An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Ráiteas maidir le Téarmaí Tagartha do Staidéar ar Fhoraoiseacht i gContae Liatroma
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá sé deimhnithe ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil na Téarmaí Tagartha do staidéar neamhspleách ar fhoraoiseacht i gContae Liatroma tugtha chun críche. Is iad an Dr Áine Ní Dhubháin agus an Dr Julie Ballweg ó UCD a bheidh i gceannas ar an staidéar. Bhuail an tAire leo chun na pleananna atá acu don staidéar atá coimisiúnaithe ag a Roinn a phlé.
Is iad na Téarmaí Tagartha ná:
- na tionchair shóisialta a bhaineann le foraoiseacht i gContae Liatroma a mheas lena n-airítear dearcthaí inter alia na ndaoine a mhaireann ann i leith na foraoiseachta. Beidh an measúnú seo bunaithe ar chomhairliúcháin le feirmeoirí na háite, le daoine nach feirmeoirí iad agus le páirtithe leasmhara eile
- an tionchar atá ag foraoiseacht ar an ngeilleagar i gContae Liatroma a mheas lena n-áirítear fostaíocht iomlán atá á tacú ag an earnáil
- tionchar na foraoiseachta ar ioncaim feirmeacha a mheas le hais cineálacha eile feirmeoireachta
- aschuir na foraoiseachta i gContae Liatroma a mheas gan adhmad san áireamh
- staid reatha na rialála comhshaoil maidir le foraoiseacht i gContae Liatroma a mheas
Cuimseofar an contae iomlán sa staidéar agus déanfar dearcthaí daoine agus réimse leathan tionchar mar gheall ar fhoraoiseacht a mheas. Beidh an measúnú seo bunaithe ar chomhairliúcháin le feirmeoirí na háite, le grúpaí ionadaíocha agus le páirtithe leasmhara eile;
Beidh comhairliúcháin phoiblí ina ngné lárnach den staidéar agus beidh an Dr Ní Dhubháin agus a foireann ag fógairt tuilleadh sonraí go luath maidir le sonraí na gcomhairliúchán seo, lena n-airítear aighneachtaí i scríbhinn chomh maith le comhairliúcháin san áit. Mar phointe tosaigh, tá láithreán gréasáin ar leith curtha ar bun ina mbeifear in ann aighneachtaí luatha a chur isteach– is féidir teacht ar an láithreán gréasáin anseo.
Táthar ag súil go bhfoilseofar an tuarascáil deiridh faoi Lúnasa 2019.
CRÍOCH