Oscailt Bhliain 3 de Scéim Leasa na gCaorach fógarthe ag an Aire Creed
- Foilsithe: 13 Eanáir 2019
- An t-eolas is déanaí: 10 Aibreán 2020
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, go gcuirfear tús leis an tríú bliain de Scéim Leasa na gCaorach an 2 Feabhra 2019. Clárófar rannpháirtithe atá sa scéim cheana féin go huathoibríoch do bhliain 3 agus ní bheidh aon gá dóibh aon ghníomh a ghlacadh más mian leo fanacht sa scéim.
Dúirt an tAire Creed:
"Cuirtear tacaíocht ar fáil d'fheirmeoirí faoi Scéim Leasa na gCaorach chun tabhairt faoi ghníomhartha a rachaidh chun leasa folláine an tréada. Eiseoidh mo Roinn bearta eolais go luath chuig rannpháirtithe na scéime ina mbeidh téarmaí agus coinníollacha na scéime 2019 chomh maith le leabhair Thaifeadta Gnímh."
Táthar ag glacadh le hiarratais anois le bheith páirteach i mbliain 3 de Scéim Leasa na gCaorach ó iontrálaithe nua ar fheirmeoireacht caorach. Chun críocha na scéime, sainmhínítear iontrálaí nua ar fheirmeoireacht caorach mar iarratasóir a bhfuil iarratas déanta aige ar uimhir thréada nua ón 1 Eanáir 2018 agus roimh an 31 Nollaig 2018, nó iarratasóir a bhfuil uimhir thréada aige cheana féin ach nár choinnigh caoirigh ná nár thrádáil caoirigh ar feadh tréimhse dhá bhliain suas go dtí an 31 Deireadh Fómhair roimh bhliain na scéime.
Mhol an tAire Creed do gach iarratasóir de chuid na scéime agus do gach iontrálaí nua incháilithe a gcuid foirmeacha a sheoladh ar ais faoin 1 Feabhra.
CRÍOCH
Nótaí d'eagarthóirí:
Is féidir teacht ar fhoirmeacha iarratais trí theagmháil a dhéanamh le rannóg Scéim Leasa na gCaorach ag sheepscheme@agriculture.gov.ie nó tríd an Deasc Chabhrach maidir le hÍocaíochtaí Díreacha ag 076 1064420.
Dé hAoine an 1 Feabhra 2019 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.