An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tugann an tAire Heydon suntas don chéad mhí d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus é ag obair ar chomhaid bheartais a bhaineann le hearnálacha agraibhia agus iascaigh an Aontais Eorpaigh i gceantair thuaithe agus chósta
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tharraing an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, aird inniu ar an obair a bhfuil sé i gceannas uirthi ó ghlac Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar an 1 Iúil.
Agus é ag trácht air sin, dúirt an tAire Heydon:
“Le linn na chéad mhí d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, bhí mo Roinn i mbun dianobair ar chomhaid bheartais a bhaineann go díreach leis na hearnálacha agraibhia agus iascaigh. Cuireann Uachtaránacht an AE deis ar fáil d’Éirinn cur le múnlú chlár oibre an AE agus oibriú leis na Ballstáit chun teacht ar chomhaontuithe maidir le cúrsaí beartais a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do theaghlaigh feirme agus d’iascairí, idir fhir agus mhná, in Éirinn agus ar fud an Aontais Eorpaigh.”
Le linn na chéad mhí d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, bhí an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ina cathaoirleach ar 14 chruinniú de mheithleacha na Comhairle ar raon saincheisteanna tábhachtacha beartais. Is cuid lárnach de phróiseas reachtach an AE iad na cruinnithe seo de mheithleacha na Comhairle, mar go ndéantar beartas a scrúdú agus a chaibidliú go mion iontu sula bpléann na hAirí é ar leibhéal na Comhairle.
Áirítear an méid seo a leanas ar phríomhbhuaicphointí beartais mhí Iúil:
- Dul chun cinn maidir leis an Rialachán um Leas Ainmhithe le linn Iompair – Is é is aidhm don rialachán seo leas ainmhithe a áirithiú le linn iompair, ní hamháin laistigh den AE ach lasmuigh de freisin. Leanfaidh Uachtaránacht na hÉireann de bheith ag obair chun an comhad a chur chun cinn, agus béim á leagan ar an ngá atá leis na rialacha a bhunú go daingean ar eolas eolaíoch agus teicniúil, agus leas á bhaint freisin as taithí agus dea-chleachtais na mBallstát.
- Rialachán maidir le Feirmeoireacht Orgánach – Leis an rialachán seo, beidh sé níos simplí na rialacha a leanúint agus níos soiléire iad a léirmhíniú, agus tacófar le fás leanúnach na hearnála orgánaí ar fud na hEorpa. Fáiltíonn Éire roimh an nuashonrú gníomhach atá á dhéanamh ar an treochlár maidir le feirmeoireacht orgánach faoi stiúir an Choimisiúin, agus tacóimid leis an obair sin freisin le linn na hUachtaránachta.
- An Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí a athchóiriú – Tá dul chun cinn nach beag déanta ar an leibhéal teicniúil maidir leis an rialachán seo, arb é is aidhm dó ualaí riaracháin ar fheirmeoirí a laghdú agus ardchaighdeáin a choinneáil ag an am céanna. Tá Uachtaránacht na hÉireann anois ag an gcéim ina bhfuil téacs comhréitigh á fhorbairt aici lena gcuirtear bonn láidir ar fáil chun dul i mbun plé le Parlaimint na hEorpa. Leis an téacs nuashonraithe, cuirfear solúbthacht spriocdhírithe ar fáil do na Ballstáit agus, ag an am céanna, caomhnófar creat coiteann CEM atá dírithe ar an margadh.
- Mná sa talmhaíocht a chur chun cinn – Is í seo Bliain Idirnáisiúnta na Feirmeora Mná, agus tá Uachtaránacht na hÉireann tiomanta d’aird a dhíriú ar ról na mban sa talmhaíocht agus ar an méid a chuireann siad le todhchaí na hearnála. Ba mhaith le hUachtaránacht na hÉireann feasacht ar an gceist seo a mhéadú agus a chinntiú go mbeidh sí mar bhonn eolais do mhachnamh na mBallstát ar chineál an CBT tar éis 2027.
Bhí an tAire Heydon ina chathaoirleach ar chruinniú mhí Iúil den Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh sa Bhruiséil níos luaithe an mhí seo. I measc na n-ábhar a pléadh bhí straitéis nua an Choimisiúin maidir le beostoc agus a phlean próitéine, ról na mban sa talmhaíocht, chomh maith le plé spriocdhírithe ar thábhacht thásca geografacha faoi chosaint an AE sa trádáil. Bhí sé i mbun plé freisin le coistí Pharlaimint na hEorpa um thalmhaíocht, um iascach agus um an gcomhshaol.
Ba iad an tAire Heydon agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air as Iascach, Timmy Dooley TD, a d’óstáil Cruinniú Neamhfhoirmiúil na nAirí Iascaigh i gCorcaigh an tseachtain seo caite. D’fhreastail Costas Kadis, an Coimisinéir Eorpach um an Iascach agus um na hAigéin, agus Paulo do Nascimento Cabral FPE, Leas-Chathaoirleach an Choiste um Iascach i bParlaimint na hEorpa, ar an gcruinniú freisin. Pléadh ag an gcruinniú conas athnuachan ó ghlúin go glúin a chur chun cinn san iascach agus sa dobharshaothrú, agus béim ar leith á leagan ar an earnáil a dhéanamh níos inmharthana agus bealaí a chruthú do dhaoine óga agus do mhná atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha in earnáil an bhia mara.
Agus é ag trácht ar thosaíochtaí Uachtaránacht an AE don tréimhse atá romhainn, dúirt an tAire Heydon freisin:
“Tá sé ríthábhachtach an plé maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta nua a thabhairt chun cinn. Tá CBT láidir atá maoinithe go leordhóthanach tábhachtach chun tacú le táirgeadh bia, le pobail tuaithe agus le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach earnáil agraibhia na hEorpa. Ar an gcaoi chéanna, tá Comhbheartas Iascaigh láidir atá maoinithe go leordhóthanach ríthábhachtach do thodhchaí inbhuanaithe earnáil an bhia mara agus ár bpobal cósta.”
“Táim ag súil freisin le Cruinniú Neamhfhoirmiúil na nAirí Talmhaíochta a thionól i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair. Díreofar sa phríomhphlé ar thodhchaí na feirmeoireachta beostoic san Eoraip. Tabharfaidh an cruinniú deis freisin láidreachtaí na hÉireann sa talmhaíocht féarbhunaithe, sa taighde, sa nuálaíocht agus i dtáirgeadh inbhuanaithe bia a léiriú.”