An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Cás nua Galar Gormtheanga aimsithe i gContae Loch Garman
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Dheimhnigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuarthas tástáil dearfach le haghaidh víreas galartheanga séiritíopa -3 (BTV-3) tar éis scrúdú iarbháis[i] ar bhodóg sé mhí dhéag d’aois nach raibh vacsaínithe. Tá an tréad i gCo Loch Garman agus ní raibh aon comharthaí cliniciúla aimsithe roimh bás an ainmhí.
Seo an chéad chás BTV-3 aimsithe in Éirinn inar tharla an ionfhabhtú in 2026. Léiríonn sé cé chomh tábhachtach is a bhfuil sé básanna gan mhíniú a chur in iúl do Saotharlann Réígiúnach Tréidliachta na Roinne.
Ba mhaith leis an Roinn a chur i gcuimhne arís d’fheirmeoirí nach bhfuil vacsaíniú déanta acu gur cheart dóibh dul i gcomhairle lena tréidlia príobháideach chun cinneadh a dhéanamh maidir le oiriúnacht a dtréad don vacsaíniú. Is fiú fós macnamh ar vacsaíniú in aghaidh BTV-3. Is é vacsaíniú fós an beart is éifeachtaí i gcoinne an ghalair.
Tá BTV-3 ag scaipeadh ar fud na Breataine I láthair na huaire. De réir tuairiscí tá alán cásanna le comharthaí cliniciúla éagsúla ina n-áirítear básanna caorach agus eallaí, le formhór na gcásanna fós in iardheisceart Sásana agus an Bhreatain Bheag. Braitheadh é freisin in Albain ar na mallaibh.
Nótaí
Níl aon bhaol ag baint le galar gormtheanga don sláinte poiblí. Níl aon tionchar ag Gormtheanga ar sláínte daonna nó sláinte bhia; tá feoil agus bainne slán le haghaidh ithe agus ól.
- Is féidir víreas BTV-3 a scaipeadh chuig eallaigh, caoirigh agus athchogantaigh eile ag míoltóg, trí mheán ionfhabhtú trasphlacainteach in ainmhithe torracha agus trí thairgí gheirmeacha cosúil le seamhain. Ní féidir leis an ghalar macasamhlú ach amháin nuair atá an meánteocht laethúil níos airde ná 12 céim.
- Tá trí vacsáín BTV-3 faofa le haghaidh úsáid in Éirinn.
- Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Ghormtheanga, ina n-áirítear sin comharthaí cliniciúla agus conas briseadh amach amhrasta a thuairisciú, ag www.gov.ie/bluetongue
[i] ú