Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Stiúrthóir nua ceapaithe ar bhord Coillte ag Aire Stáit Collins

Tá Daniel Sheils ceapaithe mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar bhord Coillte ag Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Niall Collins TD. Tá an ceapúchán seo socraithe i gcomhairle le Jack Chambers, an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digiteachú.

Ag cur fáilte roimh an gceapaí nua, dúirt an tAire Collins:

Tá Daniel Sheils ceapaithe mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar bhord Coillte ag Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Niall Collins TD. Tá an ceapúchán seo socraithe i gcomhairle le Jack Chambers, an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digiteachú.

Ag cur fáilte roimh an gceapaí nua, dúirt an tAire Collins:

Ceapadh Daniel Sheils ar feadh tréimhse cúig bliana ó 9 Meán Fómhair 2026 tar éis phróisis earcaíochta oscailte ag Boird Stáit.

Ag cur fáilte roimh an gceapúchán, dúirt Cathaoirleach Coillte, Vivienne Jupp:

“Ar son an bhoird, tá athas orm fáilte a chur roimh Daniel Sheils, comhalta nua ar bhord Coillte. Tá taithí suntasach agus saineolas sa teicneolaíocht, ceannaireacht agus i gclaochlú na hearnala poiblí ag Daniel a dhaingneoidh ról maoirseachta an bhoird.”

Chríochnaigh an tAire Collins:

"Mar chomhlacht stáit foraoiseachta freagrach as bhainistiú ar 440,00 hectáir taillte foraoisithe den chuid is mó, tá Coillte lárnach i dtairgeadh tráchtála adhmad Éireannach agus tá ról thabhachtach aige i seachadadh ár spriocanna aeráide náisiúnta. Is táirge nádúrtha agus inathnuaite é adhmad agus tá ról aige maidir le carbón a stóráil agus a aistriú ón atmaisféar. Comh maith leis an ról atá ag Coillte i nginiúint fuinnimh ar thalamh, cuirean sé go díreach lenár spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach. Tá moladh ag dul go Coillte freisin mar gheall ar a pholasaí foraoiseachta oscailte agus mar gheall ar spásanna caitheamh aimsire a chur ar fáil d’ár pobail. Guím gach rath ar an gceapaí nua agus ar an mbord go léir maidir lena gcuid iarrachtaí.”

Nótaí

Daniel Sheils

D’Oibrigh Daniel Shiels i róil éagsúla mar Stiúrthóir Bainistíochta ar Accenture le breis is 20 bliain, ar na mallaibh ag treorú Tionscadal Seirbhís Poiblí Accenture in EMEA ó 2022. Is Stiúrthóir Cairte é atá faofa ag Institúid na Stiúrthóirí an Ríocht Aontaithe agus ceann de na sé Stiúrthóirí Accenture Ireland Ltd, ag tabhairt ceannaireacht ar leibhéal an bhoird laistigh d’eagraíocht trádála mór le breis is 6,000 fostaithe.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat