Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire Heydon cuairt ar an Ríocht Aontaithe chun mairteoil na hÉireann a chur chun cinn

Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, cuairt ar an Ríocht Aontaithe inniu, i gcomhar le Bord Bia, le haghaidh sraith cruinnithe chun tacú le hearnáil mairteola na hÉireann agus chun í a chur chun cinn sa mhargadh onnmhairiúcháin is tábhachtaí dá cuid. Is í an Ríocht Aontaithe an margadh is tábhachtaí i gcónaí do tháirgí agraibhia na hÉireann, agus b’ionann luach na n-onnmhairí chuig an margadh sin agus €8.1 billiún in 2025. Is í mairteoil na hÉireann ár bpríomhonnmhairiú agraibhia chuig an Ríocht Aontaithe, agus tháinig méadú 19% ar a luach i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, go €1.7 billiún in 2025. Ó 2021 i leith, tá méadú 60% tagtha ar luach onnmhairí mairteola na hÉireann chuig an Ríocht Aontaithe.

Ag trácht ar a chuairt, dúirt an tAire Heydon:

“Bhí ríméad orm an deis a fháil cuairt a thabhairt ar an Ríocht Aontaithe inniu chun eolas díreach a fháil ar dhálaí reatha an mhargaidh do mhairteoil na hÉireann sa Ríocht Aontaithe agus ar na hionchais atá ann dár n-onnmhairí a fhorbairt tuilleadh. In Éirinn, táirgimid an mhairteoil fhéarbheathaithe is fearr ar domhan. Thug an chuairt seo deis dom bualadh le cuid de na príomhsholáthraithe agus de na príomhcheannaitheoirí a bhíonn ag plé le mairteoil na hÉireann, chun tuiscint a fháil ar an gcaoi ar féidir linn leanúint de sheasamh na hÉireann i measc príomhchustaiméirí sa Ríocht Aontaithe a chosaint agus a neartú.”

Mar fhocal scoir, dúirt sé:

“Chuir mo chuairt béim ar ár dtiomantas do mhargadh na Ríochta Aontaithe agus ar ár dtiomantas d’fhéachaint leis an gcaidreamh seo a neartú.”

Bhí trí ghné ag baint leis an gcuairt ar Birmingham. Chas an tAire le hionadaithe thar ceann príomhsholáthraithe agus príomhphróiseálaithe i dtionscal an bhia chun staid reatha mhairteoil na hÉireann i margadh na Ríochta Aontaithe agus na hionchais atá ann di a phlé, agus chun béim a leagan ar thiomantas na hÉireann do tháirge den chéad scoth a sholáthar don tionscal. Chas an tAire le heagraíochtaí ionadaíocha chun eolas a fháil faoi na forbairtí is déanaí sa mhargadh agus chun na dúshláin agus na deiseanna sna blianta amach romhainn a phlé. Ina theannta sin, chas an tAire le príomhcheannaitheoirí in earnáil mairteola na hÉireann, lena n-áirítear ceannaitheoirí d’óstáin, do bhialanna agus don earnáil seirbhíse bia ardleibhéil, chun béim a leagan ar thiomantas na hÉireann don mhargadh.

Dúirt Jim O’Toole, Príomhfheidhmeannach Bhord Bia:

“Is í an Ríocht Aontaithe an margadh mairteola is gaire, is mó agus is luachmhaire d’Éirinn, agus teastaíonn rannpháirtíocht leanúnach agus caidrimh láidre trádála chun ár seasamh a chosaint. Tráth a bhfuil athrú mór ag teacht ar fud an mhargaidh, tá sé thar a bheith tábhachtach go leanfaimid de bheith i láthair, go n-éistfimid lenár gcustaiméirí agus lenár gcomhpháirtithe, agus go dtuigfimid na deiseanna agus na dúshláin atá roimh earnáil mairteola na hÉireann agus earnáil mairteola na Breataine araon. Treisíonn cuairt an Aire Heydon tiomantas fadtéarmach na hÉireann don mhargadh agus do mhairteoil Éireannach fhéarbheathaithe ar ardchaighdeán a sholáthar do chustaiméirí.”

Nótaí don Eagarthóir
Rangaíodh an Ríocht Aontaithe sa chéad áit i measc na gceann scríbe d’onnmhairí agraibhia na hÉireann in 2025, agus luach €8.1 billiún ar na honnmhairí; b’ionann sin agus 39% d’onnmhairí agraibhia na hÉireann de réir luacha, agus b’ionann méid na n-onnmhairí agus 4.8 milliún tonna. Ó thaobh luacha de, is ionann sin agus méadú 11% (+€803 milliún) i gcomparáid le 2024 (€7.3 billiún in 2024). Ó thaobh toirte de, b’ionann sin agus méadú 4%, nó +180,808 tonna, i gcomparáid le 2024 (4.7 milliún tonna). In 2015, b’fhiú €5.3 billiún na honnmhairí chuig an Ríocht Aontaithe; is ionann sin agus méadú 53% (+€2.8 billiún) le deich mbliana anuas, agus tháinig méadú 29% ar an toirt ó 3.7 milliún tonna (+1.1 milliún tonna).

In 2025, ba í an mhairteoil an chuid ba mhó de luach onnmhairí agraibhia na hÉireann chuig an Ríocht Aontaithe, ar luach €1.7 billiún (193,803 tonna). Den mhéid sin, ba í mairteoil úr/fhuaraithe gan chnámh an líne táirge ba mhó ó thaobh luacha de, ar luach €1 billiún (105,142 tonna). Ba í mairteoil reoite gan chnámh an dara líne táirge ba mhó, ar luach €376 milliún (46,751 tonna).

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat