An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
rewFógraíonn an tAire Heydon go n-eiseofar íocaíochtaí faoin Scéim Deontais Chaipitil Bithmheatáin
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, go gcuirfear tús an tseachtain seo le híocaíochtaí chuig tionscadail ar éirigh leo faoin Scéim Deontais Chaipitil Bithmheatáin 2024.
Ag déanamh an fhógra, dúirt an tAire Heydon:
“Is cúis áthais dom a fhógairt go bhfuiltear ag súil go gcuirfear tús inniu le híocaíochtaí chuig tionscadail ar éirigh leo faoin Scéim Deontais Chaipitil Bithmheatáin, ar fiú beagnach €19 milliún í. Tá an maoiniú seo á tharraingt anuas trí Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh. Ó foilsíodh an Straitéis Bithmheatáin, d’aithin an Rialtas go raibh tacaíocht chaipitil ag teastáil chun tús a chur leis an earnáil, agus is mór an t-áthas dom gur féidir liom an tacaíocht sin a chur ar fáil trí na híocaíochtaí seo. Rinneadh measúnú ar gach iarratas agus ar an doiciméadacht tacaíochta, agus tá na híocaíochtaí á n-eisiúint anois. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an SEAI as a rannpháirtíocht agus as a saineolas maidir le reáchtáil na scéime.”
Dúirt an tAire Heydon freisin:
“Ó thaobh na talmhaíochta de, tá buntáistí soiléire ag baint le forbairt na hearnála Bithmheatáin in Éirinn ó thaobh rannchuidiú le baint amach na spriocanna fuinnimh in-athnuaite. Cuireann Bithmheatán bealach ar fáil freisin d’fheirmeoirí chun a bhfoinsí ioncaim a éagsúlú. Ba mhaith liom an earnáil a fheiceáil ag fás agus, dá bharr sin, deiseanna agus tairbhí a chur ar fáil don earnáil talmhaíochta.”
Dúirt an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O’Brien, TD:
“Is cloch mhíle thábhachtach é an lá inniu i gcur chun feidhme Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin na hÉireann, agus na chéad íocaíochtaí deontais chaipitil á n-eisiúint chuig tionscadail ar éirigh leo. Léiríonn na deontais seo tiomantas an Rialtais do thacú le baint amach sprioc na hÉireann suas le 5.7 teireavatuair de bhithmheatán a tháirgtear sa tír gach bliain. Tríd an sprioc seo a bhaint amach, tabharfar tairbhí suntasacha dár ngeilleagar, neartófar ár slándáil fuinnimh agus tacófar lenár gcuspóirí maidir le laghdú astaíochtaí. Beidh ról ríthábhachtach ag bithmheatán i ndícharbónú thimpeallacht thógtha na hÉireann, gníomhaíochtaí tionsclaíocha agus na hearnála iompair.”
Dúirt an tAire O’Brien:
“Ag féachaint chun cinn, is cúis áthais dom a dheimhniú go dtacóidh €200 milliún breise, a fuarthas tríd an bpróiseas don Phlean Forbartha Náisiúnta, leis an dara babhta de dheontais chaipitil do ghléasraí díleá anaeróbaigh. Táthar ag súil go n-osclófar an clár maoinithe seo níos déanaí in 2026 agus go leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 2030. Le chéile, cabhróidh na hinfheistíochtaí seo le córas fuinnimh níos glaine, níos sláine agus níos inbhuanaithe a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht.”
Treisíonn eisiúint na n-íocaíochtaí chuig na hiarratasóirí seo tiomantas an Rialtais do thacú le baint amach suas le 5.7 teireavatuair de bhithmheatán a tháirgtear sa tír faoi 2030. Tagann na híocaíochtaí seo ó mhaoiniú a fuair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh, tríd an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus an Digitithe (DPER). Tá na cistí beartaithe chun tacú le forbairt tosaigh an Bhithmheatáin in Éirinn.
Tá sé d’acmhainn ag na tionscadail seo amháin thart ar 10% de sprioc 2030 maidir le táirgeadh bithmheatáin, mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, a bhaint amach, agus beidh siad comhionann leis an méid fuinnimh téimh a theastaíonn ó 56,000 teach.
Nótaí
Tacaíonn an scéim seo le forbairt na hearnála bithmheatáin trí dheontas a chur ar fáil chun cabhrú le hinfheistíocht chaipitil i dtógáil gléasraí bithmheatáin nua agus in uasghrádú gléasraí bithgháis atá ann cheana.
Íocfar 20% de chostais iomlána na hinfheistíochta caipitil in aghaidh an iarratasóra le tionscadail rathúla, faoi réir uasmhéid maoinithe de €5 mhilliún in aghaidh an tionscadail.
Chuaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcomhpháirtíocht leis an SEAI chun saineolas teicniúil a chur ar fáil agus chun maoirseacht a dhéanamh ar riaradh na scéime.
Is féidir le hiarratasóirí a bhfuil aon cheisteanna acu ríomhphost a sheoladh chuig biomethanepilot@seai.ie.
Mar fhreagairt ar an gcur isteach ar an margadh fuinnimh domhanda, tá an tAE ag cur a Phlean REPowerEU chun feidhme. Tá Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an AE i gcroílár mhaoiniú REPowerEU. Tá an Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta forbartha ag an Rialtas chun go mbeidh Éire in ann maoiniú a fháil faoi Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an AE.
Iarratasóirí ar éirigh leo faoin Scéim Deontais Chaipitil Bithmheatáin, arna maoiniú trí REPowerEU agus NextGenerationEU.
|
Iarratasóir |
Contae |
Méid an Deontais |
|
Bia Energy |
Contae Baile Átha Cliath |
€3,892,812.73 |
|
Brookdale Biogas Ltd |
Contae Dhún na nGall |
€2,985,302.93 |
|
College Proteins Unlimited Company |
Contae An Mhí |
€2,412,022.15 |
|
Evergreen Agricultural Enterprises |
Contae Cill Dara |
€5,000,000.00 |
|
Glenmore Generation Ltd |
Contae Dhún na nGall |
€840,000.00 |
|
Lisheen Renewable Energy Ltd |
Contae Tiobraid Árann |
€3,564,075.45 |
|
Rockbrook A.D. Ltd |
Contae Laois |
€276,700.53 |
Tá maoiniú breise faighte ag an earnáil Bithmheatáin ón Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil (DCEE). Tá suas le €200 milliún ar fáil don dara babhta de dheontais chaipitil tríd an bpróiseas NDP/ICNF (Ciste Bonneagair, Dúlra agus Aeráide). Tá an DCEE anois sna céimeanna tosaigh d'fhorbairt na scéime a bheidh ar fáil chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don earnáil ó dheireadh 2026 agus a bheidh i bhfeidhm go dtí 2030.