Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Heydon glao ar fhianaise maidir le hinfheistíochtaí caipitil ar fheirmeacha a thacaíonn leis an talmhaíocht agus le húsáid talún i ndiaidh an comhbheartais talmhaíochta (CBT) 2027

Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, tar éis glao ar fhianaise a sheoladh inniu, ag iarraidh aighneachtaí, tuairimí agus nótaí tráchta maidir leis an raon reatha infheistíochtaí ar fheirmeacha a fhaigheann tacaíocht faoi Phlean Straitéiseach an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) 2023-2027 agus faoin Scéim Spriocdhírithe um Nuachóiriú Talmhaíochta (TAMS 3), chomh maith le hinfheistíochtaí nuálacha nua a d’fhéadfaí a mheas sa todhchaí chun tacú leis an aistriú chuig córais táirgthe atá níos inbhuanaithe.

Dúirt an tAire Heydon:

Tá an scéim reatha TAMS 3 scéim infheistíochta ar an bhfeirm faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) fíor-rathúil; tá breis agus trí oiread iarratas faighte go dtí seo i gcomparáid leis an scéim roimhe seo, agus tá níos mó ná €190 milliún íoctha cheana féin le feirmeoirí as infheistíochtaí a rinneadh ó mhí an Mheithimh 2024 i leith. Tá sé fíorthábhachtach, agus muid ag bogadh i dtreo timthriall nua den Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT), go mbaileoimis fianaise agus ceachtanna ó pháirtithe leasmhara maidir leis an scéim reatha, agus go ndíreoimis ag an am céanna ar nuálaíochtaí nua ag leibhéal na feirme. Beidh orainn freisin tosaíocht a thabhairt do na hinfheistíochtaí sin a thugann an toradh is mó i dtéarmaí inbhuanaitheachta eacnamaíche, comhshaoil agus sóisialta.

Agus aighneachtaí á ndéanamh acu, ba cheart do pháirtithe leasmhara ábhar a chur san áireamh a thacaíonn le hinfheistíocht i mbonneagair a bhaineann le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú don athrú aeráide i réimsí na talmhaíochta agus úsáid na talún, an fhuinnimh agus an uisce, chomh maith le suiteáil teicneolaíochtaí digiteacha sa talmhaíocht agus feirmeoireacht bheachtais, agus béim ar leith á leagan ar ghnéithe ar nós sábháilteacht feirme, leas ainmhithe agus bainistíocht cothaitheach.

Chuir an tAire Heydon béim ar an méid seo a leanas:

"Is príomhthosaíocht dom é go leanfaí de thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh feirme chun a ngnólachtaí feirme a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe don todhchaí. Tá ról ríthábhachtach ag infheistíocht chaipitil ar an bhfeirm ina leith seo. Iarraim go láidir ar gach páirtí leasmhar aiseolas a thabhairt mar fhreagra ar an nglao seo ar fhianaise, ós rud é go gcuirfidh sé ionchur ríthábhachtach ar fáil chun tacú leis an anailís ar thosaíochtaí infheistíochta na todhchaí.”

Beidh an glao ar fhianaise ar oscailt ón 15 Meán Fómhair 2026 go dtí 17:00 Dé hAoine, an 30 Deireadh Fómhair 2026.

Ní mór gach aighneacht a sheoladh trí ríomhphost chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag TAMSInvestments@agriculture.gov.ie

Tá sonraí iomlána faoin nglao ar fhianaise ar fáil ag ‘Glao ar Fhianaise – Infheistíochtaí Caipitil ar an bhFeirm’ (www.gov.ie).

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat