Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon oscailt an tríú fuinneog iarratais do Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha ACRES

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu oscailt an tríú fuinneog iarratais do Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráide (ACRES).

Dúirt an tAire Heydon:

“Is gníomhartha comhshaoil comhlántacha tábhachtacha iad Gníomhaíochtaí Tírdhreacha agus leanfaidh siad de bheith amhlaidh. Tá siad ar fáil faoi chur chuige Comhair ACRES d’fheirmeoirí i limistéir gheografacha ardtosaíochta shainithe. Tá na gníomhartha sin ceaptha chun aghaidh a thabhairt, i measc saincheisteanna eile, ar bhainistiú speiceas ionrach, ar bhainistiú scrobarnach atá ag leathadh i bhféarach atá saibhir ó thaobh speiceas de, ar speicis atá faoi bhagairt agus ar chosaint cháilíocht an uisce. Ceapadh na Gníomhartha chun díriú ar shaincheisteanna comhshaoil a sainaithníodh sna scórchártaí le haghaidh íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí. Cuidíonn siad le rannpháirtithe cáilíocht ghnáthóige a gcuid talún a fheabhsú, rud a d’fhéadfadh scór na talún sin a ardú agus íocaíocht níos airde a thabhairt don rannpháirtí dá bharr.”

Lean an tAire air:

“I bhfianaise líon spreagúil na n-iarratas a fuarthas le linn na chéad agus an dara fuinneog iarratais, tá áthas orm oscailt an tríú fuinneog iarratais seo a fhógairt, díreach cúpla seachtain tar éis don dara baisc de cheaduithe maidir leis an dara fuinneog iarratais a bheith eisithe.”

Tá na sonraíochtaí deiridh ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, agus féadfaidh rannpháirtithe i gcur chuige Comhair ACRES iarratas a dhéanamh ar Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha trína bhFoireann Tionscadail Comhair.

Nótaí

  • Is é an Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráide (ACRES) an beart agra-chomhshaoil aeráide faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse 2023-2027.
  • Tá an Scéim á comhmhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus ag an státchiste náisiúnta.
  • Tá dhá chur chuige leis an Scéim:
  • ACRES Ginearálta, atá ar fáil go náisiúnta (lasmuigh den limistéar geografach ardtosaíochta mar a shainmhínítear thíos le haghaidh chur chuige Comhair ACRES), lena gcuirtear raon beart ar fáil, idir bhearta ar oideas agus bhearta bunaithe ar thorthaí; agus
  • Cur chuige Comhair ACRES, atá ar fáil d’fheirmeoirí i limistéir gheografacha ardtosaíochta shainithe. Taispeánann an léarscáil in Iarscríbhinn 1 de Théarmaí agus Coinníollacha ACRES don dá thráinse na hocht gcrios Comhair ACRES, agus tá Foireann Tionscadail Comhair ACRES i bhfeidhm i ngach crios chun cabhrú leis na rannpháirtithe.

Gníomhaíochtaí Tírdhreacha i gcur chuige Comhair ACRES

  • Is bearta spriocdhírithe iad Gníomhartha Tírdhreacha a dhíríonn ar shaincheisteanna amhail bainistiú speiceas ionrach, scrobarnach atá ag leathadh, speicis atá faoi bhagairt agus cosaint cháilíocht an uisce, agus a théann chun tairbhe don chomhshaol áitiúil dá réir.
  • Ceapadh na Gníomhartha Tírdhreacha sin chun díriú ar shaincheisteanna comhshaoil a sainaithníodh sna scórchártaí le haghaidh íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí agus atá ina gcúis le laghdú ar an scór a ghnóthaítear.
  • Ba cheart go bhfeabhsódh cur chun feidhme spriocdhírithe na ngníomhartha sin an scór bunaithe ar thorthaí a ghnóthaítear ar an bpáirc nó ar an gcoimíneacht sin sna blianta amach romhainn, rud a d’fhágfadh go méadófaí an íocaíocht.
  • Tá na sonraíochtaí deiridh ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Fuinneoga

iarratais ar Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha

  • Osclaíodh an chéad fhuinneog iarratais ar Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha an 18 Iúil 2025 agus ba é an 30 Meán Fómhair 2025 an dáta deiridh.
  • Le linn an dara fuinneog iarratais, ón 11 Feabhra 2026 go dtí an 29 Bealtaine 2026, eisíodh ceaduithe ina dhá mbaisc ar leith. Eisíodh an dara baisc go leictreonach an 30 Iúil agus eisíodh na cóipeanna crua an 4 Lúnasa.
  • Tá an tríú fuinneog iarratais oscailte anois.

Próiseas Iarratais

ar Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha

  • Féadfaidh rannpháirtithe i gcur chuige Comhair ACRES iarratas a dhéanamh ar Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha trína bhFoireann Tionscadail Comhair.
  • Féadfaidh an Fhoireann Tionscadail Comhair Plean Oibre Bliantúil um Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha a chruthú agus a chur isteach do rannpháirtithe i gcur chuige Comhair ACRES trí chóras mapála Generic Land Management (GLAM), atá á chothabháil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
  • Déanann an Fhoireann Tionscadail Comhair scagadh ar na Gníomhartha Tírdhreacha ansin sular féidir ceadú a eisiúint. Tagann an t-údarú le haghaidh Gníomhartha Tírdhreacha ceadaithe i bhfeidhm ar dháta eisiúna na litreach ceadaithe don Phlean Oibre Bliantúil um Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha.
  • Ní ceadmhach Gníomhaíochtaí Tírdhreacha a dhéanamh sula bhfaightear an litir cheadaithe, ionas gur féidir an scagadh iomlán agus na bailíochtuithe réamhcheadaithe a dhéanamh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat