Fáiltíonn an tAire Dooley roimh rannpháirtíocht dhearfach leis an earnáil bia mara i mBinn Éadair

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Dooley roimh rannpháirtíocht dhearfach leis an earnáil bia mara i mBinn Éadair

Thug an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht speisialta maidir le hIascaigh, Timmy Dooley TD, cuairt inniu ar Ionad Chuan Iascaigh Bhinn Éadair.

Léiríonn an chuairt ar Bhinn Éadair tiomantas leanúnach an Aire Dooley dul i dteagmháil go díreach le páirtithe leasmhara na hearnála bia mara in Éirinn trí shraith rannpháirtíochtaí ar fud sé Ionad Cuain Iascaigh na Roinne.

D’athdhearbhaigh an tAire Dooley a thiomantas oibriú leis an tionscal chun tacú le forbairt earnáil bia mara na hÉireann:

“Cuirim fáilte roimh an deis cuairt a thabhairt ar Bhinn Éadair inniu agus teagmháil dhíreach a dhéanamh le hoibreoirí san earnáil bia mara ó gach cearn d’Oirthuaisceart na hÉireann. Is cuan bisiúil bríomhar é Lárionad Chuan Iascaigh Bhinn Éadair, a chuireann go mór le gabhálacha éisc a dhéanann soithí Éireannacha agus a chuireann go mór le luach aschuir phróiseála bia mara na hÉireann.’

Thug soithí Éireannachan thart ar 2,500 tona de bhia mara i dtír i mBinn Éadair in 2024, ar fiú €13 mhilliún é, agus in 2023, shroich luach na n-aschur próiseála €332 mhilliún[1]. Tá réimse leathan gnólachtaí tráchtála sa chuan freisin, lena n-áirítear bialanna cáiliúla bia mara na hÉireann, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí turasóireachta, fóillíochta agus sóisialta. Le déanaí, tá an cuan ina phointe tuirlingthe go minic do shoithí atá i mbun obair shuirbhéireachta chun tacú leis an tionscal Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta.

Dúirt an tAire:

“Tá an-áthas orm a fheiceáil inniu, in ainneoin na ndúshlán a bhí ann le déanaí, go bhfuil an earnáil fós athléimneach. Tháinig méadú 4% ar OTI ón earnáil bia mara in 2024, go €1.24 billiún,[2] rud a léiríonn tiomantas na hearnála deiseanna a lorg trí nuálaíocht agus éagsúlú ar bhonn níos leithne ach a léiríonn freisin tacaíocht leanúnach an Rialtais don earnáil.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Dooley:

“Mar is léir i mBinn Éadair, gineann earnáil bia mara na hÉireann gníomhaíocht eacnamaíoch shuntasach atá ríthábhachtach d’inmharthanacht ár bpobal cósta. Dá bhrí sin, tá rún daingean agam leanúint de bheith ag plé go dearfach leis an tionscal ionas gur féidir linn, i dteannta a chéile, an bealach is fearr a chinneadh chun earnáil bia mara na hÉireann a fhorbairt go hinbhuanaithe.”

Minister Dooley Howth Fishery Habour Centre
An tAire Timmy Dooley ag Ionad Chuan Iascaigh Bhinn Éadair.

Nótaí do na heagarthóirí

[1] BIM Gnó an Bhia Mara 2024

[2] BIM Gnó an Bhia Mara 2024

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat