilithe €100 in aghaidh an chlúdaigh seafta PTO, do cheithre chlúdach seafta PTO ar a mhéad. Tá feirmeoirí a bhain leas as an mbeart sna blianta roimhe seo incháilithe chun iarratas a dhéanamh arís i mbliana.

Ag labhairt dó faoin tábhacht a bhaineann le gardaí cosanta agus innealra á oibriú, dúirt an tAire Collins:

“Le dhá bhliain anuas, tharla dhá thionóisc mharfacha ar fheirmeacha na hÉireann de dheasca daoine dul i bhfostú i seaftaí PTO agus tharla gortuithe a d’athraigh saol daoine dá mbarr freisin. Tá clúdaigh seafta PTO réasúnta saor, ach tá siad ríthábhachtach chun cuidiú le tionóiscí tromchúiseacha a chosc agus daoine ag obair le tarracóirí agus le hinnealra. Is é is aidhm don bheart seo feirmeoirí a spreagadh chun a n-innealra feirme a sheiceáil agus, nuair is gá, infheistíocht a dhéanamh i gclúdaigh seafta PTO.”

Mar gheall ar luas an tseafta PTO, ní bheidh am ag duine freagairt má thagann an duine féin nó a chuid éadaí i dteagmháil leis an seafta agus é ag rothlú. Tá clúdaigh seafta PTO atá briste, damáistithe nó nach bhfuil feistithe i gceart chomh dainséarach céanna le seafta PTO gan gharda agus d’fhéadfaidís mothú bréagach cosanta a chruthú.

Agus é ag spreagadh feirmeoirí chun gníomhú anois chun an baol go dtarlódh tionóisc a bhainfeadh le trealamh faoi thiomáint PTO a chosc, dúirt an tAire Collins freisin:

“Táim ag impí ar fheirmeoirí a n-innealra feirme faoi thiomáint PTO a sheiceáil agus leas a bhaint as an mbeart seo chun aon chlúdaigh seafta PTO atá lochtach nó ar iarraidh a athsholáthar. Má táimid dáiríre faoi shábháilteacht feirme, ní mór dúinn deireadh a chur le húsáid aon innealra nó trealaimh feirme a bhfuil gardaí lochtacha air nó gardaí in easnamh air. D’iarrfainn freisin ar chomhairleoirí FAS dul i dteagmháil lena gcliaint feirmeoireachta maidir le sábháilteacht feirme agus iad a spreagadh chun leas a bhaint as an mbeart seo.”

Is é Dé hAoine, an 6 Samhain 2026, an dáta deiridh chun léirithe spéise agus éilimh ar íocaíocht faoin mbeart a chur isteach.

Chun iarratas a dhéanamh ar an mbeart, ní mór Léiriú Spéise a chur isteach sula gceannaíonn rannpháirtí na clúdaigh seafta PTO. Ní mór éilimh a chur isteach ar www.myagfood.ie.

Ní mór do chlúdaigh seafta PTO na caighdeáin atá leagtha amach sna Téarmaí agus Coinníollacha a chomhlíonadh. Ní mór “Íoctha” a bheith marcáilte ar gach sonrasc agus ní mór a lua iontu go gcomhlíonann na clúdaigh seafta PTO caighdeán EN 12965:2019.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar www.gov.ie/farmsafety.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat