Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Iarrann an tAire Heydon ar gach feirmeoir buiséad farae a ullmhú

Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil a Roinn ag obair go dlúth le Teagasc maidir leis an Suirbhé Náisiúnta Farae agus mhol sé do gach feirmeoir buiséad farae a ullmhú, rud a chuideoidh leo na bearta cuí a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh dóthain stoic farae acu don gheimhreadh atá romhainn.

Tagann teachtaireacht an Aire mar fhreagairt ar an aimsir thirim leanúnach agus ar na dúshláin maidir le fás féir atá roimh fheirmeoirí ar fud na tíre, dúshláin atá thar a bheith tromchúiseach in oirthear na tíre.

Dúirt an tAire:

“Aithním an tionchar atá ag an triomach leanúnach ar fheirmeacha. Cé nach bhfuil aon ghanntanas farae ann faoi láthair, tá cur isteach suntasach ar fhás féir. De réir mhonatóireacht Teagasc, bhí fás féir don bhliain reatha 5% os cionn mheán na gcúig bliana go dtí deireadh mhí Iúil. Mar sin féin, mar gheall ar easnaimh thromchúiseacha taise san ithir (> 70 mm) in oirthear na tíre, tá na rátaí reatha fáis féir níos lú ná 10 kg d’ábhar tirim in aghaidh an heicteáir, agus tá na rátaí fáis thart ar 20 kg d’ábhar tirim in aghaidh an heicteáir sa deisceart agus 50 kg d’ábhar tirim in aghaidh an heicteáir san iarthar.”

Tá tús curtha ag Teagasc le sonraí a bhailiú don Suirbhé Náisiúnta Farae. Mar a rinneadh sna blianta roimhe seo, déanfar measúnú sa suirbhé ar na stoic farae atá ar fáil don gheimhreadh atá romhainn.

Dúirt an tAire freisin:

“Iarraim ar gach feirmeoir buiséad farae a ullmhú, rud a chuirfidh bonn eolais faoi Shuirbhé Náisiúnta Farae Teagasc. Táthar ag súil le torthaí an tsuirbhé seo níos déanaí an mhí seo agus cuirfidh siad bonn ar fáil d’fheirmeoirí agus don tionscal i gcoitinne chun measúnú a dhéanamh ar staid fhoriomlán an tsoláthair farae ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach. Nuair a chuirfear torthaí an tsuirbhé seo ar fáil, déanfar breithniú ar aon bhearta breise is gá, lena n-áirítear an Coiste Náisiúnta Farae agus Slándála Bia a thabhairt le chéile arís.”

Idir an dá linn, is í comhairle Teagasc do gach feirmeoir beostoic leanúint de thomhais féir a dhéanamh gach seachtain chun soláthar féaraigh agus rátaí fáis a mheas. Caithfear easnaimh sa soláthar féaraigh a chúiteamh trí mheascán de shadhlas féir agus d’fhorlíonta dlúthbhia a úsáid, agus spriocanna bainistíochta féaraigh an fhómhair á gcur san áireamh freisin. Caithfear stoic bheatha don gheimhreadh a chur san áireamh freisin agus cinntí á ndéanamh maidir le straitéisí forlíonta.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon:

“Molaim do gach feirmeoir a mbuiséad farae féin a ullmhú chun na bearta is gá a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh dóthain farae ann don gheimhreadh atá romhainn. Tá na buiséid farae sin ag éirí níos tábhachtaí i bhfianaise an laghdaithe ar fhás féir de dheasca an triomaigh le déanaí agus chun bonn eolais a chur faoi aon bhearta breise a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun a chinntiú go mbeidh dóthain farae ann ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach araon.”

Is féidir le gach feirmeoir buiséad farae dá bhfeirm a ullmhú ar PastureBase anseo nó trí theagmháil a dhéanamh lena gcomhairleoir áitiúil.

Iarrtar ar fheirmeoirí na buiséid sin a chur i gcrích faoin 21 Lúnasa.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat